An Gnáthrud agus an rud Anaithnid
'A aithint go mbaineann staidéar ar an stair ní hamháin le lucht an chumhachta agus an tionchair ach go mbaineann sé freisin leis na gnáthdhaoine agus daoine gan ainm.'
Ardteistiméireacht Siollabas Staire Ich. 13
'A aithint go mbaineann staidéar ar an stair ní hamháin le lucht an chumhachta agus an tionchair ach go mbaineann sé freisin leis na gnáthdhaoine agus daoine gan ainm.'
Ardteistiméireacht Siollabas Staire Ich. 13
Déan iniúchadh ar ionchuir ghnáthdhaoine agus daoine anaithnide sa stair.
Smaoinigh ar chomhthéacsanna do sheomra ranga agus roinn eolas ar na gnáthdhaoine agus ar na daoine anaithnide a ghlacann tú isteach chun tuiscint na scoláirí ar chur chuige il-dearcthaí i leith na staire a fheabhsú.
Dr Oran Finegan
An Stiúrthóra um Forensic Action International
Éist leis an agallamh fuaime leis an Dr. Órán Finegan agus déan machnamh ar na ceisteanna seo a leanas:
Cén chaoi a bhféadfadh spéis a mhúscailt i measc do chuid scoláirí trí phearsana nach bhfuil chomh cáiliúil sin nó grúpaí imeallaithe a thabhairt isteach?
Seachas na hainmneacha aitheanta, cé hiad na pearsana a bhfuil tú ag dréim le teagasc fúthu agus cén fáth?
Cliceáil ar na híomhánna chun tuilleadh eolais a fháil
Treoracha:
Oscail an Padlet thíos i scáileán iomlán trí chliceáil ar an gcluaisín ar bharr na láimhe deise den Padlet a bhfuil bosca agus saighead ann.
Cuir duine leis trí chliceáil ar an gcnaipe +.
Rogha 1: Is féidir an duine a chur leis tríd an suíomh as a dtagann siad, nó is ábhartha dóibh a lua.
Tarraing agus scaoil an biorán áit ar bith ar an léarscáil
Comhroinn ainm an duine agus faisnéis fúthu.
Tóg cúpla nóiméad chun na tacaíochtaí thíos a iniúchadh agus breithnigh conas is féidir iad seo a úsáid chun cabhrú le rannpháirtíocht do chuid scoláirí leis an ngnáthdhuine agus an duine anaithnid.
Roghnaigh tacaíocht thuas a d’úsáidfeá sa rang agus tú ag iniúchadh an ghnáthdhuine agus an duine anaithnid le do chuid scoláirí.
Cuir ceann in eagar agus leasaigh é chun cabhrú le do chuid scoláirí agus iad a fhorbairt
Nó cruthaigh acmhainn nua a d’úsáidfeá
Comhroinn d’acmhainn leis an Padlet thíos