Rud éigin le Léamh

Tá an t-ábhar léitheoireachta atá anseo i bhformáid PDF. Má tá ríomhaire glúine nó táibléad á úsáid agat cliceáil nó tapáil ar an deilbhín 'sodhealaithe' (pop-out) sa chúinne uachtarach ar thaobh na láimhe deise de gach doiciméad chun é a oscailt i mód lánscáileáin lena léamh chun gach doiciméad a phriontáil. Má tá fón á úsáid agat, ní gá duit ach tapáil ar gach doiciméad.


Tógfaidh gach léamh thart ar 15 nóiméad.

Meon Táirgiúil - Ag Díriú ar Inspreagadh agus ar Bhuanseasmhacht

Is é fócas an doiciméid tagartha idirghníomhaigh seo meon táirgiúil a fhorbairt le béim ar ghnáthchlaonadh agus ar bhuanseasmhacht.

Tugann na gnéithe idirghníomhacha deiseanna chun dul i ngleic le hacmhainní breise nuair is cuí.

Productive Disposition - A Focus on Motivation and Perseverance LG.pdf


Agus tú ag gabháil don léamh seo, b'fhéidir gur mhaith leat an cheist seo a leanas a bhreithniú: Cad iad na straitéisí a chabhródh le meon táirgiúil a fhorbairt inár gcuid scoláirí?

Sraith Sleachta ó Mathematical Mindset

Sa phíosa seo gheobhaidh tú roinnt sleachta atá curtha in oiriúint ó Mathematical Mindsets: Unleashing Students' Potential through Creative Math, Inspiring Messages and Innovative Teaching le Jo Boaler.

Díríonn na sleachta ar an tábhacht a bhaineann le botúin a dhéanamh agus iad ag foghlaim agus ar an ngá atá le scoláirí a chur i gceann obair dhúshlánach.

Extracts from Mathematical Mindsets by Jo Boaler LG.pdf


Agus tú ag gabháil don léamh seo, b'fhéidir gur mhaith leat an cheist seo a leanas a bhreithniú: Cad iad na straitéisí a chabhródh le scoláirí a mhealladh chun obair dhúshlánach a dhéanamh?

Is féidir filleadh ar an leathanach Roghanna Múchta Zoom ar an suíomh Gréasáin trí chliceáil ar an gcnaipe.