Cuirtear an-bhéim ar an nGaeilge labhartha sa scoil seo.
Bíonn béaltriail le déanamh ag daltaí na hidirbhliana le scrúdaitheoir seachtrach.
Déantar scrúdú béil arís do mheasúnú na Feabhra sa chúigiú bliain agus le scrúdaitheoir seachtrach i mí na Bealtaine.
Bíonn deis ag na daltaí béaltrialacha a chleachtadh go minic le linn na scoilbhliana lena gcuid múinteoirí féin.
Bíonn ár ndaltaí ullamh agus múiníneach i gcónaí agus iad ag tabhairt faoin mbéaltriail don ardteistiméireacht. Bíonn 40% ag dul don bhéaltriail..
Gaeilge sa cheantar
Na scoileanna sa cheantar ag obair le chéile ar son na Gaeilge
Bíonn deis ag daltaí idirbhliana modúl darb ainm ‘Primary School Link' a dhéanamh. Mar chuid den mhodúl seo bíonn siad ‘Ag Múineadh Gaeilge’ sa bhunscoil agus ag déanamh ‘Léitheoireachta’ sa Ghaelscoil. Téann daltaí go dtí an bhunscoil gach Déardaoin agus múineann siad Gaeilge do gach bliainghrúpa ar feadh 6 seachtaine. Bíonn deis ag ár ndaltaí 3 seachtaine a chaitheamh sa Ghaelscoil freisin ag léamh leis na páistí ó naíonaín mhóra agus rang a haon.
Baineann ár ndaltaí an-sult agus tairbhe as an modúl seo.
Information about the Irish senior cycle curriculum can be found on the link below;