Tascanna agus Aiseolas

Teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid chun aiseolas a thabhairt

Le déanaí, mar gheall ar dhúnadh scoileanna, bhí an teicneolaíocht ina héascaitheoir le haghaidh aiseolas éifeachtach nuair nach raibh roghanna eile aghaidh ar aghaidh indéanta. Is féidir le múinteoirí tascanna a chruthú agus a dháileadh go héasca, ag ligean d’fhoghlaimeoirí na tascanna atá socraithe a chur i gcrích.

Nuair atá siad sin curtha i gcrích agus curtha ar ais, is féidir le múinteoirí aiseolas agus treoir a chur ar fáil dá gcuid foghlaimeoirí. Cuireann sé sin ar chumas na múinteoirí agus foghlaimeoirí leanúint ar aghaidh le lúb an aiseolais i dtimpeallacht foghlama cumaisc.

Féach ar rannán an mheasúnaithe agus aiseolais ar leathanach gréasáin SFGM ar Chianfhoghlaim agus leathanach CNCM ar Mheasúnú Bunscoile le haghaidh tuilleadh eolais ar mheasúnú agus aiseolas éifeachtach.

Cás-Staidéar A

Úsáideann bunscoil bheag tuaithe DEIS i mbanda 1 Microsoft Teams chun tascanna foghlama cumaisc agus píosaí oibre a dhearadh agus a chruthú. Cruthaíonn múinteoirí teimpléad doiciméid Word le haghaidh tascanna éagsúla scríofa atá le críochnú sa bhaile. Tacaíonn múinteoirí le gníomhaíochtaí foghlama le linn am ranga agus ansin dáileann siad an teimpléad doiciméid Word ar gach dalta trí Microsoft Teams. Nuair a bheidh an doiciméad Word curtha i gcrích ag na daltaí cuireann siad an chéad dréacht dá gcuid scríbhneoireachta isteach. Tugann an múinteoir freagairt, ag úsáid na gné tráchtaireachta, ag tabhairt aiseolas éifeachtach chun daltaí a dhíriú ar chritéir ratha don tasc chomh maith le treoir a thabhairt maidir leis an gcéad chéim eile sa phróiseas scríbhneoireachta.

Cás-Staidéar B

Tá bunscoil mhór uirbeach ag úsáid Google Classroom mar Thimpeallacht Foghlama Fhíorúil chun obair daltaí a chruthú agus a shannadh. Úsáideann múinteoirí an ghné glór go téacs ar Google Docs chun aiseolas achomair a thabhairt ar obair thionscadail na ndaltaí. (Tabhair faoi deara: ní féidir an ghné glór go téacs a úsáid sa rannán tráchtaireachta in Google Docs agus mar sin beidh aiseolas le feiceáil sa phríomhdhoiciméad féin). Téann múinteoirí agus daltaí i mbun próiseas atriallach, ag déanamh dréachtaí agus ag tabhairt aiseolais ar obair thionscadail ar feadh coicíse. Tar éis an dréacht deiridh den tionscadal a fháil trí Google Classroom, úsáideann múinteoirí an ghné glór go téacs chun achoimre fhoriomlán ar obair na ndaltaí a thabhairt, ag sonrú réimsí feabhais chomh maith le haiseolas maidir le feabhsú amach anseo.

Físeáin Dea-Chleachtais: Teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid le haghaidh tascanna agus aiseolais

Measúnú agus aiseolas i Google Classroom

Is uirlis timpeallachta foghlama fíorúil iarmhartach é Google Classroom. Úsáidtear í chun tascanna agus tascanna a dhearadh, a chruthú agus a scaipeadh ar fhoghlaimeoirí. Trí Google Classroom, is féidir le múinteoirí aiseolas bríoch a dhéanamh le foghlaimeoirí.

Roinnt buntáistí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid le haghaidh aiseolais:

  • Is féidir é a thabhairt ó chian, ag sábháil am luachmhar sa seomra ranga.

  • Ligeann sé don mhúinteoir taifead a choinneáil ar aiseolas, ar féidir é a shábháil laistigh i bpunann digiteach ar phróifíl an fhoghlaimeora.

  • Is féidir leis rannpháirtíocht an fhoghlaimeora a fheabhsú trí threoir faoi leith a thabhairt maidir le conas píosa oibre a fheabhsú.

  • Nuair a úsáidtear é bunaithe ar chritéir ratha faoi leith, is féidir leis soiléiriú a thabhairt d’fhoghlaimeoirí maidir le cad é a bhfuiltear ag súil leis nó a theastaíonn.

Tascanna a chruthú

Anseo thíos tá dhá rogha fhéideartha is féidir le múinteoirí a úsáid chun obair a shannadh dá bhfoghlaimeoirí. Is iomaí sin ardán eile atá ar fáil freisin ina leith seo, agus tá siad ar fáil ar Leathanach SFGM ar Chianfhoghlaim.

Tascanna a chruthú in Google Classroom

Tá d’aidhm ag Google Classroom cruthú, dáileadh agus grádú tascanna gan pháipéar a shimpliú. Cabhraíonn Google Classroom leis an bpróiseas a bhaineann le comhaid a chomhroinnt idir múinteoirí agus foghlaimeoirí a chuíchóiriú.

Tascanna a chruthú in Microsoft Teams

Is é Microsoft Teams an mol le haghaidh comhoibriú in Office 365, a chomhtháthaíonn cumarsáid idir múinteoirí agus foghlaimeoirí, ábhar oideachasúil, agus uirlisí eile a theastaíonn le haghaidh foghlaim chumaisc ar nós tascanna a chruthú agus a dháileadh.

Uirlisí Digiteacha chun aiseolas a éascú

Aiseolas a chur ar fáil

San fhísghabháil scáileáin seo breathnaítear ar conas is féidir le múinteoirí tacú le foghlaimeoirí trí aiseolas a chur ar fáil do dhaltaí ag úsáid ClassDojo Portfolios.

Tráchtaireacht fuaime nó ghutha a chur ar fáil

San fhísghabháil scáileáin seo breathnaítear ar conas is féidir le múinteoirí tacú le foghlaimeoirí trí aiseolas fuaime nó tráchtaireacht téacs a chur ar fáil do dhaltaí le Seesaw.

Úsáidí an aiseolais téacs

Tá aiseolas téacsbhunaithe an-úsáideach chun aiseolas a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí ar obair atá curtha isteach acu trí ardán ar líne na scoile. Taispeántar san fhíseán seo conas aiseolas a chur ar fáil trí Microsoft Teams.

Aiseolas guth go téacs

Is gné úsáideach é guth go téacs ina lán cláir próiseála focal. Cé nach féidir leat an ghné seo a úsáid agus tú ag fágáil tráchtaireachtaí d’fhoghlaimeoir, féadfaidh sé a bheith úsáideach do mhúinteoirí ar bhealaí eile. Mar shampla, nuair atáthar ag tabhairt aiseolas ar obair foghlaimeora nó i dtimpeallacht RSO.

Tráchtaireacht fuaime nó ghutha a chur ar fáil

Is féidir aiseolas fuaime a úsáid mar mhodh chun aiseolas a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus in áit an aiseolais théacsbhunaithe níos traidisiúnta.

Tráchtaireacht fuaime nó ghutha a chur ar fáil

Is breiseán Chrome é Kaizena is féidir a úsáid chun aiseolas gutha a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí laistigh de Google Docs.

Tabhair faoi deara go gcaithfidh an múinteoir agus an foghlaimeoir araon an breiseán a ghníomhachtú sa Chonsól Riaracháin Google.

Tráchtaireacht fuaime nó ghutha a chur ar fáil

San fhísghabháil scáileáin seo breathnaítear ar conas is féidir le múinteoirí tacú le foghlaimeoirí trí aiseolas fuaime a chur ar fáil, ag úsáid dúch digiteach nó ag comhroinnt aiseolas scríofa le Microsoft One Note.

Cainéal YouTube Fhoireann Teicneolaíochtaí Digiteacha SFGM: Seinnliosta Measúnaithe agus Aiseolais

Tá seinnliosta YouTube cruthaithe ag an bhFoireann Teicneolaíochtaí Digiteacha d’fhísghabhálacha scáileáin ina léirítear conas rogha uirlisí digiteacha a úsáid chun tacú le measúnú agus aiseolas.

Uirlisí digiteacha chun tacú le tascanna agus aiseolas éifeachtach

Tá níos mó acmhainní agus samplaí d’uirlisí digiteacha chun tacú le measúnú agus aiseolas éifeachtach ar leathanach SFGM ar Mheasúnú agus Aiseolas.