Is straitéis an-choitianta í leabharmharcáil atá á húsáid ag oideachasóirí le blianta fada anuas. Go traidisiúnta d’úsáidtí nótaí greamaitheacha le téacsleabhair ranga nó dhéantaí cóipeanna crua d’acmhainní a dhathchódú i bhfillteán. (Gormley agus McDermot, 2010). Is féidir an cur chuige traidisiúnta seo a úsáid chomh maith nuair atáthar páirteach i bhfoghlaim chumaisc. Inniu tá an iliomad acmhainní ar fáil ar líne. Tá uirlisí leabharmharcála ar líne nó leabharmharcála sóisialta ríthábhachtach le haghaidh bainistiú éifeachtach na n-acmhainní digiteacha. Má úsáidtear iad is féidir eolas tábhachtach a ghabháil nó acmhainní a bhailiú agus a eagrú le húsáid ag am eile. Is léir an ghné shóisialta de leabharmharcáil shóisialta nuair a dhéantar ábhar agus acmhainní a chatalógú i mbailiúcháin agus a chomhroinnt le daoine eile.
Tá bunscoil tuaithe i gCúige Mumhan ag úsáid Chonairí Foghlama Scoilnet chun deiseanna foghlama a chur ar fáil do dhaltaí. Roghnaíonn múinteoirí acmhainní ó shuíomh Scoilnet agus eagraíonn siad iad ina seicheamh agus comhroinneann siad iad lena ndaltaí trí nasc a ghineann Scoilnet. Téann na daltaí ar an gconaire foghlama agus oibríonn siad trí shraith gníomhaíochtaí ar líne agus as líne. Nuair atá na gníomhaíochtaí curtha i gcrích, bíodh sin sa rang nó sa bhaile, is féidir breathnú ar an ábhar le linn am ranga chun coincheapa a chleachtadh agus a chur i bhfeidhm trí idirghníomhaíochtaí leis an múinteoir agus le comhdhaltaí.
Tá bunscoil mhór mheasctha i gCúige Laighean ag úsáid Chonairí Foghlama Symbaloo chun deis a thabhairt do dhaltaí ullmhú le haghaidh gníomhaíochtaí sa seomra ranga. Eagraítear rogha ábhar, a aimsítear ar líne agus a chruthaíonn na múinteoirí, ina gconaire foghlama. Cuireann na múinteoirí ceisteanna isteach ag céimeanna éagsúla den chonaire foghlama chun tuiscint a sheiceáil. Tá anailísíocht ionsuite ann a chuireann sonraí ar fáil do na daltaí agus na múinteoirí a úsáidtear ansin sa rang chun seiceáil le haghaidh tuisceana agus chun foghlaim a shíneadh.
Breathnaítear sna físeáin teagaisc ghairide thíos ar conas conairí foghlama a chruthú go héifeachtach, agus ansin iad a chomhroinnt le foghlaimeoirí atá in ann iad a úsáid sa bhaile.
Breathnaítear san fhíseán teagaisc gairid ar líne seo ar conas conaire foghlama a chruthú le Symbaloo. Is féidir le múinteoirí acmhainní a chur i dtoll a chéile go héifeachtach ar na conairí foghlama, agus ansin iad a chomhroinnt le foghlaimeoirí atá in ann iad a úsáid sa bhaile.
Breathnaítear san fhíseán teagaisc gairid ar líne seo ar conas conaire foghlama a chruthú le Google Slides. Breathnaítear leis freisin ar conas is féidir an chonaire foghlama a chomhroinnt le scoláirí ar Seesaw nó Google Classroom.
Nuair a úsáidtear uirlis mheasúnaithe ar líne mar chuid de chonaire foghlama nó ag a deireadh, is féidir leis a bheith ina bhealach éifeachtach agus tarraingteach chun dul chun cinn foghlaimeoirí a mheasúnú ar bhealach foirmitheach agus suimitheach araon. Tá samplaí de dhá uirlis mheasúnaithe dhigiteacha thíos. Tá níos mó físeáin teagaisc ar Chainéal YouTube Fhoireann Teicneolaíochtaí Digiteacha SFGM.
Is féidir le múinteoirí Google Forms a úsáid chun eolas agus tuiscint foghlaimeoirí a mheasúnú, iad a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama nó mar thicéad imeachta. Is féidir le múinteoirí anailís a dhéanamh ar an eolas chun foghlaim scoláirí a mheasúnú agus teagasc amach anseo a phleanáil.
Is uirlis mheasúnaithe bunaithe ar chluiche é Kahoot, ar féidir é a úsáid sa rang nó sa bhaile chun foghlaimeoirí a mheasúnú ar bhealach spraíúil agus idirghníomhach. Is féidir é a úsáid go haonarach nó i ngrúpaí agus sábháiltear torthaí ar líne i gcuntas an mhúinteora chun tagairt dóibh amach anseo.