Ag Scríobh
'Foghlaimeoidh an scoláire conas argóintí stairiúla a chur le chéile, ag taispeáint feasachta maidir le coincheapa amhail agus ina chuid scríbhneoireachta.'
Stair na Sraithe Sóisearaí, Ich. 9
'Foghlaimeoidh an scoláire conas argóintí stairiúla a chur le chéile, ag taispeáint feasachta maidir le coincheapa amhail agus ina chuid scríbhneoireachta.'
Stair na Sraithe Sóisearaí, Ich. 9
Teicnící scaflála a iniúchadh chun tacú le scríbhneoireacht ar an stair
Acmhainn a chur ar fáil chun tacú leis an scríbhneoireacht ar an stair agus í a roinnt le piaraí trí Padlet
Éist leis an agallamh le Christian O’Connor agus déan machnamh na ceisteanna seo a leanas:
Cén tionchar a bhíonn ag litearthacht stairiúil ar rannpháirtíocht scoláirí agus ar thorthaí measúnaithe?
Cad iad na dúshláin atá roimh scoláirí sa scríbhneoireacht stairiúil, agus conas is féidir le scafláil feabhas a chur ar a saothar?
Tóg cúpla nóiméad chun cáipéisí 1-3 thíos a iniúchadh agus breithnigh conas is féidir iad a úsáid chun tacú le scríbhneoireacht do chuid scoláirí.
Tar éis breathnú ar dhoiciméid 1-3, féach anois ar dhoiciméid 4 agus 5 a thaispeánann conas is féidir le difreáil cabhrú le do chuid scoláirí ag a mbíonn cumais éagsúla agus iad a fhorbairt.
Céim 1: Roghnaigh réimse Fócais (2 nóiméad)
Roghnaigh ceann de na réimsí seo a leanas le forbairt do do chuid scoláirí:
An Cheist A Bhriseadh Síos – Ag cabhrú le scoláirí ceist a léirmhíniú agus freagraí a phleanáil go héifeachtach.
Fráma Scríbhneoireachta PFMN – Ailt a struchtúrú ar mhaithe le soiléireacht agus le doimhneacht.
Machnamh agus Meiteachognaíocht – Scoláirí a spreagadh a gcuid scríbhneoireachta a mheas agus a bheachtú.
Céim 2: Roghnaigh Toradh Foghlama nó Topaic (2 nóiméad) Roghnaigh:
Toradh Foghlama ó Stair na Sraithe Sóisearaí (e.g. Tionchar gabhála agus coilínithe ar dhaoine a mheas).
Topaic Staire na Sraithe Sinsearaí (m.sh., Tionchar an Chéad Chogaidh Dhomhanda ar Éirinn).
Céim 3:
Forbair Straitéis Tacaíochta a (4 nóiméad) Ag úsáid an réimse fócais roghnaithe, cruthaigh straitéis tacaíocht dhifreáilte:
An Cheist A Bhriseadh Síos: Tabhair sainmhínithe ar na príomhthéarmaí, cleachtaí ceisteanna a chur i bhfocail eile, nó creataí pleanála.
Fráma Scríbhneoireachta PFMN: Forbair tosaitheoirí abairtí, ailt shamplacha, nó scafláil dhifreáilte.
Machnamh agus Meiteachognaíocht: Cruthaigh seicliostaí féinmheasúnaithe, leideanna athbhreithnithe piaraí, nó gníomhaíochtaí ailínithe aiseolais múinteoirí.
Sampla do ‘Tionchar an Chéad Chogaidh Dhomhanda ar Éirinn’
An Cheist A Bhriseadh Síos: Aibhsigh príomhthéarmaí ar nós ‘tionchar’ agus ‘sochaí na hÉireann’ agus pléigh an bhrí atá leo.
Fráma Scríbhneoireachta PFMN: ( Pointe, Fianaise, Míniú, agus Nasc) Cuir mír shamplach ar fáil ina ndéantar anailís ar athruithe polaitiúla ag úsáid struchtúr PFMN.
Machnamh agus Meiteachognaíocht: Iarr ar scoláirí meastóireacht a dhéanamh ar an úsáid a bhain siad as fianaise chun tacú lena n-argóint.
Céim 4: Feidhm (2 nóiméad) Smaoinigh ar an gcaoi a gcuirfidh tú an straitéis roghnaithe agat i bhfeidhm sa seomra ranga:
Nóta:
Má tá leagan ‘peann agus páipéar’ curtha le chéile agat, tóg grianghraf agus uaslódáil chuig an Padlet é. Is féidir é sin a dhéanamh tríd an gcód MF a thugtar.