Cuirtear an-bhéim ar an nGaeilge labhartha sa scoil seo. Bíonn na múinteoirí ag labhairt as Gaeilge sna ranganna agus bíonn siad ag súil le Gaeilge a chloisteáil óna daltaí chomh maith. 'Beatha teanga agus í a labhairt'. Múintear an Ghaeilge ar bhealach taitneamhach tríd cluichí, amhráin agus an Ghaeilge a labhairt.
Bíonn deiseanna ag na daltaí a gcuid Gaeilge labhartha a chleachtadh i rith na blianta.
3ú bl - MRBanna
2bl - Béaltriail (Feabhra )
1bl- Béaltriail (Feabhra)
More information about the Junior Cycle Irish Curriculum is available by clicking the link below;
Bhí gníomhaíochtaí den scoth ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge. Bhí rudaí éagsúil le déanamh ag gach bliainghrúpa.
Bhí céilithe, tráthanna na gceist, agus ceolchoirm Lá Fhéile Phádraig ann. Bhí Gaeilge le cloisteáil timpeall na scoile, sna ranganna ar ndóigh ach freisin bhí cómhráite Gaeilge ar siúl sna hallaí agus sa Chlub Gaeilge Labhartha.
Beatha teanga í a labhairt!!!