24ú Samhain 2025
Creat Teanga
Seisiún feasachta ar an Chreat Teanga.
Clár Léitheoireachta - Fonaic agus Cód na Gaeilge
Tá an clár seo éascaithe ag an Aisionad. Tá sé dírithe ar an dóigh is fearr le léitheoireacht a mhúineadh i suíomh tumoideachais.
Comhleitheoireacht
Tá an clár seo éascaithe ag an Aisionad. Tá sé dírithe ar an dóigh is fearr le léitheoireacht a mhúineadh i suíomh tumoideachais.
16ú Samhain 2025
Meáncheannairí i Suíomhanna Lán-Ghaeilge
Táimid ag cur le foghlaim ghairmiúil de chuid an ÚO d'oideachasóirí lán-Ghaeilge. Bunaithe ar an taighde is déanaí ar fhorbairt inmharthana ceannaireachta, tá fáilte roimh mheáncheannairí agus roimh mheáncheannairí ardaidhmeannacha ó gach suíomh lán-Ghaeilge cur isteach ar an chlár seo. Cuirfear an clár ar fáil trí Ghaeilge.
Tógann an clár ar scileanna agus ar chumas ceannaireachta, agus tacaíonn sé le rannpháirtithe tabhairt faoi thionscadal feabhsúcháin scoile laistigh dá suíomh féin, tionscadal atá oiriúnach dá gcéim forbartha agus taithí. Ba chóir go mbeadh an tionscadal a dtugtar faoi ina chuid reatha d’obair feabhsúcháin na scoile agus aontaithe leis an phríomhoide. Féach thíos, sonraí faoin ábhar agus faoin ghealltanas ama a bheas i gceist:
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil clúdach ionadaíochta ar fáil ón ÚO don dá i bpearsa, iníoctha i ndiaidh freastal orthu, agus neamhspleách ó shruthanna eile maoinithe.
Iarraimid orthu siúd ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa deis seo gealltanas rannpháirtíochta a chlárú ag an nasc seo i ndiaidh dóibh tionscadal a phlé agus a chomhaontú leis an phríomhoide. Má bhíonn aon cheist agat faoi, le do thoil, déan teagmháil liom ag mairead.mhiguaid@eani.org.uk
23ú Deireadh Fómhair 2025
Shared Education in Irish-medium Settings
Tháinig Tura Arutura go Cromghlinn le déanaí chun ceardlann a dhéanamh leis na scoileanna áitiúla ar theanga agus ar chultúr na hÉireann. Chuir sé béim ar a thábhachtaí atá sé meas a bheith againn ar chultúir a chéile agus foghlaim faoi thraidisiúin éagsúla. Bhí gach duine faoi dhraíocht leis an Ghaeilge, an damhsa agus ceol, agus, ar ndóigh, leis an spraoi!
18ú Deireadh Fómhair 2025
Creat Teanga - Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí 2025 / 26
Deardaoin – 20ú Samhain idir 3.30-4.15
Eolas a chur ar an Chreat Teanga do Ghaelscoileanna.
A phríomhaide,
Beidh an seisiún seo á chur i láthair ag an Dr Seán Mac Corraidh agus an Dr Thomas Rogan (Coláiste Ollscoile Naomh Muire) agus ag Mary Carabine (CCEA). Ta sé dírithe ar mhúinteoirí agus ar cheannairí scoile nach raibh in ann freastal ar na laethanta tacaíochta a reáchtáladh i mí Lúnasa i mbliana. Beidh deis ann eolas a chur ar an Chreat Teanga, plé a dhéanamh agus ceisteanna a chur maidir le gné ar bith den Chreat.
Tá an Creat Teanga ar fáil anois ar shuíomh CCEA Creat Teanga | CCEA
Pádraig Mac Cathail
Gairmí Feabhsúcháin Scoile
13ú Deireadh Fómhair 2025
Foghlaim Ghairmiúil do Mhúinteoirí LuathGhairme 2025 / 26
Chun tacú leis an chroísholáthar sin, ba mhaith linn sibh a chur ar an eolas faoi thacaíocht bhreise na bliana seo dár Múinteoirí Luathghairme Gaelscolaíochta (MLG) agus dár dTeagascóirí MLG.
Táimid ag reáchtáil an 2 sheisiún iomlán lae i bpearsa thíos fá choinne MLG amháin.
Íocfar clúdach ionadaíochta don dá lá seo tar éis freastal orthu. Is féidir clárú ag an nasc thíos, le do thoil.
Dé Luain 26 Eanáir - Seomra Comhdhála 1, Ionad Boird Aontroma
Timpeallacht teanga-shaibhir foghlama tumoideachais
Dé Luain 23 Márta - Seomra Comhdhála 1, Ionad Boird Aontroma
Pleanáil teanga-shaibhir thraschuraclaim
Chomh maith leis sin, mar gheall ar aiseolas ó phríomhoidí agus ó MLG araon, táimid ag éascú na cnuasanna seo a leanas do MLG agus do Theagascóirí MLG. Táimid thar a bheith buíoch dár suíomhanna Gaelscolaíochta as tacú leis an chlár píolóta seo agus/nó seisiúin a óstáil.
Beidh gach seisiún ar siúl 4 huaire, uair amháin i ngach ceann de na scoileanna óstacha, idir 2.30pm agus 4.15pm. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil clúdach ionadaíochta ar fáil dóibh seo.
Iarraimid ar MLG agus a dteagascóirí, más cuí, clárú do GACH ceann de na seisiúin is ábhartha dóibh ag an nasc seo, i ndiaidh plé agus comhaontú le príomhoide na scoile.
Má bhíonn aon cheist agat, déan teagmháil liom ag mairead.mhiguaid@eani.org.uk.
5ú Deireadh Fómhair 2025
An dóigh le logáil isteach:
Cuardaigh ‘EA Learn’ ar Google
Ainm úsáideora: Cód 8 ndigit do EA One (m.sh 70123456)
Pasfhocal: An cód 8 ndigit céanna le @Learn (m.sh 70123456@Learn)
Tá EA Learn á lainseáil do Ghaelscoileanna an Fómhar seo!
Tá áthas orainn a chur in iúl go mbeidh Córas Bainistíochta Foghlama nua an ÚO, ‘EALearn’ á lainseáil ar an 29 Meán Fómhair d’achan scoil agus aonad Lán-Ghaeilge. Córas comhtháite atá in EALearn ina mbeidh foghlaim iomlán na mball foirne á clárú in aon áit amháin. Cuimsíonn sé seo an oiliúint sheachtrach agus FGL uilig. Tá an inniúlacht ag an chóras seo an oiliúint Reachtúil / Éigeantach a dhéanann baill foirne na Scoile a thaifeadadh agus tuairisciú a dhéanamh air seo do phríomhoidí agus baill foirne shinsearacha.
2ú Deireadh Fómhair 2025
Cúig in Airde 2025.26
Click on the image to launch the Cúig in Airde magazines!
25ú Meán Fómhair 2025
An tSeachtain Bí Glic ag Ithe
20ú Meán Fómhair 2025
Learning Leaders Support Scheme
In 2024/25, the Education Authority successfully delivered the Learning Leaders Support Scheme which provided a bursary to 24 practitioners from within the IM Settings. This bursary provided a financial contribution to a range of professional learning programmes which helped develop their individual practice. The scheme is now open for applications for 2025/26.
The application should be submitted by the staff member who is undertaking the course. All applicants will be required to meet the expectations as outlined in the guidance sheet attached.
Application Link - Learning Leaders Support Scheme 2025/26 Application Form
The application process will remain open until Friday 7th November.
Open link to read Guidance Document Open link to read Supporting Letter
29ú Lúnasa 2025
Bhí lá iontach ag comhphobal foghlama na Speiríní agus Glinntí ar an 28ú Lúnasa ar an Charn i nDeisceart Dhoire. Tháinig cleachtóirí le chéile ó 11 scoil le plé an dóigh gur féidir tacú le daltaí a scileanna ginchumais ó bhéal a chur chun cinn. Ba lá stairiúil seo a léirigh fás agus forbairt na Gaelscolaíochta sa chuid seo den tír.
29ú Lúnasa 2025
Bhí Lá Oiliúna TFC, #TeicnEOLAS againn i gColáiste Ollscoile Naomh Muire an tseachtain seo chaite. Eagraithe ag C2k/EdIS agus An tÁisaonad.
Bhí béim ar Dhearadh Uilíoch don Fhoghlaim (DUF) agus Intleacht Shaorga (I.S). D’fhoghlaim na múinteoirí fán dóigh le I.S a úsáid go freagrach sa scoil agus straitéisí DUF a chur i bhfeidhm.
Míle buíochas le Fionola (Middletown Centre for Autism), Tiarnán (Gaelscoil Ghleann Darach), Siobhán (Scoil Iósaef) and Máire (Bunscoil Bheanna Boirche).
Tá níos mó eolais ANSEO
D'oscail Paul Close (Ceannaire Oideachais Chomhroinnte & Tacaíocht Earnála) agus Damien Harvey (Ceannaire C2k) TeicnEOLAS 2025.
Meitheamh 2025
Tá líon na Gaelscoileanna i dTuaisceart Éireann ag fás, agus léirítear é sin i bhfás na scoileanna atá ag obair i gcomhpháirtíocht Oideachais Chomhroinnte.
Tá dhá chomhpháirtíocht Oideachas Comhroinnte Príomhshruthaithe ann ina bhfuil Gaelscoil páirteach agus trí chomhpháirtíocht ina bhfuil Scoil Béarla le haonad Gaeilge páirteach fosta.
Tá cúig Ghaelscoil ag obair i gcomhpháirt le Scoileanna Béarla fríd an scéim ASPIRE PeacePlus i mbliana agus chuir cheithre scoil eile iarratas isteach le bheith páirteach le Scoileanna Béarla sa scoil bhliain uair 2025/26. Ar a bharr seo tá trí Scoil Béarla le haonaid Gaeilge ag obair i gcomhpháirt le scoileanna eile fríd ASPIRE PeacePlus fosta.
Tá dhá Ghaelscoil déag eile ar lorg comhpháirtí Oideachais Comhroinnte.
Breis agus deich mbliana ó shin, tháinig príomhoidí Annsborough Integrated Primary School, Naíscoil agus Bunscoil Bheanna Boirche agus Castlewellan Primary School le chéile le féidearthacht an Oideachais Chomhroinnte a fhiosrú. Ag an am, tionscnamh réasúnta nua a bhí ann le leibhéil tacaíochta agus maoinithe geallta. D'aithin siad gur deis fhiúntach é chun droichid a thógáil idir pobail éagsúla teanga agus chultúrtha, ag tairiscint eispéiris foghlama chomhroinnte dá gcuid daltaí a chuireann meas, tuiscint agus cairdeas chun cinn ar fud na chineálacha scoile.
Cliceáil ar an doiciméad le cás-staidéar faoin gcomhpháirtíocht seo a léamh!
Márta 2025
Tá Baile na Mata cruthaithe ag Seedling Learning trí chomhoibriú le Roinn na Gaeilge, CCEA agus leis an Áisaonad i gColáiste Ollscoile Naomh Muire. Tá Baile na Mata ag teacht le Curaclam Thuaisceart Éireann. San áis seo, tá ocht bpríomhaonad foghlama, a chlúdaíonn bunús na hoibre ar an téama seo i Rang 6.
Tá na haonaid eile le teacht amach sa bhliain acadúil 2025-26. Is topaic thar a bheith tábhachtach iad na Codáin in Eochairchéim 2. Tríd an topaic seo, bíonn na daltaí ag foghlaim go leor téarmaíochta úire casta sa Mhatamaitic, rud a bheas mar dhúshraith acu agus iad ag leanúint ar aghaidh le staidéar san ábhar seo.
Developed by Seedling Learning in collaboration with the Irish Medium Department in CCEA and An tÁisaonad at St. Mary’s University College Belfast, Baile na Mata aligns with the Northern Ireland curriculum. The resource features eight key learning units covering most of Primary 6, with the remaining content due for release during the 2025-26 academic year. Fractions, a crucial topic in the late-primary curriculum, introduces pupils to complex mathematical language that forms the foundation for future studies.
Feabhra 2025
Creative Connections
DENI and DEI are pleased to invite Primary, Post Primary and Special Schools to participate in a new pilot creative partnership programme for children and young people, teachers, creative practitioners and school communities. This could be a chance to explore our culture and traditions here (the Irish language, Ulster-Scots, etc) with a partner school and in a cluster, and to work with an artist. This could suit those schools not yet involved in a Shared Education partnership.
Creative Connections will run in two phases;
Phase 1 runs from February to June 2025 and begins with professional learning events for teachers and creative practitioners which are followed by funded in-school residencies where children and young people, teachers and creative practitioners work in creative partnership.
Phase 2 commences in September 2025 and runs to June 2026. During Phase 2 schools form clusters of schools north and south to create cross border creative learning communities.
The DENI would particularly encourage expressions of interest from schools supporting pupils living in RAISE localities and will endeavour to ensure representation in the programme from all such localities.
Eanáir 2025
Múinteoirí Luathghairme
Tháinig múinteoirí bunscoile na hearnála atá ag gabháil do luathfhorbairt ghairme le chéile le cleachtas sa tseomra ranga a phlé. Bhí comhráití proifisiúnta ann ar na dóigheanna ar féidir le cleachtóirí na hearnála tacú lena chéile leis an fhoghlaim agus an tréadchúraim a eascú do na Gaeil óga atá inár scoileanna.
Eanáir 2025
EA Services for Irish-Medium Education Directory & Eligibility
To support Irish-Medium Education Settings, the EA Sectoral Support Team have created an EA Services for Irish-Medium Education Directory & Eligibility document. Click on the picture to launch the document.
The purpose of this resource is to provide you with the following:
Detail on all of the Services that are available within the Education Authority
Information on the eligibility of the Services based on your schools Management Type
Contact details of the Service Lead/Head of Service
This is the 3rd update of the document which will continue to evolve in the coming years.
Note: the Directory will be updated on a termly basis to reflect any changes in service delivery or personnel.
Nollaig 2024
Scéal na chéad Nollag - Gabhan O'Dochartaigh
Nollaig 2024
Is í Sinéad Connolly, Ollscoil Uladh, a d’fhorbair an Acmhainn Gleacaíochta iontach GYMFUN seo.
This superb GYMFUN Gymnastics Resource has been developed by Sinéad Connolly, Ulster University.
Samhain 2024
Tá neart acmhainní cruthaithe ag an fhoireann um Thacaíocht agus Soláthairtí i leith Iompraíochta i mBunscoileanna (TSIB) san ÚO le cuidiú lenár ndaoine óga, agus sin an tAistriú go R1 san áireamh, ó rang go rang agus ó scoil go scoil. Gheobhaidh tú isteach chuig na hacmhainní seo ach cliceáil ar an phictiúr.
The Primary Behaviour Support and Provisions (PBS&T) team in EA have developed lots of resources to help our young people, including with Transition into P1, from class to class and from school to school. Access these resources by clicking on the picture.
Chuir Bláithín Hyndman, ó Sheirbhís Litearthachta an ÚO, an seisiún oiliúna gairid seo ar fáil do Chleachtóirí Bunscoile ar an 7ú Márta 2024 ina léirigh sí na hacmhainní atá ar fail chun tacú leis an fhoghlaim agus leis an teagasc. Cuireadh an cheardlann seo i láthair trí mheán na Gaeilge.
Cúig in Airde – Nuachtlitir ón ÚO
Is pacáiste acmhainní é an nuachtlitir ‘Cúig in Airde’ atá curtha ar fáil do theaghlaigh agus do dhaltaí bunscoile mar thaca ar an dóigh le fanacht sábháilte go colanda, agus ó thaobh na mothúchán agus na hintinne de fosta, ach úsáid a bhaint as an chreat le Sláinte agus Cúram Sóisialta, ‘Glac 5’. Tá an nuachtlitir ar fáil i mBéarla, i nGaeilge, agus i leaganacha inrochtana. Cliceáil ar an chnaipe le dul chuig an tsuíomh.
EA High Five Newsletter
The High Five newsletter is a resource pack for families and primary aged pupils in relation to staying safe physically but also emotionally and mentally using the Health and Social Care Take 5 framework. The newsletter is available in English, Irish and accessible versions. Click the button to go to the site.
Deireadh Fómhair 2024
Clár do Mhúinteoirí Luathghairme / First Steps to Induction Success
Dírithe ar: Múinteoirí Luathghairme
Seisiún 2: Foghlaim Dhigiteach (C2K)
Access Code: 2425ECT
Uirlisí Digiteacha chun tacú leis an Fhoghlaim agus leis an teagasc sa seomra ranga.
Réamhrá ar na Seirbhísí C2k/EdIS do Mhúinteoirí Luathghairme.
Sa seisiún idirghníomhach seo, léireoidh foireann C2k do Mhúinteoirí Luathghairme an méid atá ar fáil ar an chóras C2k/EdIS.
Tabharfaidh an seisiún forbhreathnú ar My-School agus taithí phraiticiúil ar na huirlisí seo a leanas:
Microsoft agus Google - úsáid éifeachtach don teagasc agus foghlaim.
Úsáid éifeachtach Surface Pro sa seomra ranga
Seomra Nuachta - Forbairt éifeachtach Cumarsáide agus Litearthachta a fheabhsú. (bunscoil & EC3)
Adobe Express (beidh seisiún níos doimhne don iar-bhunscolaíocht)
Treoir maidir le húsáid fhreagrach intleacht shaorga & Microsoft Copilot.
Just2Easy – forbhreathnú gairid (Bunscoil)
Eolas faoi tacaíocht eile atá ar fáil.
Deireadh Fómhair 2024
Tá an t-Údarás Oideachais anois ag cur fáilte roimh 'léiriú suime' i Scéim Tacaíochta na gCeannairí Foghlama a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil do mhúinteoirí, do chuntóirí agus do bhaill foirne tacaíochta i nGaelscoileanna agus i nGaelaonaid. Más mian leat d'ainm a chur chun tosaigh ar mhaithe le sparánacht, le do thoil, lean an nasc thíos:
Learning Leaders Support Scheme 2024/25
The Education Authority is now accepting expressions of interest for the Learning Leaders Support Scheme which provides financial support for teachers, classroom assistants and support staff in Irish Medium schools and units. These bursary awards are designed to support those working in IM schools. In 2023/24, the Education Authority successfully delivered the Learning Leaders Support Scheme providing a bursary to 28 practitioners from within the IM Sector. This bursary provided a financial contribution to a range of professional learning programmes which helped develop their individual practice. If you wish to be considered for a bursary in 2024/25 please follow the link below:
Note: The application process will remain open until Friday 8th November 2024.
Meán Fómhair 2024
Throughout Europe, 700 million Europeans are represented in the Council of Europe's 46 member states and all are encouraged to discover more languages at any age, as part of or alongside their studies. This stems from the Council of Europe’s conviction that linguistic diversity is a tool for achieving greater intercultural understanding and a key element in the rich cultural heritage of our continent. The Council of Europe, therefore, promotes plurilingualism throughout Europe.
At the Council of Europe’s initiative, the European Day of Languages has been celebrated every year since 2001 on 26th September - together with the European Commission
Scéim Tacaíochta na gCeannairí Foghlama 2024/25
Tá an t-Údarás Oideachais anois ag cur fáilte roimh 'léiriú suime' i Scéim Tacaíochta na gCeannairí Foghlama a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil do mhúinteoirí, do chuntóirí agus do bhaill foirne tacaíochta i nGaelscoileanna agus i nGaelaonaid. Más mian leat d'ainm a chur chun tosaigh ar mhaithe le sparánacht, le do thoil, lean an nasc thíos:
Learning Leaders Support Scheme 2024/25
The Education Authority is now accepting expressions of interest for the Learning Leaders Support Scheme which provides financial support for teachers, classroom assistants and support staff in Irish Medium schools and units. These bursary awards are designed to support those working in IM schools. In 2023/24, the Education Authority successfully delivered the Learning Leaders Support Scheme providing a bursary to 28 practitioners from within the IM Sector. This bursary provided a financial contribution to a range of professional learning programmes which helped develop their individual practice. If you wish to be considered for a bursary in 2024/25 please follow the link below:
Note: The application process will remain open until Friday 8th November 2024.
Lá Oiliúna ar an TFC
Bhí ionadaithe ÚO agus C2k / EdIS thar a bheith sásta freastal ar Lá Oiliúna TFC i gColáiste Mhuire.
Chuir Paul Close (Ceannasaí ar an fhoireann um Oideachas Comhroinnte & Tacaíocht Earnála), Pádraig Mac Cathail (Gairmí Feabhsúcháin Scoile – Gaeloideachas) agus Conchur Keenan (Comhairleoir Ríomhfhoghama C2k) an comhdháil ar an eolas faoi Chroí na Gaelscolaíochta.
Eochairchainteoirí ó Bhunscoil Bheanna Boirche agus Gaelscoil na mBeann ag labhairt faoi ‘Chomhoibriú agus cur chun cinn na foghlama tríd an teicneolaíoch’.
Bhí Ceardlanna ag 'Just2Easy' agus 'Seomra Nuachta'. Chomh maith le sin bhí lainseáil d’áis úr Teanga de chuid an Dr Gearóid Ó Domagáin (Ollscoil Uladh) agus Comhairle na Gaelscolaíochta.
Míle buíochas d’Aingeal Nic an tSábhaisigh agus Coláiste Ollscoile Naomh Muire as an Lá Oiliúna a chur ar fáil.
Tá na cur i láthair thíos.
Lúnasa 2024
Tá áthas orainn fáilte a chur roimh Mhatapas agus a chairde!
Rinneadh an obair seo mar chuid de thionscnamh Thuaidh Theas, nuair a chruthaigh cleachtóirí ón dá dlínse áis idirghníomhach iontach don Mhata ó Mheabhair, agus í ag teacht go hiomlán le riachtanais teanga na bpáistí Gaelscoile.
Cliceáil ar Matapas le haghaidh nasc chuig an suíomh, áit a bhfuil físeáin, pointí cumhachta, treoir, cluichí, measúnuithe, agus go leor eile, iad uile deartha do dhaltaí atá ag foghlaim trí mheán na Gaeilge.
NOTE: This link is not compatible with mobile devices. Use a desktop or laptop to launch Matapas.
Cúlra agus cur chuige / Background and approach
Fuarthas amach i dtionscadal taighde arna mhaoiniú ag Comhairle na Gaelscolaíochta faoi choimirce na Roinne Oideachais mar chuid de phlean feidhmithe A Fair Start, go bhfeictear do chleachtóirí tumoideachais go bhfuil géarghá le hacmhainní oiliúna chun tacú le cleachtóirí barr feabhais teanga a bhaint amach, rud a thabharfaidh siad isteach chuig an tseomra ranga chun tairbhe na ndaltaí tumoideachais.
A research report, funded by Comhairle na Gaelscolaíochta under the auspices of The Department of Education as part of the Fair Start implementation plan, found that IM practitioners believe there to be a critical need for training resources to support practitioners in achieving linguistic excellence to bring into the classroom for the benefit of IM pupils.
De thoradh ar chomhobair idir an Dr Gearóid Ó Domagáin (Ollscoil Uladh) agus Comhairle na Gaelscolaíochta agus anois an tÚdarás Oideachais, tá teacht thíos ar réimse acmhainní a rachaidh chun tairbhe gach cineál cleachtóra tumoideachais.
As a result of collaboration between Dr Gearóid Ó Domagáin (Ulster University) and Comhairle na Gaelscolaíochta and now the Education Authority, a range of resources can be found below that will benefit every type of IM practitioner.
Bealtaine 2024
ICT Training Day
ICT Training Day for Irish-Medium Educators on Thurs 29th Aug at St. Mary’s University College, Belfast. The programme has been designed by An tÁisanad and will be supported by the EA, CnaG, CCEA, COGG and UU. An overview of the day has been attached below.
If you (or any of your staff) wish to attend the event please complete the registration form (link below).
Note: there is no additional sub cover for attendees.
https://forms.office.com/e/Zg04iCVWbe
The programme for the day is below.
COGG Resources
COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta) have shared some useful resources with us. Click the blue button 'COGG' to go to the page hosting details.
COGG
Márta 2024
Taifeadtaí TPL ar fáil: TPL recordings available
D’éascaigh Seirbhís Litearthachta ÚO dhá cheardlann ar líne do mhúinteoirí agus ceannairí Gaelscoileanna. Más mian leat rochtain a fháil ar aon cheann de na taifeadtaí ó na seisiúin FGM a bhí ar siúl i mí an Mhárta, níl le déanamh ach cliceáil ar an nasc ar dheis. Ansin, thig leat an físeán cuí a roghnú idir bhunscolaíocht nó iarbhunscolaíocht.
The EA Literacy Service facilitated two successful online sessions for IM teachers and leaders. If you wish to access any of the recordings which took place in March, simply click on the link to the right. You can then select to watch either the primary or post-primary video.
Linda Ervine,
East Belfast Mission / Turas
Linda Ervine delivered an online talk on her journey through Irish, to EA staff. Watch the recording here.
Feabhra 2024
Taifeadtaí TPL ar fáil: TPL recordings available
An mhí seo, d'éascaigh muid dhá cheardlann ar líne do mhúinteoirí agus do cheannairí Gaelscoile. Más mian leat teacht ar aon cheann de na taifeadtaí ó na séisiúin FGM ar leith a tharla i Mí Feabhra, níl le déanamh ach cliceáil ar an nasc ar dheis.
This month, we hosted two successful online sessions for IM teachers and leaders. If you wish to access any of the recordings from the IM specific TPL sessions which took place in February, simply click on the link to the right.
School Dinner Menus: Irish Language Menu’s now available
Tá athas orm a dheimhniú go bhfuil biachlár na scoile ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Tiocfaidh seo i bhfoirm PDF agus cumhachtphointe (le go mbeifear in ann athruithe a dhéanamh ag leibhéal scoile). Tá na hacmhainní seo ar fáil ag achan chistin de chuid an ÚO. Déan teagmháil leis an bhainisteoir lónadóireachta muna bhfuil na hacmhainní seo agaibh.
I am delighted to confirm school dinner menus are now available in Irish and English. This will come in both PDF and PowerPoint format (to facilitate any changes required at school level). Each EA kitchen has access to these resources. Contact the Area Catering Manager if you have not yet received these resources.
Eanáir 2024
Beatha teanga í a labhairt!
Maith iad na scolairí ar scoil Iosaef, Domhnach Mór a ghlac páirt in sa chomórtas ‘Tuairimí’, comórtas labhartha bliantúil na scoile. Chur na daltaí iad féin I bhfriotal go hiontach agus iad ag roinnt smaointí s’acu ar an dóigh gur féidir saol na ndaoine a shaibhriú sa cheantar agus níos faide anonn. Bhí caighdeán Gaeilge labhartha na ndaltaí thar barr ar fad. Tógáil croí a bhí ann don scoilphobal, don earnáil Gaelscolaíochta agus don phobal I gcoitinne, daoine óga ag léiriú a gcumas teangeolaíochta agus an paisean atá acu don Ghaeilge. Ba mhór an onóir é ag an Údaras Oideachais a bheith I láthair ag an ócáid. Maith sibh!
Well done to the pupils of St Joseph’s Donaghmore who took part in the school’s annual ‘Tuairimí’ oracy competition. The pupils articulated their thoughts on the opportunities to enrich the lives of people in their community and further afield. The standard of spoken Irish was exceptional. It was heartwarming for the school community, for the Irish immersion sector and for the entire community to see the young people displaying their linguistic skills and passion for the Irish language. It was an honour for the Education Authority to be there at the event. Well done!
Nollaig 2023
Corpoideachais
Thug grúpa múinteoirí corpoideachais ó gach iar-bhunscoil lán-Ghaeilge agus ó chuid de na bunscoileanna lán-Ghaeilge, faoi lá oiliúna GYMFUN 2 ar na mallaibh. Bhí an cúrsa, a chuir Sinéad Connolly ó Ollscoil Uladh ar fáil, den chéad scoth, agus chuir sé go mór le hinniúlacht agus le muinín an ghrúpa múinteoirí seo maidir le gleacaíocht a sholáthar.
A group of PE teachers from all of the IM post-primary schools and some of the IM primary schools undertook a 2-day GYMFUN training qualification recently. The course, expertly delivered by Sinéad Connolly from Ulster University, was superb and has greatly increased the competence and confidence of this group of teachers in delivering gymnastics.
Deireadh Fómhair 2023
An Gaeloideachas: Clár Oiliúna agus Tacaíochta ar mhaithe le Comhaltaí de Bhoird Gobharnóirí
The Education Authority Governor Portal has a number of courses for Governors, including modules on Irish-medium education, shared education, finance etc.
In addition to this, we have developed a new short module called: Irish-medium Education: An Overview for Governors (Available in Bearla agus Gaeilge / English and Irish).
Whether you are an IM school or unit, or a school seeking more information about Irish-medium education, then this module is a good starting point. As this is a new module, we are keen for Governors to provide feedback on the content, structure and benefits of the module through the evaluation form that is included within the presentation. This will assist us in developing further modules to support the Sector.
To access the portal:
Click https://www.easds.org.uk/sds/portal2/account/ (or navigate through EA website by following… School governance – Governor Training and Resources – School Governor Training Portal)
Governors should either sign in to the portal, or register if they have not yet done so.
You will need to use the Invite code for this IM module 84O624. (Copy and paste this code), or the relevant invite code for each course, as listed in the prospectus.
Meán Fómhair 2023
The High Five newsletter is a resource pack for families and primary aged pupils in relation to staying safe physically but also emotionally and mentally using the Health and Social Care Take 5 framework. The newsletter is available in English, Irish and accessible versions.
Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta - 25/09/23
D;fhreastail roinnt foirne ó ÚO ar Chomhdháil C na G in Óstán Chathair Ard Mhacha ar an 25 Meán Fómhair 2023. Bhí stalla margaidh ag an Fhoireann Tacaíochta Earnála agus na foirne CYPS, ag cur síos ar na sruthanna oibre reatha.
Tabhair spléachadh ar an bhileog seo a dhéanann cur síos ar chuid den obair atá ar siúl.
Comhairle na Gaelscolaíochta Conference - 25/09/23
A number of teams from EA attended the CnaG conference in Armagh City Hotel on 25th September 2023. The Sectoral Support team and the CYPS teams had a market stall, outlining current workstreams.
Have a look at this leaflet outlining some of the work that is ongoing.
Scoil Ghramadaí Naomh Íosaef Domhnach Mór ainmnithe mar Ionad Oiliúna Réigiúnach Apple do 2023-24
St Joseph’s Grammar School Donaghmore named as Apple Regional Training Centre for 2023-24
Apple Regional Training Centres create a community to share best practice and support teaching staff to attain Apple Teacher status, a professional learning programme designed to support and celebrate educators.
Teachers from across the region can attend courses to build knowledge and skills and earn badges to achieve Apple Teacher recognition.
Across Ireland and Great Britain, the goals of all Apple Regional Training Centres are to:
facilitate training opportunities for teachers to develop skills using Apple technology in the classroom
promote Apple in Education and share new products and innovations with educators
build Apple Teachers across the region
share best practices, build community and inspire excellence.
“Our status as an Apple Regional Training Centre is another important development in our commitment to deliver high quality staff training that makes a real difference to the children in the classroom. I am delighted too that we will be able to facilitate educators from both within our own school and from within the wider local area.” Geraldine Donnelly, Principal of St Joseph’s Grammar School Donaghmore.
Our first course of the new academic year will be ‘Out of the Box’ - an introduction to iPad on Thursday 28th September and tickets can be reserved below 👇🏻
Scéim Tacaíochta na gCeannairí Foghlama
Tá an t-Údarás Oideachais anois ag cur fáilte roimh 'léiriú suime' i Scéim Tacaíochta na gCeannairí Foghlama a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil do mhúinteoirí, do chuntóirí agus do bhaill foirne tacaíochta i nGaelscoileanna agus i nGaelaonaid. Más mian leat d'ainm a chur chun tosaigh ar mhaithe le sparánacht, le do thoil, lean an nasc thíos:
Learning Leaders Support Scheme
The Education Authority is now accepting expressions of interest for the Learning Leaders Support Scheme which provides financial support for teachers, classroom assistants and support staff in Irish Medium schools and units. These bursary awards are designed to support those working in IM schools. If you wish to be considered for a bursary in 2023/24 please follow the link below:
Márta 2023
Craic agus Ceol!
An mhí seo, tríd an chlár, 'Lón na Léinn', bhí céiliúradh speisialta ann in ÚO mar chuid den fhéile 'Seachtain na Gaeilge'. Cliceáil ar na nasc thíos chun teacht ar thaifeadadh den fhéasta foghlama seo idir theanga, aithriseoireacht, amhránaíocht, ceol traidisiúnta agus craic go leor!
This month, as part of the 'Lunch & Learn' programme, EA held a special celebration to mark 'Seachtain na Gaeilge' ( the 'Week of Irish' festival). Click on the link below to access a recording of this cultural cocktail, and smple the Irish language, recitation, singing, traditional music and plenty of 'craic'.
Feabhra / February 2023
Comhoibriú curtha ar bun ag an Chomhphobal Foghlama
Cuireadh tionscnaimh comhoibrithe ar bun ag Chomhphobal Foghlama na hearnála an mhí seo. Thar na seachtainí atá le teacht, beidh comhoibriú ag tarlú i measc na ngaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus idir na hiarbhunscoilenna, ar aon le tionscnamh idirchéimeach. Tá lúcháir ag ÚO bheith ag tacú leis na tionscnaimh luachmhara seo atá ag díriú ar thosaíochtaí aimsithe ag an earnáil.
Collaboration underway amongst the Irish-medium Learning Community
Collaborative programmes of work have been initiated by the sector's Irish-medium Learning Community this month. In the weeks ahead, IM schools will be engaged in collaboration at Primary and post-primary level as well as a crossphase programme of professional learning. EA is delighted to be supporting these valuable projects. which address priorities identified by the sector.
Eanáir / January 2023
Fonn le foghlaim ag Múinteoir Mondays?
Tá áthas ar an Fhoireann 'Oideachas Comhroinnte agus Tacaíocht Earnála' sráith úr de cheardlanna Gaeilge a sheoladh do bhaill foirne de chuid ÚO agus de chuid páirtnéirí oideachais eile! Díreoidh na ceachtanna ar shealbhú téarmaí agus frásaí bunúsacha chun cur le muinín na foirne i nGaeilge labhartha agus scríofa. Cuirfidh an tsraith ceachtanna fosta le forbairt feasachta ar thurais foghlama na ndaltaí Gaelscolaíochta, agus ar a dtaithí tumoideachais.
Longing to learn @ Múinteoir Mondays?
The 'Shared Education and Sectoral Support' Team are delighted to launch a new series of Irish workshops for staff in EA, and other educational partner organisations! The lessons will focus on the acquisition of basic terms and phrases to enhance the confidence of staff with spoken and written Irish. The series of lessons will also seek to develop further awareness of the learning journey of IM pupils, and their immersion experience.
Nollaig / December 2022
Domhan Mór Na Gaeilge - The Big World of Irish
Is feachtas é Domhan Mór na Gaeilge atá tiomanta ag an charachtar Bricriú a bhfuil sé d’aidhm aige nascadh le páistí óga agus lena dtuismitheoirí lena spreagadh i dtreo rogha na Gaeilge. Tá an feachtas urraithe ag Foras na Gaeilge agus á fhorbairt ag Creative Workers Co-Operative agus Gael Linn do An Gréasán.
Tá sé d’aidhm ag Domhan Mór na Gaeilge na deiseanna a bhaineann leis an Ghaeilge a léiriú agus a cheiliúradh. Tchítear, san fheachtas seo, cé chomh mór agus atá ‘Domhan Mór na Gaeilge’ agus cé chomh mór agus atá an domhan sin ó thaobh deiseanna de. Chuige sin, tá sé d’aidhm ag an fheachtas níos mó dalta scoile, in Earnáil an Bhéarla, a mhealladh le freastal ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht agus le líon na ndaltaí, in Earnáil an Bhéarla, atá ag tabhairt faoin Ghaeilge ag GCSE a ardú.
Domhan Mór Na Gaeilge - The Big World of Irish - is a character-driven campaign which aims to connect with young children and theirparents. The character Bricriú will capture the imagination of young people and inspire them to engage more with the Irish Language. Domhan Mór na Gaeilge - The Big World of Irish - is a campaign response devised by Gael Linn and the Creative WorkerCooperative LTD, funded by Foras na Gaeilge, on behalf of An Gréasán.
Domhan Mór na Gaeilge aims to increase attendance atGaeltacht Colleges and increase uptake of the Irish Language at GCSE level.
Samhain / November 2022
Ceardlanna J2E
Cuirfear sráith ceardlann i láthair an mhí seo ar úsáid éifeachtach J2E ( féach an fógra ar chlé). Táimid thar a bheith buíoch do Mháire Boden, Bunscoil Bheanna Boirche, as na háiseanna J2E atá déanta aici i nGaeilge a roinnt linn.
Deireadh Fómhair / October 2022
SCÉAL GO SCANNÁN!
Cliceáil ar an íomha thall chun teacht ar áis atá curtha ar fáil ag 'INTO FILM' i nGaeilge chun cur le scileanna litearthachta agus scannánaíochta na ndaltaí.
Click on the image to access a resource which has been produced by INTO FILM in Irish, to enhance pupils literacy and film-making skills.
Meán Fómhair / September 2022
Scéim Tacaíochta na gCeannairí Foghlama
Tá an t-Údarás Oideachais anois ag cur fáilte roimh 'léiriú suime' i Scéim Tacaíochta na gCeannairí Foghlama a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil do mhúinteoirí, do chuntóirí agus do bhaill foirne tacaíochta i nGaelscoileanna agus i nGaelaonaid. Más mian leat d'ainm a chur chun tosaigh ar mhaithe le sparánacht, le do thoil, lean an nasc thíos:
Learning Leaders Support Scheme
The Education Authority is now accepting expressions of interest for the Learning Leaders Support Scheme which provides financial support for teachers, classroom assistants and support staff in Irish Medium schools and units. These bursary awards are designed to support those working in IM schools. If you wish to be considered for a bursary in 2022/23 please follow the link below:
Greamanna Gairmiúla Gaelscoile ar chlár úr FGM.
Seoladh an clár úr FGM ón Fhoireann Oideachais Comhroinnte agus Tacaíochta Earnála don scoilbhliain úr 2022/23 ar na mallaibh. Tá cuireadh roimh gach cleachtóir gaelscoile páirt a ghlacadh sna deiseanna forbartha lómhara seo go léir. Tá sráith ar leith ann a chuirfear i láthair iad i nGaeilge amháin agus tá fearadh na fáilte roimh mhúinteoirí agus roimh cheannairí na hearnála freastal orthu seo ach go háirithe.
Beidh siad ar siúl i gcónaí ar an Mháirt ó 3.30in - 4.30in. Le clárú, níl le déanamh ach cliceáil ar an nasc thíos:
Meitheamh / June 2022
Ardú Feasachta den Ghaelscolaíocht ar Ardán Idirnáisiúnta!
I Mí Mheithimh 2022, tháinig acadóirí ó 'Davidson College, North Caroline', RSA go Coláiste Feirste chun tuilleadh eolais a bhailiú ar an Ghaelscolaíocht. Thug an príomhoide agus an fhoireann bhainistíochta shinsearach iad ar chamchuairt thart ar an choláiste agus mhínigh siad fás agus forbairt na scoile. Bhí daltaí ón scoil páirteach i seisiún ceisteanna agus freagraí, ag maíomh luach an tumoideachais ar a dturas foghlama. Bhain na cuairteoirí an-sult agus tairbhe ar fad as an chuairt agus tá siad anois ag dréim le pilleadh, san am atá le teacht, chun staidéar níos doimhne a dhéanamh ar an earnáil éiritheach éirimiúil.
Raising Awareness of IM Education on an International Level
In June 2022, academics from Davidson College, North Carolina, USA, visited Coláiste Feirste to learn more about Irish-Medium Education. The principal and senior leadership team provided a tour and overview of the schools history and growth. Pupils from the school participated in a question and answer session outlining the value of immersive education in their learning journey. The guests had a wonderful experience and are now looking forward to returning, in the future, to look closer at the growing IM Sector.