Ag Tosú

Ceanglaítear múinteoirí le scoláirí agus tuismitheoirí ar an ardán scoilbhunaithe ClassDojo trí chultúr dearfach seomra ranga a chothú, glór a thabhairt do scoláirí agus eispéiris teagaisc agus foghlama a roinnt le tuismitheoirí. Féach na naisc thíos chun cabhrú leat tús a chur leis an ardán a úsáid:

Ag tosú le ClassDojo

ClassDojo a chur i láthair scoláirí den chéad uair

Foirm toilithe ClassDojo

Gnéithe na bPunann Digiteach ag úsáid ClassDojo

Is féidir ClassDojo a úsáid i scoileanna chun forbairt a dhéanamh ar phunanna digiteacha. Féach na naisc thíos chun eolas a fháil ar phunanna ClassDojo agus ar aiseolas éifeachtach a thabhairt ar an ardán.

Cainéal YouTube ClassDojo

Ar chainéal YouTube ClassDojo, tiocfaidh tú ar go leor físeán eolais agus físeán teagaisc do theaghlaigh, scoláirí agus múinteoirí, chomh maith le smaointe le haghaidh ClassDojo a úsáid sa seomra ranga. Féach an nasc thíos:

Cainéal  YouTube ClassDojo

ClassDojo a úsáid le haghaidh na Foghlama Cumaisc 

Cabhraíonn ClassDojo leat cumarsáid a dhéanamh le gach teaghlach agus scoláire i do scoil tríd an bhfoghlaim chumaisc. Féach na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcianteagasc le ClassDojo:

Pleanáil le haghaidh na foghlama cumaisc le ClassDojo

 Léargas ginearálta ar an bhfoghlaim chumaisc

Treoir don scoláire ar logáil isteach sa bhaile

Leideanna do mhúinteoirí maidir leis an gcianfhoghlaim a bhaineann leis an scoil ar fad