An Chomhairle Mhúinteoireachta

An Chomhairle Mhúinteoireachta

Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht um chaighdeáin ghairmiúla do ghairm na múinteoireachta, a chuireann chun cinn agus a rialaíonn caighdeáin ghairmiúla sa mhúinteoireacht. Tá an Chomhairle freagrach as gach ceann de na céimeanna a dtéann an duine tríothu le bheith ina mhúinteoir nuair a shocraíonn sé gur mhaith leis a bheith ina mhúinteoir. Tugann siad comhairle don Aire Oideachais freisin ar mhórán nithe amhail na critéir nach mór do mhic léinn a chomhlíonadh chun iontráil a bhaint amach ar chláir Oideachais Tosaigh Múinteoirí (OTM). Tá caighdeáin agus muinín ina gcroímhíreanna d’obair na Comhairle. Déanann an Chomhairle na caighdeáin a shocrú agus a choimeád do ghairm na múinteoireachta a ligeann, ansin, do thuismitheoirí agus don mhórphobal muinín a bheith acu as an ngairm.

Breathnaigh ar faoi ról na Comhairle Múinteoirí anseo.

Cad a dhéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta?

Tá oifigí na Comhairle Múinteoireachta lonnaithe i Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Anseo, déanann an Chomhairle próiseáil ar chlár agus ar ghrinnfhiosrúchán Gardaí ar corradh is 106,000 múinteoir ar an gclár. I measc obair eile tá athbhreithniú agus creidiúnú 75 clár an oideachais tosaigh múinteoirí agus fiosrú ar ghearáin a dhéantar i gcoinne múinteoirí cláraithe faoin bpróiseas maidir le Feidhmiúlacht chun Múineadh.

Cad eile a dhéanann an Chomhairle?

Tá an Chomhairle i mbun a lán tionscadail chorraitheacha agus nuálacha eile chun cabhrú le teagasc agus foghlaim a chur chun cinn.

Cosán

Cuirtear bonn faoin teagasc le foghlaim leanúnach ar feadh an tsaoil. Le Cosán, an chéad chreat náisiúnta le haghaidh foghlaim múinteoirí, tá an Chomhairle ag iarraidh aitheantas a thabhairt do gach foghlaim ghairmiúil a dhéanann múinteoirí. Athraíonn na rudaí a bhfoghlaimíonn múinteoirí fúthu agus conas a fhoghlaimíonn siad ó scoil go scoil agus ó mhúinteoir go múinteoir. Níl aon bhealach socraithe foghlama ann, agus feicimid, mar mhúinteoirí, é sin gach lá san fhoghlaim inár seomra ranga, agus táthar ag iarraidh an fhoghlaim sin a chur chun cinn trí chaighdeáin, luachanna agus prionsabail.

Le Cosán oiltear múinteoirí mar ghairmithe neamhspleácha freagracha ag foghlaim, agus aithnítear an iomad bealaí éagsúla a bhfoghlaimíonn siad, lena n-áirítear foghlaim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil. Dá réir sin, cuirtear luach ar fhoghlaim múinteoirí trí raon próisis foghlama, lena n-áirítear rannpháirtíocht i gcomhráite gairmiúla, alt ábhartha a léamh, cómhúinteoireacht le comhghleacaí agus rannpháirtíocht i machnamh comhoibríoch ina dhiaidh, freastal ar ócáid um fhoghlaim ghairmiúil, nó meantóireacht a dhéanamh ar ábhar múinteora nó ar mhúinteoir nua-cháilithe. Meastar é, mar sin, a bheith ina chreat an-nuálach agus solúbtha, agus tarraingítear aird leis ar an ngá rochtain a bheith ag múinteoirí ar dheiseanna foghlama saibhre ar ardchaighdeán, a fhreastalaíonn ar an mbealach is fearr ar a riachtanais foghlama agus ar riachtanais foghlama a scoláirí. Is fiú a thabhairt faoi deara go gcuirtear cleachtadh machnamhach chun cinn le Cosán, ina bhfuil múinteoirí freagrach as a bhfoghlaim agus ina bhfuil an deis acu a gcleachtas a fhorbairt i rith a ngairmré.

Léirítear sa ghrafaic seo príomhghnéithe an chreata.

Cliceáil ar an íomhá thuas chun breathnú ar an acmhainn seo.

Féach ar an fís seo faoi Cosán.

CROÍ

Is é CROÍ (Comhoibriú agus Taighde le haghaidh Nuálaíocht Leanúnach), an t-ainm a thugtar ar shraith taighde nuálaigh phraiticiúil na Comhairle Múinteoireachta, lena dtacaítear le múinteoirí agus iad ag tabhairt faoi thaighde agus ag plé le taighde. Is fiú ciall an fhocail Croí i nGaeilge a thabhairt faoi deara – is léiriú é seo go bhfuil an taighde ag croílár na múinteoireachta agus na foghlama. Seo a leanas roinnt buaicphointí ón tsraith:

Cliceáil ar an íomhá thuas chun breathnú ar an acmhainn seo.

Taighde a Úsáid inár Scoil

Is eol dúinn go mbíonn saol gnóthach ag múinteoirí, mar sin is fusa do scoileanna teacht ar ábhar taighde atá ábhartha dóibh, i bhformáid a oireann dóibh, ach úsáid a bhaint as an acmhainn Taighde a Úsáid inár Scoil. Déantar an t-inneachar a ghrúpáil ó thaobh téamaí de, ionas gur féidir le scoileanna díriú ar na topaicí is mó spéis leo. Faoi gach téama is féidir le scoileanna rochtain a fháil ar sheimineár gréasáin, ríomhirisí agus ríomhleabhair a bhaineann leis an téama. Chun an tsraith a rochtain cliceáil anseo.

Leabharlann ar líne

Tá rochtain saor in aisce ag gach múinteoir ar leabharlann agus bailiúchán ríomhleabhar ar líne. Is acmhainn iontach agus tacaíocht phraiticiúil é seo do gach múinteoir atá ag iarraidh dul i ngleic leis an smaointeoireacht agus fianaise is déanaí ar raon leathan ceisteanna oideachais. Tá seo mar fhreagairt ar éileamh ó mhúinteoirí ar rochtain níos éasca ar thaighde agus ar dheiseanna maidir le rannpháirtíocht chriticiúil sa taighde. Breathnaigh ar ríomhleabhar CROÍ anseo.

FÉILTE

Is é FÉILTE Féile Oideachais na Comhairle Múinteoireachta i Sármhaitheas Teagaisc agus Foghlama, ina ndéantar an obair iontach a dhéanann múinteoirí gach lá ina seomraí ranga a cheiliúradh agus ina dtugtar an deis do mhúinteoirí comhoibriú agus an obair seo a chomhroinnt lena chéile agus leis an mórphobal. I mbliana, tá FÉILTE 2020 ar siúl ar líne, agus is féidir é a rochtain ar fud an domhain.

Breathnaigh ar bhuaicphointí FÉILTE 2020 anseo.

BEACONS – Ag Beochan an Oideachais dár bPobail ar Scála Náisiúnta

Trí BEACONS tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag fiosrú bealaí nua chun tacú le níos mó comhráite agus comhráite níos fearr idir múinteoirí, tuismitheoirí agus scoláirí ar an leibhéal pobail áitiúil. Is é an rún atá leis go n-éascófar leis an obair seo rannpháirtíocht fheabhsaithe idir pobail áitiúla agus próisis chomhairleacha náisiúnta comhleasa agus comhthábhachta. Go dtí seo, bhí sé ócáid BEACONS ar siúl.

Breathnaigh ar fhíseán den phróiseas BEACONS go dtí seo.