gairmthreoir

English

Tugann an cinneadh chun filleadh ar an oideachas mar dhuine fásta, roghanna saoil nua duit chomh maith le deiseanna oideachais. Leis an oiread sin cúrsaí ar fáil, is féidir leis a bheith deacair fios a bheith agat cé acu atá ceart duitse.

Cuirimid treoir oideachais agus gairme neamhchlaonta ar fáil saor in aisce dóibh siúd atá ag smaoineamh ar bhreisoideachas agus oiliúint agus staidéar fochéime. Cuirimid treoir ar fáil chomh maith do mhic léinn ar chúrsaí breisoideachais agus oiliúna ETB Dhún na nGall.

Tá sé mar thosaíocht againn tacaíocht a thabhairt do dhaoine fásta a bhraitheann nár éirigh chomh maith sin leo ar scoil agus a bhfuil an dara seans uathu cur lena gcuid oideachais. Tacaímid freisin leo siúd atá ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh chun a n-ionchais fostaíochta a fheabhsú trí oideachas agus oiliúint.

Cuirimid rochtain ar fáil rochtain dár seirbhísí treorach atá ar fáil sna hoifigí treorach ETB Dhún na nGall i Leitir Ceanainn agus i mBaile Dhún na nGall agus ar bhonn for-rochtana trí choinne a dhéanamh sa Chlochán Liath agus i mBun Cranncha.

Is féidir le Seirbhís Treorach agus Faisnéise do Dhaoine Fásta i mBord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall cabhrú leat:

  • do scileanna, spéiseanna agus spriocanna sa saol a aithint.

  • do roghanna oideachais agus oiliúna agus bealaí chun bogadh chun tosaigh a fhiosrú.

  • fadhbanna a d'fhéadfadh a bheith ag cur bac ort a shárú.

  • teacht ar an tacaíocht atá uait chun do spriocanna a bhaint amach.

"Bhí mé i mo shuí sa bhaile ag smaoineamh 'Níl mé ag dul áit ar bith' go dtí gur cuireadh mé i dtreo bhur sheirbhís. Anois tá a fhios agam go bhfuil mé ar an mbealach ceart. Ní féidir liom dóthain buíochais a ghabháil libh, ní raibh aon tuairim agam go raibh an oiread sin roghanna amuigh ann."

Déanaimid seo trí na rudaí seo a leanas a chur ar fáil:

  • timpeallacht ómósach fáiltiúil.

  • eolas ar chúrsaí, oiliúint agus maoiniú ó sholáthraithe áitiúla oideachais agus oiliúna náisiúnta agus idirnáisiúnta.

  • spéis, pearsantacht agus measúnú gairme.

  • seisiúin treorach duine le duine le Treoirchomhairleoir trí ach coinne a dhéanamh leo.

  • rochtain ar líonra eagraíochtaí oiliúna, leasa agus tacaíochta pearsanta chun tacú le do dhul chun cinn.

Más mian leat labhairt le duine d’fhoireann Treorach agus Faisnéise ETB Dhún na nGall faoi na roghanna gairme atá ar fáil duit, is féidir leat ríomhphost a chur chucu ag: adultguidance@donegaletb.ie

Is féidir leat an fhoirm ghearr ar líne seo a chomhlánú agus a chur isteach freisin agus glaofaidh siad ar ais ort.