eolas acadúil

English

Lámhleabhar faoin Ionracas sa Saol Acadúil

Tá an Lámhleabhar nua faoin Ionracas sa Saol Acadúil seolta ag ETBI. Forbraíodh an lámhleabhar sin ar bhonn plé agus taighde ar ionracas acadúil agus ar an méid atá i gceist leis i gcás na mac léinn in earnáil na mBord Oideachais agus Oiliúna agus in earnáil an Bhreisoideachais agus na Breisoiliúna. Tá sé ina aidhm leis an lámhleabhar sin buneolas faoi phrionsabail an ionracais acadúil a chur ar a súile do na mic léinn agus is féidir leis cur le foghlaim agus le dul chun cinn ó thaobh gairme de amach anseo.

Is féidir leat teacht ar chóip den treoir ach cliceáil anseo..

Cover page of the Donegal ETB Student Charter

Cairt na Mac Léinn

Leagann Cairt na Mac Léinn ETB FET Dhún na nGall amach ár luachanna agus cuireann creat ar fáil a ligeann duit, mic léinn eile, ár bhfoireann, agus oiliúnaithe eolas agus tuiscint a bheith agaibh ar freagrachtaí a chéile.

Tá sé bunaithe ar coincheap an chomhoibrithe idir mic léinn agus foireann an FET. Tugann sí breac-chuntas air:

  • Cad é ar chóir duit a bheith ag súil leis uainn

  • Cad é atá ETB Dhún na nGall ag súil leis uait

ETBI FET digital library home page

Leabharlann Digiteach ETB na hÉireann

Tugann Leabharlann Digiteach ETBI rochtain duit ar acmhainní i dtaobh:

  • Scileanna staidéir

  • Scríobh acadúil

  • Gairmeacha

  • Sláinte agus folláine

  • Ríomheabhair

  • Suíomhanna úsáideacha

  • Eolas ar ghairmeacha

  • Físeáin molta

  • Eolas ar sheirbhís na leabharlanna poiblí agus neart topaicí eile.

diagram of the NFQ levels with descriptions. levels 1-6 are highlighted

Le haghaidh mioneolas i dtaobh na saghsanna cúrsaí agus leibhéil a chuirimid ar fáil, tabhair cuairt ar ár, bpríomhshuíomh gréasáin.

Saghsanna cúrsaí agus leibhéil

Creatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí (NFQ) deartha chun ligean do mhic léinn cáilíochtaí a chur i gcomparáid agus a rangú thar dheich leibhéal ó na céimeanna tosaigh foghlama go dtí na céimeanna is airde. Tá gach leibhéal bunaithe ar chaighdeáin atá comhaontaithe go náisiúnta ar cad cad é is cóir a bheith ar eolas ag an duine, ar cóir dóibh a thuiscint agus ar cóir dóibh a bheith in ann a dhéanamh ag deireadh an chláir foghlama.

Cuireann Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall raon clár Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ar fáil dóibh siúd ar mian leo cáilíochtaí aitheanta a bhaint amach agus tosú ar a dturas san fhoghlaim ar feadh an tsaoil.

Tá réimse na gclár againn ó Leibhéil 1-6 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí agus tá roghanna ar fáil ar feadh na bliana ar bhonn lánaimseartha agus páirtaimseartha, i rith an lae agus um thráthnóna.

Má tá eolas nó taithí agat ar d’ábhar cheana féin, féach le do thoil ar an bpróiseas Aitheantas ar Réamhfhoghlaim (RPL) ar ár bpríomhshuíomh gréasáin.

Trí aitheantas foirmiúil a fháil don eolas atá agat cheana is féidir leat:

  • páirt a ghlacadh nó rochtain a fháil ar chúrsa ag an leibhéal ceart nó

  • iarratas a dhéanamh ar ghradam fhoirmiúil (teastas) a sholáthróidh fianaise ar do chuid scileanna agus eolais.

Foras Cáiliúcháin

Foras náisiúnta atá i bhforas cáiliúcháin a bhfuil an t-údarás aige cáilíocht a bhronnadh chun do chuid foghlama a aithint. Tá roinnt eagraíochtaí bronnta náisiúnta ann a bhfuil dámhachtainí san áireamh acu insan NFQ, ina measc Cáilíocht agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit (SEC) a chreideann an Teastas Sóisearach agus an Ardteistiméireacht. Áiríodh eagraíochtaí bronnta ar nós City and Guilds agus cáilíochtaí tionscail gairmiúla ar leith in Éirinn agus sna RA san NFQ chomh maith.

Cuirimid cláir QQI as a dtagann mórghradaim faoin gComhchóras Dámhachtainí (CAS) ar fáil, mar aon le roinnt dámhachtainí neamh-QQI a chur ar fáil, mar City & Guilds, ITEC/VTCT, CompTIA, Cumann na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte (ACCA), Microsoft, ICS Skills agus eile.

Scéimeanna Grádaithe agus Achomhairc

Grádáil QQI

Ag leibhéil 1-3, grádaítear mic léinn idir iadsan ar éirigh leo nó nár éirigh leo. Ceaptar gur éirigh le mic léinn nuair a léiríonn siad gnóthachtáil na dtorthaí foghlama go léir.

Ag leibhéil 4-6, grádaítear feidhmíocht mac léinn i ngach modúl mar Pas, Tuilleamas nó Gradam:

Gradam D 80% - 100%

Tuilleamas M 65% - 79%

Pas P 50% - 64%

Ní gráid chríochnaitheacha nó oifigiúla iad go dtí go mbeidh siad faofa ag an mBord Ceadaithe Deimhnithe (CAB) tar éis dearbhú seachtrach. Tarlaíonn an deimhniú sé huaire sa bhliain, i mí Feabhra, Aibreán, Meitheamh, Lúnasa, Deireadh Fómhair agus Nollaig.

Labhair le do mhúinteoir nó le do chomhordaitheoir cláir le haghaidh tuilleadh eolais ar do shainchlár agus ar a chlár ama.

Grádáil City & Guilds

I gcúrsaí City & Guilds, braitheann an grádú ar an dámhachtain. Go hiondúil is é Pas nó Teip an grádú, ach is féidir Fiúntas agus/nó Gradam a bheith ag roinnt aonad. Labhair le do mhúinteoir nó le do chomhordaitheoir cláir le haghaidh tuilleadh eolais ar do chlár sonrach agus ar a chóras grádaithe.

Achomharc ar Ghrád a lorg

Tá sé de cheart ag scoláirí achomharc a dhéanamh maidir lena dtorthaí mura n-aontaíonn siad leis an mbreithiúnas measúnaithe atá déanta. Féadfaidh measúnóirí achomhairc atá neamhspleách ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid scripteanna measúnaithe. Sa chás go seastar lena n-achomharc, cuireann ETB Dhún na nGall an comhlacht dámhachtana ábhartha ar an eolas faoin ngrád leasaithe.

Le haghaidh tuilleadh sonraí ar an nós imeachta achomhairc, féach le do thoil ar Roinn 12, leathanach 18, den doiciméad Córas DC (QA) an QQI: Measúnú Cáilíochta d’Fhoghlaimeoirí a Dhearbhú..

Tá sé de cheart ag mac léinn achomharc a dhéanamh ar chinneadh nó aiseolas a lorg maidir le Rochtain, Aistriú agus Forchéimniú mura bhfuil siad sásta le haon chuid den phróiseas iarratais. Le haghaidh tuilleadh sonraí ar an bpróiseas achomharc, féach Beartas ETB Dhún na nGall ar Rochtain, Aistriú agus Forchéimniú.