I d’aonar, déan athbhreithniú ar do chuid nótaí ón lá inniu.
Mar ghrúpa, déanaigí bhur n-eispéiris i seisiúin an lae inniu a phlé agus déanaigí machnamh orthu. Úsáidigí na trí shraith leideanna thíos chun bhur bplé a struchtúrú agus príomhphointí a chlárú.
Ainmnígí duine amháin chun bhur bpointí plé a roinnt leis an mórghrúpa.
Leideanna le haghaidh Grúp-phlé
1. Príomh-Fhoghlaim ó Sheisiúin an lae inniu
Cad iad na léargais nó na smaointe is mó a fuair tú ó sheisiúin an lae inniu?
Cén chaoi ar mhúnlaigh Seisiún 1 ról an staraí agus obair le fianaise ó bhéal do smaointeoireacht ar fhiosrúchán stairiúil agus ar chúinsí eiticiúla?
Cad é atá foghlamtha agat ó scrúdú a dhéanamh ar Ráiteas Chlár na hIdirbhliana agus cad iad na deiseanna atá ann duit féin agus do do chuid scoláirí?
Cén cheardlann féinstiúrtha a raibh tú ag freastal uirthi? Cén chaoi a gcabhródh sí sin leat féin agus le do chuid scoláirí sa seomra Staire?
Nótaí Grúpa:
2. Ceangal lenár gcleachtas reatha
Cén chaoi ar a bhfuil an t-ábhar a bhfuil tú ag plé leis inniu ag teacht leis an gcaoi a theagascann tú stair faoi láthair?
Conas a dhéanfá cuid de na tacaíochtaí agus na straitéisí a ndearna tú iniúchadh orthu inniu a thabhairt isteach i do chleachtas teagaisc?
An bhfuil téamaí, topaicí nó straitéisí sonracha ann a bhfuil tú ag brath anois a chur san áireamh i do churaclam Staire? (An tSraith Shóisearach, An Idirbhliain, Ardteistiméireacht)
Nótaí Grúpa:
3. Breithnithe & Na Chéad Chéimeanna Eile
Cad iad na deiseanna agus/nó na dúshláin a thiocfadh chun cinn nuair a cheanglaíonn tú cuid d’ábhar an lae inniu le do theagasc?
Conas a thabharfaí aghaidh ar na deiseanna agus/nó na dúshláin seo i gcomhar le chéile laistigh de bhur roinn?
Cad iad na tacaíochtaí, na hacmhainní agus/nó an oiliúint bhreise a chabhródh leat na cineálacha cuir chuige seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach?
Conas a leanfaidh tú ar aghaidh leis an gcomhrá seo tar éis an lae inniu? (m.sh., cruinnithe roinne, acmhainní comhroinnte, tuairimí piaraí)
Nótaí Grúpa: