Roghanna Múchta Zoom
Meon agus Inspreagadh Táirgiúil a Fhiosrú
Ar an suíomh gréasáin seo gheobhaidh tú ábhair éagsúla chun cabhrú le múinteoirí agus iad ag iniúchadh na mbuntáistí agus na ndúshlán a bhaineann le meon táirgiúil agus inspreagadh scoláirí a chur chun cinn sa mhatamaitic.
Gheobhaidh tú breac-chuntas gairid thíos ar na hacmhainní atá ar fáil duit laistigh de gach meán.
Is thart ar 40 nóiméad an t-am a mheastar atá ann le tabhairt faoin ábhar atá roghnaithe agat.
12:45 Fill ar an nGlaoch Zoom
Is féidir an nasc céanna a úsáideadh chun rochtain a fháil ar an nGlaoch Zoom ar maidin a úsáid arís chun filleadh ar an nGlaoch Zoom ag deireadh an tseisiúin seo chun cuid den fhoghlaim a roinnt.
Rogha a hAon - Rud éigin le Léamh
Má roghnaíonn tú rud éigin le léamh feicfidh tú dhá PDF atá ar fáil duit:
1. Meon Táirgiúil - Ag Díriú ar Inspreagadh agus ar Bhuanseasmhacht
2. Sraith Sleachta ó Mathematical Mindset le Jo Boaler
Chun an t-ábhar don rogha seo a aimsiú - cliceáil ar an gcnaipe!
Rogha a Dó - Rud éigin le hÉisteacht leis
Má roghnaíonn tú rud éigin le héisteacht leis, feicfidh tú dhá phodchraoladh atá ar fáil duit:
1. Tadhlaí 'Soláimhsithe' - Straitéisí maidir le hinspreagadh agus le buanseasmhacht a mheas
2. Tadhlaí 'Soláimhsithe'- Nósanna sa teagasc agus san fhoghlaim a mheas
Chun an t-ábhar don rogha seo a aimsiú - cliceáil ar an gcnaipe!
Rogha a Trí - Rud éigin le Féachaint air
Má roghnaíonn tú rud éigin le féachaint air, gheobhaidh tú dhá fhíseán:
1. Ag Cabhrú le Foghlaim Níos Doimhne - Trí lionsa an mheoin tháirgiúil
2. Dearcadh Scoláirí ar Inspreagadh agus ar Bhuanseasmhacht
Chun an t-ábhar don rogha seo a aimsiú - cliceáil ar an gcnaipe!
Rogha a Ceathair - Rud éigin le hIniúchadh
Má roghnaíonn tú rud éigin le hiniúchadh gheobhaidh tú dhá ghníomhaíocht:
Machnamh ar Inspreagadh
Gnáthaimh / Nósanna Gairmiúla a Mheas
Chun an t-ábhar don rogha seo a aimsiú - cliceáil ar an gcnaipe!
Rogha Mhalartach - Measc & Meaitseáil
Dearadh gach ceann de na roghanna chun dhá sheisiún a bheith ann do mhúinteoirí a mhaireann idir 12 agus 15 nóiméad an ceann. Is féidir le múinteoirí a gcuid meán a roghnú agus a mheascadh trí dhá thasc a roghnú ó chuid ar bith de na ceithre rogha.
Sampla: Léamh amháin a roghnú ó Rogha a hAon agus físeán amháin ó Rogha a Trí.
Le haghaidh tuilleadh tacaí agus acmhainní tabhair cuairt ar an gcuid mhatamaitice de shuíomh gréasáin SSM