Seisiún 2: Gníomhaíocht
Gníomhaíocht an Ghorta Mhóir: Dearcadh a Ghlacadh
Treoracha
Mar ghrúpa, léigí bhur bpróifíl charachtair agus na roghanna a thugtar.
Rangaígí na roghanna in ord mar a roghnódh bhur gcarachtar iad in bhur dtuairim. Tugaigí údar le bhur gcúiseanna.
Mar ghrúpa, pléigí na nithe seo a leanas:
Cén réamheolas a theastódh ó scoláirí sula rachadh siad i mbun na gníomhaíochta seo?
Conas a d'fhéadfaí an ghníomhaíocht seo a leathnú tuilleadh chun freastal ar bhur gcuid scoláirí?
Cad iad na torthaí foghlama nó na topaicí foghlama eile a bhféadfaí an ghníomhaíocht seo úsáid iontu?
Tiarna Talún - Grúpa 1/5
An bhliain 1848 atá ann, is tiarna talún ar eastát beag in iarthar na hÉireann thú, ceann de na réigiúin is measa a buaileadh le linn an Ghorta Mhóir. Tá 80 teaghlach ar d'eastát. De dheasca roinnt dhrochfhómhar i ndiaidh a chéile, tá méadú tagtha ar ghadaíocht ar do chuid tailte agus ní féidir le roinnt tionóntaí an cíos a íoc. Dá bharr sin, tá tú ag dul níos mó i bhfiacha. Cad iad na bearta is féidir leat a dhéanamh?
Do chuid tionóntaí a díshealbhú agus a gcuid tithe a scriosadh mar cheacht do dhaoine eile toisc nach bhfuil sé d'acmhainn agat cabhrú le do thionóntaí mura n-íocfaidh siad an cíos.
Fóirdheonú a dhéanamh ar imirce do thionóntaí le dul thar sáile.
An gorta mór a úsáid mar dheis chun píosaí beaga talún a thabhairt le chéile i bhfeirmeacha níos mó, rud a chiallóidh níos mó bia dóibh siúd a fhanann.
Na cíosanna a laghdú deich faoin gcéad.
Gearán a dhéanamh le Constáblacht na hÉireann faoi do chuid tionontaí a bheith ag goid
Feirmeoir Tionóntach - Grúpa 2/6
Is tionónta den cheathrú grád thú atá i do chónaí i mbothán láibe aon seomra leapa in iarthar na hÉireann, ceann de na ceantair is measa a buaileadh le linn an Ghorta Mhóir. Tá cúigear páistí agat atá 1, 4, 7, 11, 14 bliana d'aois. Tá do bharra buailte ag dúchan prátaí agus níl aon bhealach agat cíos a íoc ná beatha a thabhairt do do theaghlach. Cad é a dhéanfaidh tú?
Do theaghlach a bhogadh chuig teach na mbocht agus a fhios agat go scarfar sibh agus go mb'fhéidir nach bhfeicfeadh sibh a chéile arís.
Airgead a fháil ar iasacht chun íoc as cuid de do theaghlach dul ar imirce.
Impí ar do thiarna talún cabhrú leat féin agus le do theaghlach tríd an gcíos a laghdú.
Fanacht ar do thalamh ar feadh bliain amháin eile, agus guí le haghaidh fómhar rathúil an bhliain dár gcionn.
Clárú le haghaidh scéim oibreacha poiblí.
Oifigeach an Rialtais - Grúpa 3
An bhliain 1845 atá ann, is oifigeach de chuid rialtas na Breataine thú a bhfuil sé de chúram ort cinneadh a dhéanamh faoi cad é a ba cheart a dhéanamh faoin nGorta Mór. Cad é a mholfá?
Scéimeanna oibreacha poiblí a chruthú trí Bhille Oibreacha Poiblí.
Bia ó thar lear a iompórtáil le díol leis na boicht m.sh. béile Indiach (béile arbhair / min bhuí).
Cur le líon Chonstáblacht na hÉireann le déileáil le hachrainn faoin tuath.
A mholadh nach ndéantar aon rud sa bhreis, leanúint le cur chuige laissez-faire.
Méadú ar dhíbirtí dóibh siúd a chúisítear i gcoireanna, lena n-áirítear goid bia agus eallaigh.
Imirceach le linn an Ocrais Mhóir - Grúpa 4
Faoi 1847, tá do chlann tar éis bás a fháil nó dul ar imirce go dtí an Bhreatain, Stáit Aontaithe Mheiriceá nó Ceanada. Táthar díreach tar éis tú a dhíshealbhú, cad é a shocraíonn tú a dhéanamh?
Diúltú do theach a fhágáil agus scríobh chuig baill teaghlaigh thar lear chun cabhair airgeadais a fháil agus a fhios agat gur dócha go ngabhfar thú agus go scriosfar do theach.
Dul isteach i dteach na mbocht.
Iompú i do Phrotastúnach le súil go mbeidh teacht níos éasca agat ar bhia ach a fhios agat go bhféadfadh do phobal féin tú a chur ar ionnarba nó a dhúdhiúltú dá bharr.
Dul i muinín na coireachta chun tú féin a chothú agus a fhios agat go bhfuil na pionóis dian má bheirtear ort, daorobair agus díbirt san áireamh.
Cúl a thabhairt le do theanga dhúchais i bhfabhar an Bhéarla chun do chuid deiseanna fostaíochta a fheabhsú.