Tá lúcháir orainn go mbeidh an Dr Pádraig Ó Coileáin linn chun an tsraith seo a chur i láthair. Tá an-taithí ag Pádraig ar ranganna teagaisc agus gramadaí a sheachadadh.
Sa chéad cheacht, tabharfar athchuairt ar an tuiseal ginideach agus san áireamh ann, beidh;
- athbhreithniú ar an eolas gramadaí chun tacú le cur i bhfeidhm an tuisil ghinidigh (m. sh iolrachas).
- siúl trí choinbhinsiúin na ndíochlaonta.
- tascanna daingnithe chun an fhoghlaim a chleachtadh.
- deis do rannpháirtithe ceisteanna a chur agus réimsí éiginnteachta a fhiosrú.
Sa dara ceardlann seo, scrúdaítear cuid de na hearraidí cainte is coitianta a chluintear sa timpeallacht scoile, agus dóigheanna chun cruinneas a chur chun cinn.