Rochtain agus Dúshlán

Intinní Foghlama

Táimid ag iniúchadh:

  1. conas cabhrú lenár scoláirí cumarsáid a dhéanamh go cruthaitheach

  2. conas eispéiris foghlama a scafláil ionas go mbeidh rochtain ag gach scoláire orthu agus go dtabharfar a ndúshlán

  3. conas ár scoláirí a fhorbairt tuilleadh mar fhoghlaimeoirí neamhspleácha

Leagan Amach Sheisiún 2

11:20 - 11:35 Cuimsiú sa Seomra NTI

11:35 - 12:00 Rochtain agus Dúshlán a Iniúchadh sa Seomra NTI

12.00 - 12:10 Ar bhonn aonair: Ag Cabhrú le Rochtain agus le Dúshlán sna Scileanna Teanga

12:10 - 12:15 Sos Sínte

12:15 - 12:45 Clár Foghlama Leibhéal 2 sa Seomra NTI

12:45 - 13:00 Ag seasamh Siar le Breithniú: Inár Roinn NTI


Cuimsiú sa Seomra NTI

11:20 - 11:35

Plé

  • Conas a chruthaím timpeallacht chuimsitheach i mo sheomra NTI chun tacú le cothromas in eispéireas na scoláirí?

🕓Ar bhonn aonair

Éist lenár gcomhaltaí ag labhairt faoin gcaoi a gcruthaíonn siad rochtain agus dúshlán dá ngrúpaí sa tríú bliain.

Cuir é sin gcomparáid le do sheomra ranga agus le do chleachtadhsa

An Seomra ar an Imeall - Rochtain agus Dúshlán a Iniúchadh sa Seomra NTI


11:35 - 12:00

An Seomra ar an Imeall

  • Scrúdaigh eispéireas foghlama

  • Iniúch an chaoi ar dearadh an t-eispéireas foghlama seo go mbeadh teacht ag gach scoláire air agus go dtabharfadh sé a ndúshlán.

Leid

  • Cad iad na straitéisí atá ann a chinntíonn rochtain agus dúshlán cuí do gach scoláirí.

Comhlánaigh an Tosaigh-Stop-Lean:

  • Rud amháin a thosóidh mé a dhéanamh

  • Rud amháin a stopfaidh mé a dhéanamh

  • Rud amháin a leanfaidh mé orm a dhéanamh.


Tacú le Rochtain agus le Dúshlán sna Scileanna Teanga

12:00 - 12:10

🕓 Ar bhonn aonair

  • Smaoinigh ar na straitéisí chun cabhrú le rochtain agus dúshlán sna cúig scil teanga.

Comhlánaigh an 3-2-1 seo a leanas:

  • Sainaithin trí straitéis a úsáideann tú chun cabhrú le rochtain agus le dúshlán

  • Sainaithin dhá straitéis chun cabhrú le rochtain agus le dúshlán ar mian leat oibriú orthu

  • Sainaithin straitéis amháin chun cabhrú le rochtain agus le dúshlán a n-oibreoidh tú uirthi an tseachtain seo chugainn.

Sos Sínte 12:10 - 12:15

Cláir Foghlama Leibhéal 2 sa Seomra NTI

12:15 - 12:40

🕓Ar bhonn aonair

Éist le Fiona Kearney ón bhfoireann CFL1 / CFL2 ag labhairt faoi scoláirí atá ag dul de Chláir Foghlama Leibhéal 2 sa seomra NTI.

  • Cén tairbhe a bhainfeadh scoláire, atá ag dul de Chláir Foghlama Leibhéal 2, as a bheith páirteach san fhoghlaim i do sheomra ranga?


An Seomra ar an Imeall: Scoláirí atá ag dul de Chláir Foghlama Leibhéal 2 a dhéanamh rannpháirteach i Seomra Leibhéal 3

  • Cliceáil ar an mbarra glas chun athbhreithniú a dhéanamh ar eispéireas foghlama na scoláirí atá le fáil sa Padlet. Tá dhá bharra eile ann don doiciméad nasctha agus do phóstaer na nAonad Tosaíochta Foghlama.

  • Déan athbhreithniú ar eispéireas foghlama na scoláirí atá le fáil sa Padlet.


Breithnigh:

  • Conas a luífeadh an t-eispéireas seo le heispéireas foghlama Leibhéal 3?

  • Conas a dhéanfadh scoláire a bheadh ag dul de Chláir Foghlama Leibhéal 2 an fhoghlaim ag an leibhéal seo?


🕓 Ar bhonn aonair

Éist le Sallie ag labhairt faoi scoláire atá ag dul de Chláir Foghlama Leibhéal 2 a thabhairt isteach ina seomra leibhéal 3 NTI.

  • Smaoinigh conas a d’oibreodh sé sin i do sheomra rangasa

Seasamh Siar le Breithniú: Inár Roinn NTI

12:40 - 13:00

In bhur Roinn NTI, smaoinígí:

cad é a bhraith mise a thugann rochtain agus dúshlán do scoláirí?

cad é a úsáidim le mo scoláirí cheana féin?

cad é atá feicthe agam a d'fhéadfadh cur le heispéireas foghlama mo scoláirí?

an bhfuil straitéisí, modhanna nó uirlisí eile ann a úsáidimse agus a d'fhéadfainn a roinnt?

Leid

Conas a dhéanfaidh mé dearadh le haghaidh rochtana agus dúshláin i mo sheomra ranga chun cabhrú le gach scoláire a choinneáil san áireamh?


Lón

13:00 - 14:00