Ról na Drámaíochta
Teideal: Ról na Drámaíochta in Athghreim na Teanga Labhartha
Fad: Timpeall 45 bom
Dírithe ar: Gach eochairchéim
Tuilleadh eolais faoin cheardlann: Chonacthas go raibh dochar mór déanta ar shealbhú na Gaeilge inár scoileanna mar gheall ar thionchar na paindéime agus mhothaigh muid go mbeadh an cheardlann seo tairbheach. Díríonn an cheardlann seo isteach ar an dóigh a bhfuil an drámaíocht ina uirlis luachmhar i sealbhú na teanga agus ar an dóigh is fearr chun tabhairt faoin drámaíocht. Chomh maith leis sin, déantar plé ar an dóigh is fearr chun an drámaíocht a fhorbairt taobh istigh den seomra ranga, taobh istigh den scoil agus taobh amuigh den scoil.
Chun teacht ar thaifeadadh agus ábhair na ceardlainne seo, brúigh ar an nasc thíos https://bit.ly/3rilTxy