Ollscoil Luimnigh
Caladh an Treoigh, Co. Luimnigh, V94 T9PX
Lá 1: Dé hAoine An 13 Samhain
Maidin Dé hAoine
'The Globe' (Áras Clóis Shruth an Mhuilinnn)
Íoslódáil léarscáil champas na hOllscoile (Uimhir 46)
Cód an tSeomra: MC-010
Tráthnóna Dé hAoine
Ionad na dTeangacha (Áras na dTeangacha, Thíos Staighre)
Íoslódáil léarscáil champas na hOllscoile (Uimhir 30)
Cóid na Seomraí: (Le deimhniú)
Oíche Dé hAoine - Dinnéar na Comhdhála
Bialann McLoughlin's, Óstán Pháirc Chaladh an Treoigh (V94 Y0AN)
Biachlár (le deimhniú) (roghanna ar fáil d'fheoilséantóirí/do veigeáin/saor ó ghlútan)
Lá 2: Dé Sathairn An 14 Samhain
Lá Iomlán
Scoil Ghnó Kemmy (le deimhniú)
Íoslódáil léarscáil champas na hOllscoile (Uimhir 28)
Cóid na Seomraí: (le deimhniú)
Ag teacht go Luimneach
Carr
D'fhéadfaí teacht ar Luimneach go héasca ar an mótarbhealach nó ar bhóithre náisiúnta, go háirithe an M7 ó Bhaile Átha Cliath agus an N18/M18 ó Shionainn/Ghaillimh.
Traein
Bíonn seirbhís dhíreach traenach ó Ghaillimh, Bhaile Átha Cliath nó Chorcaigh go Stáisiún Traenach Luimnigh (Stáisiún Colbert) ann cúpla uair in aghaidh an lae. Tuilleadh eolais ag Iarnród Éireann
Eitleán
Is é Aerfort na Sionainne an t-aerfort is cóngaraí do Luimneach agus is iomaí nasc idirnáisiúnta atá ar fáil ann. Bus ón aerfort: Bíonn bus rialta ann go lár chathair Luimnigh (30-40 nóiméad): Bus 343. Tacsaí ón aerfort: 20-25 nóiméad.
Aerfort Bhaile Átha Cliath:
Bus: Bíonn seirbhís dhíreach bus go Luimneach ann: Féach Citylink (Bealach 712), DublinCoach (Roghnaigh an bealach a stopann ag Ollscoil Luimnigh)
Ag teacht go hOllscoil Luimnigh
Tá Ollscoil Luimnigh suite i gCaladh an Treoigh, thart ar 3km ó lár na cathrach. Beidh líon na spásanna páirceála an-srianta, go háirithe Dé hAoine. Mar sin molann muid go mór duit teacht chun na hOllscoile ar an gcóras iompar poiblí mar a mhínítear anseo thíos:
Bus
Ceanglaíonn na busanna 304, 304A, agus 310 cathair Luimnigh leis an Ollscoil. De ghnáth, bíonn táille idir €1.90 agus €2.20 ann do dhaoine fásta. D'fhéadfá íoc le hairgead tirim nó leis an gCárta Leap TFI. Ní ghlactar le cártaí creidmheasa/dochair. Tá tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin Bus Éireann anseo. Tá roinnt mhaith stadanna bus suite i gCaladh an Treoigh gar d'Ollscoil Luimnigh. Tuirling ag stad bus na hOllscoile (Na Stáblaí) (uimhir 16 ar léarscáil an champais).
Tacsaí
Is féidir tacsaí a fháil ar an tsráid, agus tá stadanna tacsaithe áisiúla suite ar Shráid Uí Chonaill agus ar Shráid Liam. Glacfaidh roinnt tacsaithe le híocaíochtaí cárta ach ní ghlacfaidh roinnt eile acu ach le hairgead tirim, moltar ceist a chur ar an tiománaí ar dtús. Dé ghnáth, is é an costas a bhíonn ar thacsaí ó lár na cathrach chuig Ollscoil Luimnigh ná thart ar €15-€20. Faigh liosta leis na seirbhísí tacsaithe áitiúla anseo. Nó is féidir leat tacsaí a chur in áirithe agus an táille a íoc san aip Swift Taxis nó an aip FreeNow.
Rothar/Siúl
Is campas 'Smarter Travel' é Ollscoil Luimnigh agus tá bealach glas le radhairc áille na Sionainne ann don té a thaitníonn rothaíocht nó siúlóid leo. Is féidir rothar a fháil ar iasacht leis an scéim TFI Bikes agus leas a bhaint as na stáisiúin rothair ar fud na cathrach agus ar fud an champais. Tógann sé thart ar 20 nóiméad ar an rothar nó 60 nóiméad ag siúl ó lár na cathrach go hOllscoil Luimnigh.
Lóistín
Faraor níl aon lascainí lóistín ar fáil do lucht freastail na comhdhála. Moltar do rannpháirtithe a socruithe féin a dhéanamh a luaithe agus is féidir agus áirithint a dhéanamh go díreach leis an ionad lóistín.
Tá roinnt roghanna lóistín atá suite gar do champas na hollscoile, nó atá rochtain mhaith acu ar an gcóras iompar poiblí ar an liosta seo thíos:
Tá tuilleadh eolais anseo thíos ar an lóistín atá faoi bhainistíocht na hollscoile:
Páirceáil
Beidh líon na spásanna páirceála an-srianta, go háirithe Dé hAoine.
É sin ráite, tá idir pháirceáil saor in aisce agus pháirceáil íoctha ann ar an gcampas. Gearrtar ráta comhréidh €3.00 in aghaidh an lae ar an bpáirceáil íoctha agus ní mór í a íoc in airgead tirim.
Éilíonn limistéir pháirceála foirne ceadúnas bailí foirne; d’fhéadfadh feithiclí atá páirceáilte gan an ceadúnas ceart a bheith faoi réir clampála, rud a chuirtear i bhfeidhm go docht.
Dá bhrí sin, moltar go láidir do lucht freastail na comhdhála leas a bhaint as an gcóras iompar poiblí.
Is féidir tuilleadh sonraí faoi shocruithe páirceála a fháil anseo: https://www.ul.ie/buildings/parking