Aoichainteoirí
Aoichainteoirí
Scoil na dTeangacha, na gCultúr agus na Teangeolaíochta
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Is ollamh le teangeolaíocht í Bettina Migge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Pléann a cuid taighde leis an tsochtheangeolaíochta, an teagmháil teanga, an tsochphragmaitic iarchoilíneach, doiciméadú teanga agus díríonn sí ar Chrióil, go háirithe iad siúd a labhraítear i Suranam agus i nGuáin na Fraince, ar Bhéarla na hÉireann, agus ar theanga i ré an mheaisín-daonna. Is eagarthóir í ar an Journal of Pidgin and Creole Languages.
Roinn an Oideachais, Ollscoil Oxford
Is Ollamh le Teangeolaíocht Fheidhmeach é Heath Rose i Roinn an Oideachais, Ollscoil Oxford. Tá sé ina chomhordaitheoir ar an Ghrúpa Taighde um Theagasc Trí Mheán an Bhéarla é agus reáchtálann sé an Líonra Taighde EMI Oxford. Baineann spéiseanna taighde Heath le réimse an teagaisc agus na foghlama teanga. Tá leabhair foilsithe aige ar Bhéarla Domhanda, ar mhodhanna taighde, agus ar bhailiú sonraí. Ta sé ina chomheagarthóir sraithe ar Cambridge Elements in Language Teaching. Sula ndeachaigh sé leis an acadúlacht, d'oibrigh Heath mar theagascóir teanga i réimse suíomhanna san Astráil agus sa tSeapáin.