FN312 Nuaphrós na Gaeilge
(An Suíomh Idirlín)
Seachtaine 3
Seosamh Mac Grianna
(1900-1990)
Tá sé gan aon amhras ar dhuine de mhórscríbhneoirí na hathbheochana; is mar seo a rinne Máirtín Ó Cadhain cur síos air um Shamhain 1949 sa léacht ‘Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?’ (Feasta, Marta 1950): ‘Níl, dar liom, gaisce mhór ar bith déanta i litríocht Ghaeilge na linne seo.... Ach bhí go dearfa triúr againn—Pádraic Ó Conaire, an Piarsach, agus Seosamh Mac Grianna— a chomhairfí ina bhfíorscríbhneoirí de réir modh measta ar bith.’Gheofar eolas air in: A flight from shadow: the life and work of Seosamh Mac Grianna (1999) le Pól Ó Muiri; Seosamh Mac Grianna agus cúrsaí eile (1970) le Proinsias Mac an Bheatha; Rí-éigeas na nGael: léachtaí cuimhneacháin ar Sheosamh Mac Grianna (1994) in eagar ag Nollaig Mac Congáil. Cara leis ba ea Niall Ó Dónaill agus tá a chuntas-san in Scríbhneoireacht na gConallach (1990) in eagar ag Nollaig Mac Congáil. Ag Pádraig Ó Baoighill in Ó Ghleann go Fánaid: Gaeltacht Thír Chonaill (2000) tá cur síos ar a shinsir agus ar an teaghlach ar dhíobh é. Tá leabharliosta ag Ó Muirí agus chuir Mac Congáil Seosamh Mac Grianna / Iolann Fionn—clár saothair (1990) ar fáil. I gcló ag Mac Congáil in Filí agus felons (1987) tá cuntas Sheosaimh féin ar a shaol, anuas go dtí tuairim 1926, a chuir sé chuig Muiris Ó Droighneáin. Scríbhneoir a ndeachaigh a shaothar i gcion go mór air is ea Séamus Mac Annaidh; tá cuntas aigesean ar an gcuairt a thug sé ar Mhac Grianna in Ospidéal Naomh Conall i gcló in Rubble na Mickies (1990). D’fhoilsigh An Clóchomhar Seosamh Mac Grianna: an mhéin rúin (2002) le Fionntán de Brún a ndeir Pól Ó Muirí in ‘Tuarascáil’ (Irish Times 23 Aibreán 2003) faoi gurb é atá ann ‘an chéad mhórstaidéar acadúil atá i gcló ar a chorpus litríochta’; is é a deir an t-údar féin: ‘I dtaca leis an leabhar seo agam féin, saothar critice atá ann agus, mar sin de, tugtar eolas faoi shaol Mhic Grianna de réir mar a bhaineann sé le hábhar na tráchtaireachta.’
Seachtaine 4
In 1924 that he first began to write in Irish, and his writing career began in earnest after reading An Chéad Chloch by Pádraic Ó Conaire (qv). Much of his inspiration came from Ranafast, an area steeped in folklore. During 1924–5 he contributed many of his early short stories, including ‘Teampall Chonchubhair’, ‘Teacht Cheallaigh Mhóir’, and ‘Leas ná Aimhleas’, to the newly founded An tUltach. These later formed the basis of his first book, Dochartach Dhuibhlionna & sgéalta eile (1925). He also contributed numerous articles to An Camán, An Phoblacht, Fáinne an Lae, Humanitas, Inniu, Iris an Fháinne, Poblacht na hÉireann, Scéala Éireann, the Irish Press, the Irish Statesman, the Leader, the Standard, and the United Irishman. Although his active literary career only spanned approximately eleven years, he made an immense contribution to the development of literature in the Irish language, publishing ten original works, translating twelve books into Irish, and also publishing a substantial number of reviews and letters. His original works include Filí gan iomrádh (1926); a collection of short stories, An grádh is an ghruaim (1929); an historical novel, Eoghan Ruadh Ó Néill (1931); Pádraic Ó Conaire agus aistí eile (1936); An Bhreatain Bheag (1937) and Na Lochlannaigh (1938). Two works under one cover were published in 1940: Mo bhealach féin, a biographical novel, and Dá mbíodh ruball ar an Éan, which he had been unable to finish, stating in a footnote to the manuscript that in the summer of 1935 his creative ‘well’ had run dry. Although his final novel, An droma mór, which was awarded the Butler prize, had been completed in the autumn of 1930, it was only published in 1969. The manuscript had been with An Gúm from the early 1930s but they had failed to publish it, claiming that it contained libellous material. According to Ó Muirí, had the work been published when it had been completed it ‘could have, should have elevated him to being the foremost writer of his generation’ (Ó Muirí, 131). He also wrote an unpublished novel in English, ‘The miracle of Cashelmore’, in 1931. It is unknown what happened to the manuscript for this work. Another unpublished novel, ‘Réamonn Ó hAnluain’, is in private ownership.
He was employed as a translator by An Gúm, and it is estimated that he translated around one million words during the period 1926–34: Teacht Fríd an tSeagal (1932), An Mairnéalach Dubh (1933), Ben Hur (1933), Séideán Bruithne (1935), Muintir an Oileáin (1936), Teach an Chrocadóra, Díthchéille Almayer (1936), Ivanhoe (1937) and Imtheachtaí Fear Dheireadh Teaghlaigh (1936). Two further translations were published in the 1950s; Eadarbhaile (1953) and Báthadh an Ghrosvenor (1955). A new edition of Muintir an Oileáin was published by An Gúm in 1989 as an example of the best of the organisation's translations. Both he and Niall Ó Dónaill (qv), who also worked as a translator, held competitions to see who could translate the greatest number of words. At the end of one week Mac Grianna had translated 29,000 words of Ivanhoe as opposed to Ó Dónaill's 27,000 of The talisman. He paid a price for such frenzied work, however, and often had to take breaks from translating. By 1931 Mac Grianna had grown deeply critical of An Gúm's policies, particularly the organisation's bureaucracy and censorship, as he perceived it, and publicly aired his criticism in the form of letters to a number of newspapers. The strain of translating took its toll on his mental health, which failed again in 1935. This brought about the end of his writing career and he spent the period 1935–6 in Grangegorman Hospital, Dublin. From this time onwards he was forced to rely on his friends for financial assistance.
Foinse: https://www.dib.ie/biography/mac-grianna-seosamh-a5052
Seachtaine 5
Na Leabhair a Scríobh Seosamh Mac Grianna
Úrscéalta
Mo Bhealach Féin (1940)
Dá mBíodh Ruball ar an Éan (2005)
An Druma Mór (1972)
Beathaisnéis
Eoghan Ruadh Ó Néill (1931)
Gearrscéalta
An Grádh agus an Ghruaim (1929)
Dochartach Duibhlionna agus scéalta eile, bailiúchán (1936)
Aistí
Fáinne an Lae (1925)
Filí Gan Iomrá (1926)
Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile (1936)
An Bhreatain Bheag (1937)
Na Lochlannaigh (1938)
Filí agus Felons (1987)
Aistriúcháin
Teacht Fríd an tSeagal (1932) translation of Comin' Thro' the Rye by Ellen Buckingham Mathews
An Mairnéalach Dubh (1933) translation of The Nigger of the 'Narcissus' by Joseph Conrad
Ben Hur (1933) translation of Ben-Hur: A Tale of the Christ by Lew Wallace
An Páistín Fionn (1934) translation of The Whiteheaded Boy by Lennox Robinson
Séideán Bruithne (1935) translation of Typhoon by Joseph Conrad
Teach an Chrochadóra (1935) translation of Hangman’s House by Brian Oswald Donn-Byrne
Díthchéille Almayer (1936) translation of Almayer’s Folly by Joseph Conrad
Ivanhoe (1937) translation of Ivanhoe by Walter Scott
Báthadh an Ghrosvenor (1955) translation of The Wreck of the Grosvenor by William Clark Russell
Imtheachtaí Fear Dheireadh Teaghlaigh (1936) translation of Adventures of a Younger Son by Edward John Trelawny
Muintir an Oileáin (1952) translation of Islanders by Peadar O'Donnell
Eadarbhaile (1953) translation of Adrigoole by Peadar O'Donnell
Seachtaine 6
An Bhreatain Bheag
Seachtaine 7
Seachtaine 9
Séamus Ó Grianna
(1889-1969)
“B’é an chéad úrscéalaí Gaeilge é, dáiríre, agus ní dócha go raibh scríbhneoir ar bith Gaeilge ó shin i leith a d’fhoilsigh an oiread sin leabhar leis,” deir Máirín Nic Eoin in An litríocht réigiúnach (1982). Agus dúirt Séamus Ó Searcaigh in Nua-sgríbhneoirí na Gaedhilge (1934): “An moladh is mó atá tuillte aige gur scríobh sé leabhair ina bhfuil an Ghaeilge is fearr agus is glaine dá bhfuil sa Nua-Ghaeilge”. In Léachtaí Cholm Cille 1974 scríobh Tomás Ó Fiaich: “Dá dtigeadh an lá choíche a chaillfi gach foinse staire ó Rinn na Feirste i ndeireadh an 19ú haois ... d’fhéadfaí saothar ar stair Rinn na Feirste san aois sin a athchruthú as leabhair Mháire a bheadh chomh hiomlán leis an méid a cailleadh, agus i bhfad níos bríomhaire, níos spéisiúla agus níos daonnúla”. Ní mór a rá freisin, áfach, go bhfuil na léirmheastóirí ar aon fhocal, geall leis, in ainneoin a measa ar áilleacht a phróis agus ar dhea-thréithe eile a scríbhneoireachta, nár chomhlíon sé an gealladh mór a bhí faoi sna 1920idí luatha agus nach bhfuil úire ná forbairt ná domhainsmaointe le fáil ina shaothar. Tá aiste fhada ina thaobh ag an Athair Seán Ó Gallchóir in Scríbhneoireacht na gConallach (1990), in eagar ag Nollaig Mac Congáil.
Foinsí: https://www.mare.de/crew/autoren/seamus-o-grianna-urheber-760
Seachtaine 10
Seán Bán Mac Grianna
(1905 - 1979)
Deartháir le Séamus Ó Grianna, le Domhnall Ó Grianna agus le Seosamh Mac Grianna (15 Eanáir 1901–11 Meitheamh 1990) ba ea an seanchaí agus an file pobail seo. Ba é Féilimí Dhónaill Phroinsiais a athair agus ba í Máire Shéamuisín Ní Dhomhnaill, deirfiúr don seanchaí cáiliúil Seán Ó Domhnaill (Johnny Shéamuisín), a mháthair. Rugadh é 9 Feabhra 1905. Bhí aon duine déag clainne ann ach fuair beirt díobh bás ina naíonáin. Seán an duine ab óige dár mhair. Ba iad an cúigear eile: Aodh, Bidí, Sally, Áine, agus Bell. Bhí cáil na scéalaíochta ar Áine freisin. Col ceathar dó an scéalaí Neidí Frainc Mac Grianna.
Is cosúil nach é an oiread sin scolaíochta a fuair sé. Ach ba chuimhin le daoine Séamus Ó Grianna a rá gurbh é an duine ba chliste den teaghlach é. Ó 1926 go 1974 bhí sé ag teagasc i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste. An tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh a d’fhostaigh é. Chaith sé an bhliain 1952 ag obair in Albain agus b’éigean dó tamaill a chaitheamh in ospidéal nuair a d’fhill sé abhaile. Bhí sé ag obair go lánaimseartha do Ghael Linn go ceann tamaill de bhlianta ina dhiaidh sin, é ag bailiú dóibh, ag moltóireacht dá scoláireachtaí Gaeltachta, agus ag tabhairt aire dóibh sin a chaitheadh téarmaí ar scoláireachtaí i dTír Chonaill.
Bhíodh scéalta béaloidis i gcló aige in An tUltach, chomh maith le dánta. Chuir Iosef Ó Searcaigh eagar ar chuid dá dhéantús fileata in Ceolta agus seanchas, 1976. Tá cuid mhór nach raibh i gcló riamh. Fuair sé an chéad duais ar scéalaíocht ag Oireachtas 1956 agus roghnaíodh é féin agus Áine chun páirt a ghlacadh sna hOícheanta Seanchais ag Gael Linn i ndeireadh na 1950idí. D’aithris sé filíocht ar cheirnín a chuir an eagraíocht sin amach. Chuir siad amach freisin caiséad ina bhfuil Aodh Ó Duibheannaigh (1914–84) ag casadh cuid dá amhráin. Bhí cáil na hóráidíochta air freisin agus bhí ina bhall de Aisteoirí Rinn na Feirste. Bhí sé gníomhnach i Sinn Féin sna 1950idí agus nuair a d’éag sé 16 Márta 1979 tugadh sochraid phoblachtach dó. Tá sé curtha in Anagaire. Deirtear gur thaitin comhluadar na mban go mór leis ach níor phós sé. Scríobh a chara Pádraig Ó Baoighill tuairisc air in Inniu 23 Márta 1979. Mar a thabharfá leat óna ainm albino ba ea é agus bhí pinsean na ndall aige.
Foinsí: MAC GRIANNA, Seán Bán (1905–1979) | ainm.ie
aislannrannnafeirste.com/scribhneoiri/sean-ban-mac-grianna-1905-1979/