Rud éigin le hÉisteacht leis

Seinnfidh na podchraoltaí atá anseo laistigh d'fhuinneog an bhrabhsálaí seo. Más fearr leat is féidir rochtain a fháil orthu trí do rogha feidhm podchraolta (SoundCloud, Spotify, Apple Podcasts srl.) tríd an gcainéal podchraolta Junior Cycle Talks a chuardach.


An t-ábhar a mbeifear ag plé leis anseo, is féidir éisteacht leis ar ghléas ar bith. Tá súil againn go dtabharfaidh sé sin deis duit sos a ghlacadh ó bheith 'plugáilte isteach' ar ghléas amháin agus na podchraoltaí seo a ghlacadh chun éisteacht leo san áit is fearr a oireann duit.


Tógfaidh gach comhad fuaime thart ar 15 nóiméad le héisteacht leis.

Tadhlaí 'Soláimhsithe' - Straitéisí maidir le hinspreagadh agus le buanseasmhacht a mheas

Sa phodchraoladh gearr seo cloisfidh tú ó roinnt múinteoirí agus iad ag plé a straitéisí agus a gcuid moltaí chun scoláirí a spreagadh sa seomra matamaitice. Pléann siad freisin an chaoi a gcabhraíonn siad lena gcuid scoláirí cur chuige leanúnach a fhorbairt le dul i ngleic le hobair dhúshlánach.

Agus tú ag plé leis an bpodchraoladh seo b'fhéidir gur mhaith leat an cheist seo a leanas a bhreithniú:

Cad iad na straitéisí a chabhródh le scoláirí a mhealladh chun obair dhúshlánach a dhéanamh?

Tadhlaí 'Soláimhsithe'- Nósanna sa teagasc agus san fhoghlaim a mheas

Sa phodchraoladh gearr seo cloisfidh tú ó roinnt múinteoirí ag plé na nósanna teagaisc a úsáideann siad chun cabhrú lena scoláirí agus iad ag foghlaim. Roinnfidh siad cuid de na nósanna teagaisc atá siad ag iarraidh a athrú agus an réasúnaíocht atá taobh thiar de na hathruithe sin.

Agus tú ag plé leis an bpodchraoladh seo b'fhéidir gur mhaith leat an cheist seo a leanas a bhreithniú:

Cad iad na nósanna sa seomra ranga a chabhródh le foghlaim scoláirí?

Is féidir filleadh ar an leathanach Roghanna Múchta Zoom ar an suíomh Gréasáin trí chliceáil ar an gcnaipe.