Tá d’aidhm ag an acmhainn idirghníomhach seo tacú le múinteoirí agus iad ag tabhairt faoi chur chuige cumaiscthe i leith teagaisc, foghlama agus measúnú. Tugtar achoimre sna rannáin thuas ar cad is féidir a bheith i gceist leis an gcur chuige seo agus cuirtear roinnt moltaí praiticiúla agus cás-staidéar ar fáil chun aird a tharraingt ar na bealaí éagsúla is féidir le múinteoirí cuir chuig foghlama cumaisc a úsáid ina gcleachtas laethúil.

Céard is foghlaim chumaisc ann?

Is minic a úsáidtear ‘foghlaim chumaisc’ san oideachas, agus tugtar a lán sainmhínithe ar an téarma sin. San acmhainn idirghníomhach seo, breathnóimid ar fhoghlaim chumaisc tríd an sainmhíniú a mholann Garrison agus Kanuka (2004), a shainmhíníonn an cur chuige seo i leith teagaisc agus foghlama mar “the thoughtful integration of classroom face-to-face learning experiences with online learning experiences” (lch 96).

Agus a lán múinteoirí ag baint lántairbhe cheana féin as an bhféidearthacht a thugann teicneolaíochtaí digiteacha chun tacaíocht a thabhairt dá gcleachtais teagaisc, foghlama agus measúnaithe agus iad a fheabhsú, is cinnte nach coincheap nua í an fhoghlaim chumaisc i gcóras oideachais na hÉireann.

Mar a bhreathnaítear air sa chéad rannán eile den acmhainn idirghníomhach seo, tá samhlacha éagsúla ann ar féidir iad a úsáid chun an fhoghlaim chumaisc a leabú. Díreoimid ar shamhail na Malairte Foghlama agus ar an tsamhail Shaibhrithe. Fhíorúil go háirithe de bhrí, agus athbhreithniú cúramach déanta againn ar an litríocht sa réimse seo, go mbraithimid gurb iad an dá chur chuige sin is ábhartha dár gcomhthéacs in Éirinn le déanaí agus go n-éascaíonn siad an fhoghlaim laistigh den seomra ranga (bíodh sin go laethúil nó ar bhonn nach bhfuil chomh rialta sin más gá) agus sa bhaile.

Malairt Foghlama

Cuirtear coincheapa nó ábhar nua i láthair foghlaimeoirí sa bhaile agus caitear am ranga laethúil ar a bheith ag obair trí fhadhbanna, ag bogadh ar aghaidh go dtí coincheapa níos casta agus ag tabhairt faoi obair níos comhoibrithí agus foghlaim atá bunaithe ar thionscadail. An chaoi sin, déantar na róil thraidisiúnta do gach spás a ‘mhalartú’.

Saibhrithe Fíorúil

Breathnaíonn foghlaimeoirí ar thopaicí sa seomra ranga nó sa bhaile ar a luas féin. Is féidir na seisiúin aghaidh ar aghaidh sa seomra ranga a úsáid chun ábhar agus ionchais a thabhairt isteach nó, de rogha air sin, deiseanna foghlama gníomhacha a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí chun a n-eolas agus tuiscint ar ábhar a mbreathnaítear air sa bhaile a phlé agus a chur i bhfeidhm. Le gníomhaíochtaí atá bunaithe sa bhaile is féidir ábhar nua a chur i láthair foghlaimeoirí, nó cur leis an bhfoghlaim sa seomra ranga, tacú léi nó í a threisiú. Tá sé difriúil le cur chuige na Foghlama Malairte mar féadfaidh sé nach mbeidh foghlaimeoirí ag freastal ar sheisiúin aghaidh ar aghaidh gach lá.

Cén fáth ar cheart dul i mbun na foghlama cumaisc?

I measc na bpríomhbhuntáistí a bhaineann le samhlacha na foghlama cumaisc dá dtagraítear thuas tá:

  • Rannpháirtíocht: Trí idirghníomhú le léachtaí físeáin neamhshioncrónacha lasmuigh de thimpeallacht an tseomra ranga, thiocfadh le foghlaimeoirí a bheith níos muiníní agus ullmhaithe nuair a bheidh siad ag glacadh páirt i ndíospóireachtaí sa rang (Kim et al., 2014)

  • Idirghníomhaíocht: Cuidíonn úsáid na teicneolaíochta le foghlaimeoirí idirghníomhú go héasca le gach pobal taobh istigh agus taobh istigh den seomra ranga (Roach, 2014; Kim et al., 2014)

  • Spreagadh: Tá an mhalairt foghlama tar éis cumhachtú, forbairt, agus ábaltacht foghlaimeoirí a chur chun cinn chun foghlaim go neamhspleách nó ar a luas féin (McLaughlin et al., 2013; Galway et al., 2014)

  • Gnóthachtáil: Tá sé níos éifeachtaí samhail na foghlama malairte a chur i bhfeidhm i gcomparáid le seomra ranga traidisiúnta i dtéarmaí gnóthachtáil foghlaimeoirí (Baepler et al., 2014)

  • Solúbthacht: Cuirtear solúbthacht mhór ar fáil do mhúinteoirí agus foghlaimeoirí maidir le hionad agus luas na foghlama, ag brath ar cén tsamhail den fhoghlaim chumaisc a roghnaíonn siad a úsáid.

Tacaíochtaí SFGM sa réimse seo.

Cliceáil ar an íomhá thuas chun gach suíomh a oscailt