Gníomhaíochtaí Sheisiún 3
TÁBHACHTACH: Molaimid na nithe seo a leanas don ghníomhaíocht seo::
Ainmnigh duine amháin i ngach grúpa chun a scáileán/fuaim a roinnt
Chun an scáileán a chomhroinnt - cliceáil ar an gcnaipe glas 'roinn scáileán' i do bharra rialaithe. Roghnaigh do scáileán ó na roghanna agus cuir tic sa bhosca sa chúinne ag an mbun chun 'fuaim a roinnt'.
Scrollaigh síos le haghaidh níos mó ⬇️
Gníomhaíocht: Éisteacht Dhomhain
Fiosraíonn Éisteacht Dhomhain an difríocht idir nádúr neamhdheonach na héisteachta agus nádúr deonach, roghnach na héisteachta agus a luach sa seomra Staire
Treoracha: Seomra ar an Imeall ar feadh 15 nóim
1) Comhroinn scáileán agus fuaim
2) Léigh na leidcheisteanna a ghabhann leis an dá ghearrthóg thíos
3) Mar ghrúpa, éistigí leis an dá ghearrthóg fuaime
4) Agus sibh ag éisteacht, agus ag baint úsáid as na leideanna, taifead le peann agus páipéar nó ar do ghléas, aon tráchtanna, tuairimí, ceisteanna nó smaointe atá agat
5) Pléigh do chuid tráchtanna, smaointe, tuairimí agus ceisteanna le baill eile an ghrúpa
6) Ainmnigh duine amháin chun aiseolas a thabhairt don phríomhsheomra
Gearrthóg 1: Patrick Kielty Dé Domhnaigh le Miriam le caoinchead RTÉ.
Gearrthóg 2: Arlene Foster ar an Late Late Show le caoinchead RTÉ.
Leideanna
Cén réamhfhoghlaim a theastódh ó scoláirí sula n-éistfeadh siad?
Cad iad na foinsí eile a d'fhéadfá a úsáid i do rang chun an scoláire a spreagadh éisteacht leis na gearrthóga?
Ag cén chéim le linn aonad foghlama a d'úsáidfeá na gearrthóga seo le do chuid scoláirí?
Ceisteanna Féideartha do Scoláirí
Cad é atá ar eolas agat cheana féin agus a thuigeann tú faoi na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann?
Cén léargas nua, más ceann ar bith, a thug an ghearrthóg fuaime seo duit faoi chúiseanna, cúrsa agus iarmhairtí na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann?
Cad iad na ceisteanna atá agat fós?
Cad é an rud is suntasaí faoi gach gearrthóg duit agus cén fáth?
Conas a mhothaigh tú tar éis duit éisteacht leis an taifeadadh?
Cad iad na foinsí a bhféadfá dul ina gcomhairle chun níos mó a fhoghlaim?