Foghlaim Ghníomhach a Fhiosrú
Leagan Amach
2:00 i.n. - 2:10 i.n. Timpeallán NTI: Táirgeadh Labhartha agus Idirghníomhaíocht Labhartha a Fhorbairt
2:10 i.n. - 2:20 i.n. Éisteacht Ghníomhach a Fhorbairt
2:20 i.n. - 2:55 i.n. Na Gníomhaíochtaí Teagaisc agus Foghlama a Phleanáil
2:55 i.n. - 3:20 i.n. Naisc a Dhéanamh
3:20 i.n. - 3:30 i.n. Conclúid agus Aiseolas
Intinní Foghlama don Lá
Táimid ag foghlaim faoi:
Pleanáil don fhoghlaim trí chur chuige scoláire-lárnach a úsáid.
Measúnú a ailíniú le gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama chun an fhoghlaim a bharrfheabhsú do gach scoláire.
Timpeallán NTI: Táirgeadh Labhartha agus Idirghníomhaíocht Labhartha a Fhorbairt
2:00 i.n. - 2:10 i.n.
Cliceáil ar na tíleanna chun roinnt smaointe a iniúchadh maidir leis na scileanna seo.
Éisteacht Ghníomhach a Fhorbairt
2:10 i.n. - 2:20 i.n.
Scileanna Éisteachta a Fhorbairt
Ina n-aonar (10 nóiméad)
Scrúdaigh na gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama a léirítear sa Padlet agus fiosraigh conas a d'fhéadfá iad a úsáid chun scileanna éisteachta a fhorbairt le scoláirí.
Na Gníomhaíochtaí Teagaisc agus Foghlama a Phleanáil
2:20 i.n. - 2:55 i.n.
Seomra ar an Imeall
35 nóiméad
![](https://www.google.com/images/icons/product/drive-32.png)
Ár nGníomhaíochtaí Teagaisc agus Foghlama a Phleanáil
I ngrúpaí teanga, pleanálaigí gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama don aonad foghlama seo.
Cinntígí
go bhfuil ailíniú ann leis na torthaí foghlama atá i bhfócas
go bhfuil na cúig scil teanga san áireamh
go gcuirfidh na gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama ar chumas gach scoláire an fhoghlaim a léiriú
go bhfuil na téacsanna oiriúnach chun cabhrú leis an bhfoghlaim
go ndéantar gnéithe den mheasúnú foirmitheach a mheas agus a phlé.
Naisc a Dhéanamh
2:55 i.n. - 3:20 i.n.
Ócáid Athmhachnaimh
5 nóiméad
Agus tú ag dul tríd an lá, tabharfar cuireadh duit a bheith ag machnamh ar an méid a chonaic tú go dtí seo.
Más mian leat, bain úsáid as na leideanna atá sa treoir mhachnaimh.
Seomra ar an Imeall
20 nóiméad
Bunaithe ar do mhachnamh i rith an lae, le do roinn NTI, pléigh:
3 rud a d'fhéadfaimis a dhéanamh mar roinn chun cur chuige scoláire-lárnach i leith na pleanála don fhoghlaim a fhorbairt tuilleadh
2 ghníomhaíocht teagaisc agus foghlama a bheinn in ann a úsáid i mo chleachtas sa seomra ranga
1 réimse ar mhaith linn é a iniúchadh tuilleadh mar roinn NTI.
Míle buíochas dár gcomhlaigh NTI
Gabhaim buíochas mór lenár gcuid comhlach NTI a raibh ionchuir luachmhara acu sa lá inniu.