Rud éigin le Féachaint air

Seinnfidh na físeáin atá anseo laistigh d'fhuinneog an bhrabhsálaí seo ach b'fhéidir gur mhaith leat iad seo a fheiceáil i mód lánscáileáin. Má tá ríomhaire glúine nó táibléad á úsáid agat cliceáil nó tapáil ar theideal an fhíseáin sa chúinne uachtarach ar thaobh na láimhe clé de gach físeán chun é a oscailt i mód lánscáileáin le breathnú air. Má tá fón á úsáid agat, ní gá duit ach tapáil ar gach físeán.


Is féidir an t-ábhar a mbeifear ag plé leis anseo a fheiceáil ar aon ghléas. Tá súil againn go dtabharfaidh sé sin deis duit sos a ghlacadh ó bheith 'plugáilte isteach' ar ghléas amháin agus na físeáin seo a thógáil chun féachaint orthu san áit is fearr a oireann duit.


Ba chóir go dtógfadh gach físeán thart ar 12 - 15 nóiméad chun breathnú air.

Ag Cabhrú le Foghlaim Níos Doimhne

San fhíseán seo cloisfidh tú roinnt sleachta ón seimineár gréasáin 'Ag Cabhrú le Foghlaim Níos Doimhne i Matamaitic na Sraithe Sóisearaí'.

Úsáidtear na sleachta chun roinnt smaointeoireachta a spreagadh maidir le Ceisteanna Oscailte, Straitéisí um Réiteach Fadhbanna, Obair Ghrúpa, Cultúr Buanseasmhachta agus Meon Táirgiúil chun cabhrú le foghlaim agus le hinspreagadh na scoláirí.


Agus tú ag plé leis an bhfíseán seo b'fhéidir gur mhaith leat an cheist seo a leanas a bhreithniú: Cad iad na straitéisí a chabhródh le meon táirgiúil a fhorbairt inár gcuid scoláirí?

Dearcadh Scoláirí ar Inspreagadh agus ar Bhuanseasmhacht

San fhíseán seo cloisfidh tú ó roinnt scoláirí ó scoil san Oirthear. Pléann siad an méid a spreagann iad le foghlaim, conas a spreagann a múinteoirí iad sa rang chomh maith le comhairle a roinnt atá acu do scoláirí eile a d'fhéadfadh dul in abar beagáinín agus iad ag foghlaim.

Agus tú ag plé leis an bhfíseán seo b'fhéidir gur mhaith leat an cheist seo a leanas a bhreithniú: Cad iad na straitéisí a chabhródh le scoláirí a mhealladh chun obair dhúshlánach a dhéanamh?

Is féidir filleadh ar an leathanach Roghanna Múchta Zoom ar an suíomh Gréasáin trí chliceáil ar an gcnaipe.