Comhdháil Bhliantúil IRAAL
21-22 Samhain 2025
Coláiste na Tríonóide
Comhdháil Bhliantúil IRAAL
21-22 Samhain 2025
Coláiste na Tríonóide
'An Teangeolaíocht in Éirinn: Ag machnamh ar an am atá thart, ag
breathnú ar an am atá romhainn
Ceiliúradh 50 bliain Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí in Éirinn
GAIRM AR PHÁIPÉIR
Féachtar le comhdháil chomóradh 50 bliain IRAAL réimsí uile na teangeolaíochta feidhmí in Éirinn a
thabhairt le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar leathchéad bliain d’obair léinn an chumainn.
Cuirfear fáilte roimh achoimrí (250 focal ar a mhéad) ar chuir i láthair taighde agus choincheapúla i
réimse ar bith den Teangeolaíocht Fheidhmeach, lena n-áirítear na réimsí seo a leanas:
An Dátheangachas
An Breisteangachas
An tIlteangachas agus/nó an Trasteangú
An Teangeolaíocht Chorpais
Beartais Teanga agus an Phleanáil Teanga
Foghlaim, Teagasc agus Measúnú Teangacha
Foghlaim Ríomhchuidithe Teangacha
An Teangeolaíocht Theoiriciúil, Thuairisciúil agus/nó Stairiúil
An Sealbhú Teanga (T1, T2 agus teangacha breise)
Anailís (Chriticiúil) Dioscúrsa
Cuirfear fáilte roimh achoimrí ar na cineálacha seo cur i láthair:
Páipéar 20-nóiméad, agus 5 nóiméad le haghaidh ceisteanna agus plé
Painéal nó seisiún plé ar théama faoi leith, a mbeidh 3-4 cainteoirí páirteach ann.
Póstaer
Cuirfear fáilte ar leith roimh achoimrí a bhaineann le téama na comhdhála. Beidh fáilte roimh
pháipéir i nGaeilge agus roimh pháipéir ó mhic léinn iarchéime agus ó thaighdeoirí luathghairme.
Cuir d'achoimre isteach ANSEO.
Spriocdháta: 30 Meitheamh, 2025
Toradh an phroisis phirarmheasúnuithe: Thart ar 31 Lúnasa, 2025
An Lárionad Léann Teanga agus Cumarsáide,
Scoil na nEolaíochtaí Teangeolaíochta,
Urlabhra agus Cumarsáide