Spriocdháta: Dé Domhnaigh an 12 Aibreán 2026
Téama na Comhdhála:
Dearcthaí i leith teangacha: An t-ilteangachas, an deisteangachas agus an t-oideachas teanga ar mhaithe le domhan níos daonlathaí, níos cothroime agus níos inbhuanaithe.
Cuireann Comhdháil Bhliantúil Chumann na Teangeolaíochta Feidhmí (IRAAL) 2026 fáilte roimh achoimrí (250 focal ar a mhéad) ar chuir i láthair taighde agus choincheapúla i réimse ar bith den Teangeolaíocht Fheidhmeach, lena n-áirítear na réimsí seo a leanas:
An Dátheangachas
An tIlteangachas & An Deisteangachas
An Trasteangú
An tIdirchultúrachas
An Beartas Teanga agus an Phleanáil Teanga
Oideachas Teanga & Teagasc, Foghlaim agus Measúnú Teanga
Sealbhú An Dara Teanga
Síceolaíocht an Fhoghlaim Teanga
Pragmataic
An Teangeolaíocht Chorpais
An Teangeolaíocht Stairiúil
Léann an Aistriúcháin & na hAteangaireachta
Cuirfear fáilte roimh achoimrí ar na cineálacha seo cur i láthair:
Páipéar 20-nóiméad, agus 5 nóiméad le haghaidh ceisteanna agus plé
Painéal nó seisiún plé 60-nóiméad ar théama faoi leith, a mbeidh 3-4 cainteoirí páirteach ann.
Póstaer
Cuirfear fáilte roimh achoimrí a bhaineann le téama na comhdhála, rannpháirtíocht trí Ghaeilge agus pháipéir ó mhic léinn iarchéime agus ó thaighdeoirí luathghairme. I mbliana, ós rud é go mbeidh AILA-Europe Junior Researchers Meeting (JRM) inár gcomhluadar, cuirfear fáilte roimh rannpháirtíocht thaighdeoirí luathghairme atá ina mbaill d’eagraíochtaí aitheanta de chuid AILA-Europe agus beidh teacht acu ar an ráta clárúcháin laghdaithe.
Cinneadh déanta ar achoimrí: Dé Máirt an 12 Bealtaine 2026
Is féidir ceisteanna a chur chuig: iraalconference2026@ul.ie