Measúnú Leanúnach agus Aiseolas
Coigeartuithe a dhéanamh
Cas an físeán go gcloisfidh tú Alan agus é ag roinnt a chuid smaointeoireachta agus cinnteoireachta ar na coigeartuithe a rinne sé mar fhreagairt ar fhoghlaim scoláirí.
Smaoinigh ar am, ó do thaithí féin, nuair a chuir tú ceacht/anna in oiriúint mar fhreagairt ar bhearna i bhfoghlaim/tuiscint scoláirí; cad iad na coigeartuithe a rinne tú?
Scrollaigh tríd an gcáipéis chun féachaint ar na ceisteanna a roghnaíodh chun plé ranga a chur chun cinn agus chun tuiscint scoláirí a thógáil.
Tá íomhá an den bhord ar fáil freisin sa cháipéis seo le breathnú uirthi chun na cineálacha freagraí a tarraingíodh ón ngrúpa scoláirí a léiriú.
Smaoinigh ar an gcaoi a ndíríonn intinní foghlama agus critéir ratha fócas scoláirí ar réimsí áirithe atá le forbairt .
Scrollaigh tríd an gcáipéis chun féachaint ar na tascanna a úsáidtear ionas gur féidir le scoláirí tuilleadh tuisceana a léiriú agus réasúnaíocht a thaispeáint tar éis an phlé ranga.
Feicfidh tú sampla de fhreagraí duine de na scoláirí an ar an tríú leathanach.
I do cheachtanna, conas a spreagtar scoláirí chun a réasúnaíocht / smaointeoireacht a roinnt d’fhonn a dtuiscint a léiriú?