Rochtain agus Dúshlán
Intinní Foghlama
Táimid ag iniúchadh:
conas cabhrú lenár scoláirí cumarsáid a dhéanamh go cruthaitheach
conas eispéiris foghlama a scafláil ionas go mbeidh rochtain ag gach scoláire orthu agus go dtabharfar a ndúshlán
conas ár scoláirí a fhorbairt tuilleadh mar fhoghlaimeoirí neamhspleácha
Leagan Amach Sheisiún 2
11:20 - 11:35 Cuimsiú sa Seomra NTI
11:35 - 12:00 Rochtain agus Dúshlán a Iniúchadh sa Seomra NTI
12.00 - 12:10 Ar bhonn aonair: Ag Cabhrú le Rochtain agus le Dúshlán sna Scileanna Teanga
12:10 - 12:15 Sos Sínte
12:15 - 12:45 Clár Foghlama Leibhéal 2 sa Seomra NTI
12:45 - 13:00 Ag seasamh Siar le Breithniú: Inár Roinn NTI
Cuimsiú sa Seomra NTI
11:20 - 11:35
Plé
Conas a chruthaím timpeallacht chuimsitheach i mo sheomra NTI chun tacú le cothromas in eispéireas na scoláirí?
🕓Ar bhonn aonair
Éist lenár gcomhaltaí ag labhairt faoin gcaoi a gcruthaíonn siad rochtain agus dúshlán dá ngrúpaí sa tríú bliain.
Cuir é sin gcomparáid le do sheomra ranga agus le do chleachtadhsa
An Seomra ar an Imeall - Rochtain agus Dúshlán a Iniúchadh sa Seomra NTI
11:35 - 12:00
An Seomra ar an Imeall
Scrúdaigh eispéireas foghlama
Iniúch an chaoi ar dearadh an t-eispéireas foghlama seo go mbeadh teacht ag gach scoláire air agus go dtabharfadh sé a ndúshlán.
Leid
Cad iad na straitéisí atá ann a chinntíonn rochtain agus dúshlán cuí do gach scoláirí.
Comhlánaigh an Tosaigh-Stop-Lean:
Rud amháin a thosóidh mé a dhéanamh
Rud amháin a stopfaidh mé a dhéanamh
Rud amháin a leanfaidh mé orm a dhéanamh.
Tacú le Rochtain agus le Dúshlán sna Scileanna Teanga
12:00 - 12:10
🕓 Ar bhonn aonair
Smaoinigh ar na straitéisí chun cabhrú le rochtain agus dúshlán sna cúig scil teanga.
Comhlánaigh an 3-2-1 seo a leanas:
Sainaithin trí straitéis a úsáideann tú chun cabhrú le rochtain agus le dúshlán
Sainaithin dhá straitéis chun cabhrú le rochtain agus le dúshlán ar mian leat oibriú orthu
Sainaithin straitéis amháin chun cabhrú le rochtain agus le dúshlán a n-oibreoidh tú uirthi an tseachtain seo chugainn.
Sos Sínte 12:10 - 12:15
Cláir Foghlama Leibhéal 2 sa Seomra NTI
12:15 - 12:40
🕓Ar bhonn aonair
Éist le Fiona Kearney ón bhfoireann CFL1 / CFL2 ag labhairt faoi scoláirí atá ag dul de Chláir Foghlama Leibhéal 2 sa seomra NTI.
Cén tairbhe a bhainfeadh scoláire, atá ag dul de Chláir Foghlama Leibhéal 2, as a bheith páirteach san fhoghlaim i do sheomra ranga?
An Seomra ar an Imeall: Scoláirí atá ag dul de Chláir Foghlama Leibhéal 2 a dhéanamh rannpháirteach i Seomra Leibhéal 3
Cliceáil ar an mbarra glas chun athbhreithniú a dhéanamh ar eispéireas foghlama na scoláirí atá le fáil sa Padlet. Tá dhá bharra eile ann don doiciméad nasctha agus do phóstaer na nAonad Tosaíochta Foghlama.
Déan athbhreithniú ar eispéireas foghlama na scoláirí atá le fáil sa Padlet.
Breithnigh:
Conas a luífeadh an t-eispéireas seo le heispéireas foghlama Leibhéal 3?
Conas a dhéanfadh scoláire a bheadh ag dul de Chláir Foghlama Leibhéal 2 an fhoghlaim ag an leibhéal seo?
🕓 Ar bhonn aonair
Éist le Sallie ag labhairt faoi scoláire atá ag dul de Chláir Foghlama Leibhéal 2 a thabhairt isteach ina seomra leibhéal 3 NTI.
Smaoinigh conas a d’oibreodh sé sin i do sheomra rangasa
Seasamh Siar le Breithniú: Inár Roinn NTI
12:40 - 13:00
In bhur Roinn NTI, smaoinígí:
• cad é a bhraith mise a thugann rochtain agus dúshlán do scoláirí?
• cad é a úsáidim le mo scoláirí cheana féin?
• cad é atá feicthe agam a d'fhéadfadh cur le heispéireas foghlama mo scoláirí?
• an bhfuil straitéisí, modhanna nó uirlisí eile ann a úsáidimse agus a d'fhéadfainn a roinnt?
Leid
Conas a dhéanfaidh mé dearadh le haghaidh rochtana agus dúshláin i mo sheomra ranga chun cabhrú le gach scoláire a choinneáil san áireamh?
Lón
13:00 - 14:00