Tá cainéal YouTube tiomnaithe ag an bhFoireann Teicneolaíochtaí Digiteacha chun a bhfíseáin teagaisc ghairide faoi uirlisí digiteacha a óstáil. I ngach físeán gairid breathnaítear ar uirlis dhigiteach faoi leith agus conas is féidir í a úsáid chun tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú agus iad a fheabhsú.
Tá rogha seinnliostaí againn ar ár gcainéal dar teideal:
Digital tools to support assessment and feedback
Digital tool tutorials
Digital tools suitable for online conferencing
Tá bhunscoil mhór in iarthar na hÉireann ag tosú ag dul i mbun foghlaim chumaisc agus is mian leo a scileanna in úsáid uirlisí digiteacha a fheabhsú chun tacú le cleachtais teagaisc agus measúnaithe ar fud na scoile. Cruinníonn siad le chéile mar fhoireann uair sa téarma agus tá socraithe acu go roghnóidh gach roinn ábhair uirlis dhigiteach éagsúil ó chainéal YouTube SFGM le breathnú air gach téarma. Anseo, breathnóidh siad ar an bhfíseán teagaisc ar líne, bainfidh siad triail as ina ranganna féin agus tuairisceoidh siad ar ais don hoireann ag an gcéad chruinniú eile maidir le cé chomh héifeachtach is a bhí an uirlis.
Ba mhaith leis na múinteoirí i mbunscoil i gCúige Mumhan a bheith ábalta aiseolas ó bhéal a thabhairt do na daltaí agus tá sé beartaithe acu an seinnliosta measúnaithe agus aiseolais ar chainéal YouTube Fhoireann Teicneolaíochtaí Digiteacha SFGM a úsáid chun breathnú ar fhíseáin teagaisc ghairide ar líne maidir leis na bealaí éagsúla ar féidir leo an aidhm seo a bhaint amach ag úsáid uirlisí digiteacha éagsúla. Déanfaidh múinteoirí cinneadh i gcomhar ansin cén uirlis dhigiteach is dóigh leo is fearr a fhreastalaíonn ar a riachtanais.