A great start to December with our Strictly Dancing Fundraiser Show. It was a fabulous night of style and talent. We were treated to amazing dances from Bliain 1 to Bliain 6, with a surprise finalé from the múinteoirí!
Buíochas mór leis na moltóirí: Grace Hannon, Daire Ó Maoléadaigh, agus Laura Ní Ghreacháin.
Agus le Shane Coleman agus Emma Duffy as ucht a bheith linn mar láithreoirí ar an oiche.
Foireann Cispheile na mBuachaillí faoi-19
Foireann Cispheile na gCailíní faoi-19 (Sponsored by Ebano)
Foireann Peile na gCailíní
Ár bhfoireann óg Camógaíochta
Cluiche Iomána den scoth i gcoinne St David's in Ard Aidhin.
A group of our TY students below, taking advantage of the Christmas market to sell cookies in the hopes of raising funds for their sports teams.
If you would like to help by sponsoring one of our brilliant teams, please get in touch.
Comhghairdeachas Libh Uilig! 👏Bronnadh Gaeilgeoir na Míosa ar ghrúpa iontach scoláirí le hiarscoláire Síofra Ní Nualláin, atá ag obair le Gaelbhrathach.
Bhí tallann agus nuálaíocht den scoth le feiceáil ag Margadh na Nollag, eagraithe ag an Rang Fiontraíochta i mbliana.
Bhí seirbhís álainn carúil againn i Halla na Scoile ag deireadh an téarma. Bhí sé iontach am a ghlacadh i gcuideachta a chéile agus cuimhneamh ar fhíorbhrí na Nollag: Síocháin, Áthas agus Grá.
D’inis ár gcéad bhliain scéal an Linbh Íosa dúinn, agus ardaíodh ár gcroíthe leis an gceol álainn ó chór agus cheoltóirí na scoile.
We held a special Carol Service last week with the whole school community gathered together in each other’s company to celebrate the true-meaning of Christmas; Peace, Joy and Love.
Our first years narrated the Nativity story, accompanied by the music of our school choir and musicians. It was an enjoyable and meaningful way to end the year. Míle buíochas le gach duine a ghlac páirt.
Ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil lenár ndaltaí agus lenár dteaghlaigh as a bhflaithiúlacht dochreidte lenár gCiseáin Nollag. Is léiriú fíor ar luachanna Dhoiminiceacha ár scoile bhur gcineáltas, rud a léiríonn tiomantas don tseirbhís do dhaoine eile.
Táimid thar a bheith bródúil as ár ndaltaí as ár n-éiteas a léiriú i mbealach chomh flaithiúil, agus as dóchas a thabhairt do dhaoine eile ag an Nollaig.
Our Christmas Hampers.
We would like to extend our deepest gratitude to our students and families for their incredible generosity with our Christmas Hampers. Your kindness truly embodies our school's Dominican values, reflecting a commitment to compassion, community, and service to others.
We are immensely proud of our students for living out our ethos so vibrantly and for bringing hope and solidarity to others at Christmas.
Ar an 17ú Nollaig, ghlac scoláire na hIdirbhliana páirt i gCodladh Lasmuigh ar son Focus Ireland. Tháinig siad ar ais ar scoil ar a 19.30 agus d'fhanadar thar oíçhe go dtí 07.30 an mhaidin dár gcionn. Bhí an aimsir fuar agus fliuch ach ghlac gach duine páirt go fonnmhar, agus bhailigh siad €4,103 chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine gan dídeán. Míle buíochas le Cormac Ó Raghallaigh as ucht na hócáide speisialta seo a eagrú agus le Aimee Salangéir, Caomhán Seoige agus Daithí MacGabhann, a d'fhan thar oíche leo chomh maith.
Ní tharlódh na hocáidí speisialta seo gan tacaíocht agus rannpháirtíocht na foirne.
Ba mhaith linn freisin ár mbuíochas ó chroí a ghabháil libhse, pobal Scoil Chaitríona don tacaíocht a thugann sibh dúinn anseo i gcónaí!
We would like to express our sincere thanks to the community of Scoil Chaitríona who supported Our Sleepout for Focus Ireland, Our Hamper Appeal, and who support our students and our school in all our endeavours.
Nuacht Díreach Tagtha!
Fuaireamar amach an tseachtain seo go mbeidh ceathrar ón scoil ag canadh ag an gCeolchoirm Emmanuel sa Helix mar aonréad i mbliana.
Comhghairdeachas le Heidi Ní Cheallaigh agus Honor Nic Giolla Chainnigh ó Bhliain 1, agus le Naoise Nic Risteard agus Alexandra Ní Mhaoilearn ó Bhliain 4.
Táimid an-bhródúil astu as an éacht seo a bhaint amach. Bhí an chaighdeán an-ard i mbliana.
Breaking News: It is our great pleasure to announce that four of our students will be performing as soloists at the Emmanuel Concert in the Helix in March 2026.
This news is even more amazing by virtue of the fact that two of the chosen singers are First Years: Maith sibh Heidi Ní Cheallaigh and Honor Nic Giolla Chainnigh.
Naoise Nic Risteard and Alexandra Ní Mhaoilearna from Bl5 will also be representing Scoil Chaitríona onstage. Maith sibh a chailíní. We are so proud of you all!