Rannta Gaeilge
An Bogha báistí
Dearg agus glas,
Gorm agus buí.
Féach sa spéir,
An Bogha Báistí.
Laethanta na seachtaine
Dé Luain, Dé Máirt
Dé Luain Dé Máirt,
Dé Luain Dé Máirt is Dé Céadaoin.
Déardaoin, Dé hAoine,
Déardaoin, Dé hAoin,
Dé Satharn is Dé Domhnaigh.
Lámh, lámh eile
a haon, a dó.
Cos cos eile
a haon a dó.
Rólaí Pólaí
suas, suas, suas.
Rólaí Pólaí,
síos, síos, síos.
Rólaí Pólaí,
amach, amach, amach.
Rólaí Pólaí,
isteach, isteach, isteach.
Is mise an madra
Is mise an madra,
bhuf bhuf bhuf!
Is mise an cearc,
tiuc, tiuc, tiuc!
Is mise an bhó,
Mú, mú, mú!
Is mise an coilleach,
Cocadúdaldú!
Tá muid ag foghlaim a lán rannta Gaeilge. Is féidir linn iad a chleachtadh agus a dhéanamh sa bhaile.
Aon, Dó, Muc is Bó.
Trí, Ceathair mála leathair.
Cúig, sé, cupán tae.
Seacht, ocht, teidí bocht,
Naoi, deich, cáca te.
Aon, dó, trí
Tá puisín in a luí,
Bígí ciúin, bígí ciúin.
Ná dúisigí í.
Dhá éan bheaga
Ina suí ar an mballa.
Ceann acu Peadar
Agus ceann acu Pól.
Imigh leat a Pheadair
Agus Imigh leat a Phóil.
Tar ar ais a Pheadair
Agus tar ar ais a Phóil.
Róisín Beag ar Scoil
Tá Róisín beag ag dul ar scoil
Ag dul ar scoil, ag dul ar scoil.
Tá Róisín beag ag dul ar scoil
Le mála ar a droim.
Ina mála tá cóipleabhair.
Tá cóipleabhair, tá cóipleabhair.
Ina mála tá cóipleabhair,
Peann luaidhe agus criáin.