Cá bhféadfainn fanacht?
Tá Ollscoil Luimnigh suite lasmuigh de chathair Luimnigh. Le haghaidh moltaí maidir le cá háit le háirithint a dhéanamh, féach ar an rannóg "An tIonad" le do thoil.
Tá riachtanais rochtana bhreise agam. Cad is féidir le IRAAL a dhéanamh ar mo shonsa?
Agus tú i mbun clárúcháin, iarrfar ort aon riachtanais bhreise atá agat a lua. Beidh an Coiste i dteagmháil leat ansin chun plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr freastal ort.
Cathain is féidir liom clárú don dinnéar comhdhála?
Tá spásanna teoranta ar fáil do dhinnéar na comhdhála agus beidh tús áite ag an té a chláraíonn luath. Más mian leat freastal ar an dinnéar, ní mór duit clárú agus táille an dinnéir a íoc agus tú ag clárú don chomhdháil.
An bhfuil páirceáil ar fáil in Ollscoil Luimnigh?
Beidh spásanna páirceála an-teoranta le linn na comhdhála agus ní féidir linn spásanna a chur in áirithe. Molann muid go mór duit teacht chun na hollscoile ar an gcóras iompar poiblí. É sin ráite, beidh roinnt spásanna páirceála íoctha ar fáil. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar an rannóg "An tIonad" le do thoil.
Cathain a fhoilseofar an clár/sceideal?
Beidh clár na comhdhála ar fáil nuair a dhúnfar an nasc clárúcháin tar éis an 25 Meán Fómhair 2026. Féach ar an rannóg "An Clár".
Ní ball IRAAL mé ach ba mhaith liom leas a bhaint as an táille níos ísle. Cad is féidir liom a dhéanamh?
Cuir isteach ar bhallraíocht IRAAL ag https://iraal.ie/membership-levels/. Má íocann tú an táille laghdaithe cé nach ball IRAAL thú, beidh ort an difríocht a íoc sula bhfreastalaíonn tú ar an gcomhdháil.
Táim ag freastal ar an JRM (Cruinniú Taighdeoirí Sóisearacha de chuid AILA). Cén táille a bhaineann liomsa?
Más ball AILA thú atá ag freastal ar an JRM de chuid AILA-Europe, roghnaigh an táille do bhaill IRAAL (€75). Má íocann tú an táille laghdaithe cé nach ball AILA thú, beidh ort an difríocht a íoc sula bhfreastalaíonn tú ar an gcomhdháil.
An féidir liom aisíocaíocht a fháil mura féidir liom freastal ar an gcomhdháil a thuilleadh?
Ní bheidh sé d’acmhainn againn aisíocaíochtaí a sholáthair faraor.
An féidir liom lascaine a fháil mura bhfreastalaím ach ar aon lá amháin den chomhdháil?
Ar an drochuair, níl an cineál seo lascaine ar fáil.