I dtimpeallacht chumaisc tá físeán oideachasúil ar cheann de na teicneolaíochtaí is
tábhachtaí ar féidir leis rannpháirtíocht scoláirí a mhéadú (Kazanidis agus
Eleftherios, 2017).
Is féidir físeán a úsáid chun an fhoghlaim lasmuigh den seomra ranga a thabhairt
isteach, chun cur léi, agus chun í a neartú trí thascanna ar líne agus as líne.
Buntáistí a bhaineann le físeáin a úsáid i dtimpeallacht foghlama cumaisc:
Tagann foghlaimeoirí chun an ranga agus iad ullmhaithe agus le roinnt réamheolais acu.
Bíonn múinteoirí ar fáil chun tacú le foghlaimeoirí nuair is mó a theastaíonn siad uathu – ag cur tascanna i gcrích agus ag cur eolas i bhfeidhm.
Is féidir le foghlaimeoirí breathnú ar fhíseáin agus iad a athbhreithniú ar a luas féin.
Tá múinteoirí i nGaelscoil mhór ag comhoibriú chun taispeántais shimplí de choincheapa Mata a thaifeadadh a bheidh foghlaimeoirí in ann a athbhreithniú sa bhaile. Tógann siad grianghraf de gach céim den phróiseas agus déanann siad tráchtaireacht ar na straitéisí ag úsáid Adobe Spark Video. Déantar na físeáin seo a uaslódáil chuig Edpuzzle agus cuirtear ceisteanna éagsúla tríothu chun seiceáil le haghaidh tuisceana.
Tá múinteoir i nGaelscoil uirbeach ag iarraidh ceacht idirghníomhach a chruthú. Chruthaigh sé cur i láthair Google Slide ar Nearpod agus cuireann sé vótaí spéisiúla, boird chomhoibrithe agus topaicí Flipgrid leis chun rannpháirtíocht na bhfoghlaimeoirí a mhéadú a oiread agus is féidir. Chun bonn eolais a chur faoina cheacht, athbhreithníonn sé ansin obair na bhfoghlaimeoirí leis an uirlis mheasúnaithe roimh am teagmhála lena chuid foghlaimeoirí.
Is féidir le múinteoirí físeáin réamhdhéanta a úsáid mar mhodh chun topaic a thabhairt isteach agus/nó cur leis an bhfoghlaim. Leanann an múinteoir ar aghaidh ag cur cuid mhór den ábhar ar fáil le linn am teagmhála. I measc cuid de na foinsí seo tá CJ Fallon Videos, Khan Academy, National Geographic Kids agus Storyline Online, a fhiosraítear go léir anseo.
Déanann múinteoirí físeán a thaifeadadh bunaithe ar thopaic atá á fiosrú sa rang agus comhroinneann siad é leis na foghlaimeoirí roimh am teagmhála ranga trí ardán foghlama na scoile. Tagann na foghlaimeoirí chun an ranga le réamheolas ar an topaic agus tógann an múinteoir air sin. I measc uirlisí cruthaithe físeáin tá Adobe Spark, Flipgrid, Loom agus Screencast-o-matic.
Ligeann Seesaw, EdPuzzle agus Nearpod do mhúinteoirí físeán idirghníomhach a chruthú ina bhfuil ceisteanna agus leideanna le haghaidh eispéireas foghlaimeora ar a luas féin. Tagann na foghlaimeoirí chun an ranga le réamheolas ar an topaic agus éascaíonn an múinteoir tuilleadh foghlama. Is féidir leis na daltaí na físeáin seo a úsáid chomh maith chun tacú lena gcuid oibre as líne sa bhaile.
Nuair atáthar ag cruthú físeán teagaisc tá roinnt cúinsí ar fiú machnamh a dhéanamh
orthu:
Script a scríobh: tabharfaidh seo fócas do d’fhíseán agus cinnteoidh sé ailíniú le cuspóirí foghlama an cheachta.
Comhthéacs: déan machnamh ar aon tagairtí a d’fhéadfadh dáta d’fhíseáin a léiriú agus cosc a chur ar é a athúsáid amach anseo arís.
Ábhar: ba cheart d’íomhánna/acmhainní a úsáidtear i bhfíseáin a bheith gan chóipcheart agus ar fáil le comhroinnt/le hathúsáid.
Fad: ba cheart d’fhíseáin a bheith idir 3 agus 5 nóiméad chun spéis a uasmhéadú.
Fuaim: bí aireach faoi fhuaimeanna sa timpeallacht, chomh maith le soiléire, luas agus tuin.
Soilsiú: má tá tú ag taifeadadh beo, tabhair aghaidh ar fhoinse solais dhírigh.
Eagarthóireacht: is féidir iMovie nó Openshot a úsáid chun d’fhíseán a chur in eagar.
Físeáin bheochana: is féidir iad a chruthú ar shuíomhanna ar nós mysimpleshow, moovly, powtoon nó videoscribe.