Fócas ar Chumarsáid
Intinní Foghlama
Táimid ag iniúchadh:
conas cabhrú lenár scoláirí cumarsáid a dhéanamh go cruthaitheach
conas eispéiris foghlama a scafláil ionas go mbeidh rochtain ag gach scoláire orthu agus go dtabharfar a ndúshlán
conas ár scoláirí a fhorbairt tuilleadh mar fhoghlaimeoirí neamhspleácha
Seisiún 1 Imlíne
09:45 - 10:00 Cumarsáid a dhéanamh le Neamhspleáchas, Muinín agus Cruthaitheacht
10:00- 10:05 Ar bhonn aonair: An Cur Chuige Cumarsáideach a Iniúchadh
10:10 - 10:20 Seomra ar an Imeall: Gnéithe den Chur Chuige Cumarsáideach a Iniúchadh
10:20 - 10:45 Ag Cabhrú le Soláirí Cumarsáid a dhéanamh go Cruthaitheach
10:45 - 11:00 Seasamh Siar le Breithniú: Inár Roinn NTI
11:00 - 11:20 Sos Caife
Cumarsáid a dhéanamh le Neamhspleáchas, Muinín agus Cruthaitheacht
09:45 - 10:00
" Agus teangacha iasachta á bhfoghlaim aige, tá páirt ghníomhach á ghlacadh ag an scoláire i ngníomhaíochtaí agus i dtascanna ina gcomhtháthaítear na cúig scil teanga: éisteacht, léitheoireacht, táirgeadh labhartha, idirghníomhú labhartha agus scríbhneoireacht. Mar thoradh air sin, is le neamhspleáchas, le muinín agus le cruthaitheacht níos mó a dhéanann sé cumarsáid."
(Sonraíocht Nuatheangacha Iasachta, leathanach 6)
🕓 Ar bhonn aonair
Éist lenár gcomhaltaí labhairt faoin gcaoi a gcabhraíonn siad lena gcuid scoláirí cumarsáid a dhéanamh le níos mó neamhspleáchais, muiníne agus cruthaitheachta.
Smaoinigh:
Conas a bhaineann sé seo le do sheomra ranga
Tionchar a gcuir chuige ar eispéireas gach scoláire.
Ar an Jamboard
Cad iad na deiseanna atá á gcruthú agam do mo scoláirí ionas gur féidir leo cumarsáid a dhéanamh le níos mó neamhspleáchais, muiníne agus cruthaitheachta?
An Cur Chuige Cumarsáideach a Iniúchadh
10:00 - 10:05
🕓 Ar bhonn aonair
Ag smaoineamh ar an ngrafaic faisnéise:
Conas a fheictear an cur chuige cumarsáideach i mo chur chuige i leith teanga/teangacha a theagasc?
Conas a chuireann an cur chuige seo le cumas na scoláirí cumarsáid a dhéanamh le neamhspleáchas, muinín agus cruthaitheacht mhéadaitheach?
An Cur Chuige Cumarsáideach a Iniúchadh
10:05 - 10:20
An Seomra ar an Imeall
Roghnaigh an seomra ar an imeall don ghné is mian leat a iniúchadh
Léirigh príomhphointí bhur bplé ar an Padlet.
Leideanna
Cén taithí a bhíonn ag gach duine de mo scoláirí ar an ngné seo den chur chuige cumarsáideach ina gcuid foghlama?
Cad é a d'fhéadfainn a dhéanamh chun gur fearr arís an ghné sin den chur chuige cumarsáideach i mo sheomra ranga?
Cabhrú le Scoláirí Cumarsáid a dhéanamh go Cruthaitheach
10:20 - 10:45
An Seomra ar an Imeall
Roghnaigh Padlet don teanga a mhúineann tú
Smaoinigh ar na téacsanna a forbraíodh chun cabhrú le foghlaim na scoláirí
Roghnaigh ceann de na trí théacs neamhfhorbartha agus déan é a fhorbairt chun cabhrú le foghlaim na scoláirí.
Leideanna
Déan iniúchadh ar an gcaoi ar forbraíodh na hacmhainní a úsáideadh sa Padlet teanga agus fócas ar chumarsáid san fhíorshaol chun cabhrú le scoláirí cumarsáid a dhéanamh ar bhonn níos cruthaithí
Roghnaigh ceann de na téacsanna ná úsáideadh agus ina bhfuil fócas ar chumarsáid san fhíorshaol agus déan é a fhorbairt chun cabhrú le scoláirí cumarsáid a dhéanamh ar bhonn níos cruthaithí.
Seasamh Siar le Breithniú: Inár Roinn NTI
10:45 - 11:00
An Seomra ar an Imeall
In bhur roinn NTI, smaoinígí:
Cén ghné/na gnéithe ar a ndéanfaidh sibh iniúchadh mar roinn NTI chun an cur chuige cumarsáideach in bhur seomra ranga a fhorbairt tuilleadh?
Conas a bhainfidh sibh leas as an gcur chuige cumarsáideach chun cabhrú le scoláirí cumarsáid a dhéanamh le cruthaitheacht mhéadaitheach?
Sos Caife
11:00 - 11:20