Rud éigin le hIniúchadh

Tá an t-ábhar atá le fáil anseo i bhformáid PDF. Má tá ríomhaire glúine nó táibléad á úsáid agat cliceáil nó tapáil ar an deilbhín 'sodhealaithe' (pop-out) sa chúinne uachtarach ar thaobh na láimhe deise de gach doiciméad chun é a oscailt i mód lánscáileáin lena léamh chun gach doiciméad a phriontáil. Má tá fón á úsáid agat, ní gá duit ach tapáil ar gach doiciméad.

Each activity will take approximately 15 minutes to complete.

Machnamh ar Inspreagadh

Is é fócas na gníomhaíochta idirghníomhaí seo machnamh a dhéanamh ar inspreagadh scoláirí agus straitéisí a mheas chun scoláirí a spreagadh.


Tugann na gnéithe idirghníomhacha deiseanna chun tuilleadh úsáide a bhaint as acmhainní nuair is cuí.

Reflecting on Motivation_LG.pdf


Agus tú ag plé leis an ngníomhaíocht seo, b'fhéidir gur mhaith leat an cheist seo a leanas a bhreithniú: Conas a d'fhéadfá cuid de na straitéisí a luaitear sa ghníomhaíocht a úsáid i do chleachtas féin sa seomra ranga?

Gnáthaimh / Nósanna Gairmiúla a Mheas

Tá na gníomhaíochtaí atá sa doiciméad seo deartha chun do smaointeoireacht a spreagadh faoi do ghnáthaimh / nósanna gairmiúla agus a dtionchar ar chleachtas an tseomra ranga.

Considering Professional Routines & Habits_LG.pdf


Agus tú ag plé leis an ngníomhaíocht seo b'fhéidir gur mhaith leat an cheist seo a leanas a bhreithniú: Cad iad na hathruithe beaga comhfhiosacha ar chleachtas a mbeadh tionchar dearfach acu ar do chuid teagaisc agus ar do chuid foghlama?


Is féidir filleadh ar an leathanach Roghanna Múchta Zoom ar an suíomh Gréasáin trí chliceáil ar an gcnaipe.