tacaíocht airgeadais

English

In go leor cásanna, tá an oiliúint saor in aisce dár gcúrsaí lánaimseartha.

Go deimhin, d’fhéadfá a bheith i dteideal Liúntas Oiliúna.

Tá cúrsaí oiliúna lánaimseartha trí Oiliúnachtaí, Oiliúint i Scileanna Sonracha agus an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS) saor in aisce do gach mac léinn.

Tá soláthar páirtaimseartha tríd an Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI) saor in aisce dóibh siúd a cháilíonn (féach an chuid faoin BTEI thíos le haghaidh tuilleadh sonraí).

Oiliúnachtaí agus Scéimeanna VTOS

Tugann na cláir seo deis do mhic léinn páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna lánaimseartha. Is féidir leo siúd a fhaigheann íocaíocht leasa shóisialaigh leanúint d'íocaíochtaí a fháil agus iad ar a gcúrsa. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh go mbeadh mic léinn i dteideal liúntais taistil agus béilí freisin (d’fhéadfadh roinnt coinníollacha a bheith i gceist).

*Tá líon beag sainchúrsaí ann a bhféadfadh costais ghaolmhara a bheith ag baint leo.

Printíseachtaí

Fad is atá siad ag freastal ar Chéim 2, faigheann printísigh liúntas oiliúna agus féadfaidh siad a bheith i dteideal liúntais lóistín nó taistil.

Tá faisnéis faoi íocaíochtaí oiliúna lasmuigh den láthair agus liúntais do phrintísigh ceardaíochta ar fáil ar shuíomh gréasáin náisiúnta maidir le Giniúint na bPrintíseach: www.apprenticeship.ie

Iar-Ardteistiméireacht

Gearrtar táille clárúcháin €100.00 ar chúrsaí PLC. Clúdóidh an táille clárúcháin costas leabhar, scrúduithe agus fótachóipeála.

Tá na catagóirí rannpháirtithe seo a leanas díolmhaithe ó tháille scrúdú QQI €50 a íoc:

  • Sealbhóirí cárta leighis iomlán ina gceart féin agus a leanaí cleithiúnacha

  • Iad siúd atá incháilithe faoin scéim deontas mac léinn

  • Iad siúd a fhaigheann an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (BTEA)

An Tionscnamh um Fhilleadh ar Oideachas (BTEI)

Cuireann BTEI cúrsaí páirtaimseartha ar fáil do dhaoine atá 18 mbliana d’aois agus níos sine nach bhfuil aon oideachas foirmiúil dara leibhéal acu.

Tá na cúrsaí saor in aisce do rannpháirtithe (nó a gcleithiúnaithe) a bhfuil:

  • níos lú ná oideachas dara leibhéal uachtarach nó

  • atá ag fáil íocaíocht cuardaitheora poist nó íocaíocht leasa shóisialaigh de réir tástála acmhainne nó

  • ag fáil forlíonadh ioncam teaghlaigh nó

  • cárta leighis a bheith agat nó

  • atá ag obair le leibhéil ísle scileanna a bhfuil gá acu cur lena gcuid scileanna lena ngairm bheatha a chur chun cinn.


I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh táillí a bheith i gceist fós. Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le ETB Dhún na nGall ar 074 9164199.

Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (BTEA)

Má tá tú dífhostaithe, i do thuismitheoir aonair nó faoi mhíchumas agus ag fáil íocaíochtaí áirithe ón Roinn Coimirce Sóisialaí is féidir leat páirt a ghlacadh i gcúrsa dara nó tríú leibhéal agus Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (BTEA) a fháil. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil nó tabhair cuairt ar www.welfare.ie

Clár Ógtheagmhála

Tá an clár seo saor in aisce dóibh siúd a d’fhág an scoil luath nó atá idir 16 agus 20 bliain d’aois. Íocfar liúntas oiliúna le mic léinn: €45.00 in aghaidh na seachtaine dóibh siúd atá idir 16 agus 17 mbliana d’aois agus €208 (le roinnt eisceachtaí) in aghaidh na seachtaine dóibh siúd atá 18 mbliana d’aois agus níos sine. Tá liúntais taistil agus béilí ar fáil freisin. Is féidir leat oibriú go páirtaimseartha agus tú ar Ógtheagmháil gan cur isteach ar do liúntas oiliúna.

Ranganna Oíche (Soláthar Páirtaimseartha Seirbhísí Oiliúna)

Is féidir le mic léinn atá ag fáil Íocaíocht Roinn Coimirce Sóisialaí a bheith i dteideal tarscaoileadh táille ag brath ar an gcineál íocaíochta atá siad ag fáil. D’fhéadfadh go mbeadh daoine atá ag obair i dteideal tarscaoileadh/laghdú táillí faoi Scileanna le dul chun Cinn. D’fhéadfadh go mbeadh roinnt costas sa bhreis bainteach le ranganna oíche páirtaimseartha dóibh siúd atá fostaithe. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Seirbhísí Oiliúna ar 074 9120500.

Tacaíocht Uilíoch do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI)

Is é SUSI údarás dámhachtana náisiúnta na hÉireann le haghaidh deontas ardoideachais agus breisoideachais. Braithfidh méid iomlán an deontais a bhfuil mac léinn i dteideal ar ioncam ináirithe an mhic léinn. Is féidir leat an Áiritheoir Incháilitheachta a sheiceáil ar shuíomh Gréasáin SUSI le fáil amach an gcomhlíonann tú na critéir chun deontas a fháil.

De ghnáth braitheann incháilitheacht ar na nithe seo a leanas:

  • Ní mór duit a bheith i do náisiúnach Éireannach, AE/LEE nó Eilvéiseach, nó cead faoi leith fanacht sa Stát agus ní mór duit a bheith i do ghnáthchónaí in Éirinn, san AE/LEE nó san Eilvéis ar feadh 3 bliana de na 5 bliana seo caite.

  • Ní mór duit a bheith ag dul chun cinn i do chuid oideachais (ag méadú do leibhéal oideachais ar an CFC) agus ní mór duit a bheith ag freastal ar chúrsa ceadaithe in institiúid cheadaithe.

  • I gcásanna áirithe, d’fhéadfá a bheith incháilithe le haghaidh maoinithe mar mhac léinn dara sheans sa chás gur fhreastail tú ar chúrsa (ach nár chríochnaigh) agus go raibh sos 5 bliana ón staidéar agat ónar fhág tú an cúrsa.

Maoiniú Mac Léinn

Is suíomh gréasáin inúsáidte de chuid an Rialtais é Airgeadas Mac Léinn a sholáthraíonn foinse faisnéise i dtaobh tacaíocht airgeadais don bhreisoideachas agus don ardoideachas.

Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar www.studentfinance.ie

An Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (NCS)

Cuireann an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (NCS) tacaíocht airgeadais ar fáil chun cabhrú le do chostais chúram leanaí. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar an bhfóirdheontas anseo trí úsáid a bhaint as do MyGovID.

Chun an fóirdheontas a d’fhéadfadh tú a bheith incháilithe dó a chinneadh, cuir do shonraí isteach san Áireamhán Fóirdheontas Cúraim Leanaí ar shuíomh Gréasáin an NCS.

Íocfar an fóirdheontas go díreach le do sholáthraí cúram leanaí. Bainfidh do sholáthraí d’fhóirdheontas as do bhille cúram leanaí ansin.

Ciste do Mhic Léinn faoi Mhíchumas (FSD)

Tá an Ciste do Mhic Léinn faoi Mhíchumas (FSD) ar cheann de na príomhfhoinsí maoinithe do mhic léinn faoi mhíchumas. Cinntíonn an ciste go mbíonn an cúnamh agus an trealamh riachtanach ag mic léinn incháilithe ionas gur féidir leo a bheith rannpháirteach ar bhonn comhionann le mic léinn eile. D’fhéadfá a bheith i dteideal tacaíochta faoin FSD fiú mura bhfuair tú rochtain ar an gcoláiste tríd an scéim Bealach Rochtana ar Oideachas do Dhaoine faoi Mhíchumas (Scéim DARE).

Leithdháiltear maoiniú ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall chun tacú le riachtanais an mhic léinn mar a chinntear ag measúnú riachtanas. Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall freagrach as an maoiniú a bhainistiú agus tá lánrogha aige maidir le conas a leithdháiltear an FSD. Ní mór duit do mhíchumas a chlárú le Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall. Beidh ort fíorú leighis ar do mhíchumas a thaispeáint (mar shampla, tuairisc comhairleora).

Déanfaimid measúnú riachtanas ansin chun na tacaíochtaí cuí a theastaíonn a aithint (ní féidir leat iarratas a dhéanamh go díreach chuig an FSD, déanann Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall an t-iarratas ar do shon).

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le ETB Dhún na nGall ar 0749120500