conas a dhéanaimid do shonraí a phróiseáil?

English

Nuair a dhéanann tú iarratas ar chúrsa le ETB Dhún na nGall, is féidir leat do cuid sonraí a chur isteach i FETCH nó d’fhéadfaimis iarraidh ort Foirm Shonraí an Fhoghlaimeora a líonadh amach. Bailítear agus próiseáiltear an fhaisnéis a thugann tú dúinn trí PLSS. Is comhthionscadal é an PLSS idir SOLAS agus Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (‘ETBI’). Is éard atá i PLSS ná sraith feidhmchlár bogearraí atá deartha chun cur chuige comhtháite a sholáthar maidir le bailiú agus próiseáil Sonraí Pearsanta úsáideoirí clár PLSS agus FET arna gcistiú trí SOLAS (nó páirtithe eile), agus aschuir, torthaí agus feidhmíocht na gclár sin.


Ós rud é go bhfuilimid mar chuid de shamhail mhaoinithe bunaithe ar thorthaí le SOLAS, tabhair faoi deara le do thoil go ndéanfaidh ETB Dhún na nGall teagmháil le mic léinn tar éis 3 seachtaine agus b’fhéidir 5 mhí tar éis críochnú an chúrsa chun torthaí do chúrsa a fháil amach, agus bheimis an-bhuíoch as do chuid chomhoibriú i dtaobh bailithe na sonraí seo lenár gcuid maoiniú a chinntiú amach anseo.

Cén fheidhm atá ann leis na sonraí a bhailítear?

Tá dhá fheidhm leis na sonraí a bhailítear:

  1. Oibríochtúil: Tá ceanglas reachtúil ar SOLAS cumarsáid a dhéanamh le foghlaimeoirí agus leis na Rannpháirtithe PLSS eile chun an earnáil FET in Éirinn a mheas faoin Acht Breisoideachais agus Oiliúna (‘An tAcht FET’). Caithfidh na sonraí incháilitheacht na bhfoghlaimeoirí agus na n-iarratasóirí freastal ar chúrsaí FET a dhéanamh amach agus measúnú a dhéanamh ar a n-infhostaitheacht. Chomh maith leis sin éascóidh na sonraí do SOLAS freastal ar éilimh mhargadh an tsaothair chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht an tsoláthair FET a chomhordú agus a mheas i gcomhlíonadh a fheidhmeanna reachtúla san Acht FET.

  2. Tuairisciú: Ligfidh na sonraí do SOLAS éifeachtacht agus éifeachtúlacht na hearnála FET in Éirinn a chomhordú agus a mheas (mar atá sainordaithe ag an Acht FET). Tá dualgas reachtúil, ag leibhéal an fhoghlaimeora FET, ar SOLAS tuairisciú ar an oideachas/oiliúint agus ar an maoiniú a fhaigheann foghlaimeoirí. Acmhainn atá ag SOLAS le tuarascálacha cuí, feasacha agus cuimsitheacha a sholáthar chun cabhrú leis an earnáil FET freastal ar éilimh mhargadh an tsaothair agus comhordú cumasach a dhéanamh ar earnáil FET éifeachtach in Éirinn. Ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach, ní mór do SOLAS tuairisciú (mar cheanglas reachtúil maidir le maoiniú) ar an earnáil FET de bhun Rialachán ESF 1. Go dtí 2027, faoin gClár um Infhostaitheacht, um Chuimsiú agus um Fhoghlaim 2014-2020 (‘PEIL’), ní mór do SOLAS údar a thabhairt don chómhaoiniú CSE (ESF) atá á lorg aige tríd an Roinn Oideachais agus Scileanna mar thuairisciú. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach iniúchadh randamach a dhéanamh ar SOLAS chomh maith chun éileamh CSE na hÉireann ar mhaoiniú a fhíorú agus a bhailíochtú.

An gá na sonraí céanna a bhailiú do gach foghlaimeoir ar gach cúrsa?

Is gá, iarrtar ar gach foghlaimeoir FET atá gafa le chúrsa atá maoinithe ag SOLAS de chuid an ETB na réimsí sonraí céanna a chomhlánú. Cuireann sé seo ar chumas an ETB a sholáthar a thuairisciú agus a léiriú go cruinn agus tacú lena n-oibleagáidí dlíthiúla maidir le riachtanais iniúchta agus maoinithe.

Cén fáth a bhfuil an t-eolas seo de dhíth orainn?

Is gá sonraí pearsanta a phróiseáil faoi iarratas, agus freastal duine, ar chlár FET arna mhaoiniú ag SOLAS. Is í SOLAS (An tSeirbhís Oideachais agus Scileanna) an ghníomhaireacht Stáit a bhfuil sé de chúram uirthi earnáil Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) den scoth a thógáil chun todhchaí na hÉireann a spreagadh.

Féadfar sonraí an iarratasóra a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

  1. Chun teagmháil a dhéanamh leo faoina n-iarratas

  2. A n-iarratas a riar agus incháilitheacht do chlár FET arna mhaoiniú ag SOLAS i mbliain ar leith a mheas

  3. Bealaí cumarsáide a choinneáil leis an iarratasóir tar éis an t-iarratas a fháil mar is gá

  4. Taifead an fhoghlaimeora a chothabháil (lena n-áirítear sonraí pearsanta agus sonraí an chúrsa)

  5. Bainistíocht ar phróisis an chúrsa (lena n-áirítear tosú, críochnú agus forchéimniú)

  6. Comhairle agus tacaíocht a sholáthar trí Sheirbhísí Treorach an tsoláthraí FET nuair atá siad ar fáil

  7. Teagmháil a dhéanamh le foghlaimeoirí tar éis críochnú an chúrsa chun tionchar an chúrsa a thomhas maidir le rannpháirtíocht agus/nó fostaíocht breisoideachais agus oiliúna

  8. Torthaí an chláir FET a rianú, a mheas agus a mheasúnú

Cé a bhfuil rochtain acu ar na sonraí in PLSS?

Is é SOLAS an t-aon ghníomhaireacht amháin a mbeidh rochtain aici ar an tacar sonraí iomlán (lena n-áirítear sonraí íogaire a iarrtar i gcuid 5 den Fhoirm Sonraí Foghlaimeora).

Ní bheidh rochtain ag aon ETB nó ionad ETB ach ar na sonraí a chomhlíonfaidh sé féin le PLSS (rannáin 1-4 ón bhFoirm Sonraí Foghlaimeora agus ní sonraí íogaire i gcuid 5 a bhaineann le cúlra eitneach agus cultúrtha, etc.) de réir a fheidhmeanna agus a fhreagrachtaí faoina bhunghníomhartha reachtacha faoi seach.

Cé a mbeidh rochtain acu ar chomhaid aonair foghlaimeora?

Beidh rochtain ag an duine/na daoine san ETB atá freagrach as an gcúrsa a bhainistiú agus ag foghlaimeoirí agus iad ag glacadh páirte ar an gcúrsa ar chomhaid foghlaimeora aonair.

Seachas SOLAS, cé hiad na páirtithe a bhfuil fáil acu ar na sonraí?

Tá sainorduithe reachtúla le comhlíonadh ag na Rannpháirtithe PLSS eile maidir le soláthar FET in Éirinn. I measc na bpáirtithe faoi láthair tá: Na Boird Oideachais agus Oiliúna, An Roinn Oideachais agus Scileanna, An Roinn Coimirce Sóisialaí, an QQI agus an tÚdarás um Ard-Oideachas.

Cathain a roinnfí m’eolas?

Chun tacú le próiseáil éifeachtach an iarratais, d’fhéadfadh go mbeadh ar ETB cruinneas na faisnéise pearsanta a chuirtear ar fáil le foinsí seachtracha sonraí a sheiceáil, mar shampla:

  1. Aitheantas iarratasóra a fhíorú

  2. Deimhniú íocaíochta ón RCS(DSP) nó Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP/PPSN)

  3. Faisnéis bhreise a fháil chun incháilitheacht le haghaidh díolúine ó tháillí a chinneadh

  4. Ag fíorú críochnú an staidéir roimhe seo

Cad iad na sonraí a fheiceann siad?

  • Is féidir le SOLAS na sonraí foghlaimeora go léir ó rannáin 1-5 a fheiceáil ar an bhfoirm sonraí foghlaimeora, lena n-áirítear sonraí íogaire.

  • Feiceann na Boird Oideachais agus Oiliúna (ETBanna) sonraí sa PLSS a bhaineann le rannáin 1-4 den fhoirm sonraí foghlaimeora chun ligean dóibh an clár FET a sholáthar agus a riar.

  • Faigheann an Roinn Oideachais agus Scileanna roinnt sonraí faoi fhoghlaimeoirí PLC: ainm, seoladh, cód an chúrsa agus UPSP (PPSN).

  • Faigheann an Roinn Coimirce Sóisialaí aiseolas ar phointí teagmhála le linn shaolré iarratasóra/foghlaimeora na gcliant a atreoraíonn siad chuig an ETB.

  • Faigheann an QQI na sonraí a theastaíonn chun an deimhniú a éileamh don fhoghlaimeoir.

  • Ina theannta sin, samhlaítear go n-úsáidfear an UPSP chun ceann scríbe na bhfoghlaimeoirí FET a shainaithint ar chríochnú an chúrsa FET dóibh, agus é mar aidhm leis na torthaí ón idirghabháil FET a fháil amach.