Beatha Sheáin

 
 
Sean ‘Ac Dhonncha
 

1919 – 1996

 

Rugadh Seán ‘Ac Dhonncha, Johnny Joe Pheaitsín, in Aird Thiar, i gCarna i gConamara ar an 2ú Deireach Fomhair 1919. Bhí triúr dreathaireacha aige (Joe, Matt, agus Páraic) agus seachtar deirifiúir aige (Bairbre, Bríd, Máiréad, Nóra, Eilís agus Mary) agus ba é an ceathrú duine ab óige.  Ba iascaire a athair a bhí tugtha go mór ag an gceol agus ag an amhránaíocht. Dob uaidh siúd agus óna mháthair a thóg Seán grá na h-amhránaíochta leis.

 

Rugadh Joe Éiniú coicíos i ndhiaidh Séan agus bhíadar sa rang céanna ar scoil. 

 

 

 Joe Éiniú agus Seán

 

Bhí ard-shuim ag na tuismitheoirí san oideachas agus cé gur beag an t-airgead a bhí acu chuaigh Seán go Coláiste Caoimhín i mBaile Átha Cliath ar scoláireacht. Fuair sé isteach i gcoláiste oiliúna Naomh Pádraigh i nDrom Connrach le traenail mar mhúinteoir náisiúnta. Agus ann dó, do chuir sé lena stór amhrán tré staidéar a dhéanamh ar na h-amhráin Ghaeige ón Mhumhan agus ó Dún na nGall.

 

Casadh Séamas Ennis air nuair a bhí sé ag bailiú ceoil timpeall ar Chonamara don gCoimisiún Béaloideasa. Thug sé amhráin do Shéamas agus fuair sé amhráin uaidh. Cáirde saol ab ea iad go dtí an deireadh.

  

Máitín Byrnes agus Seán ag ól té!

 

Chuaigh Seán ag múineadh i dtosach báire i Longphort sular aistrigh sé go dtí an Chabháin. Bhuaidh sé Craobh shinsir peile sa gCabháin ag imirt le Muileach Oráin 1949. Casadh múinteor óg, dathúil, cumasach air as an Droichead Nua, in oirthear na Gaillimhe arbh ainm di Bríd Ní Eidhn. Bhuaileadar suas caireadas agus phósadar 1956.

 

D’aistrigh siad go Ath Eascrach 1959 áit ar cheapadh é mar príomh-oide agus í siúd mar mháistreas scoile ag tús na seascadaí. Ba in Áth Eascrach a chaith siad an saol ina dhiaidh sin. Ba trí Ghaeilge ar fad a deineadh an múineadh agus gnóthaí na scoile agus sheasadar an fód dó sin nuair a bhí gá leis. D’éirigh sé as an bpost i 1984.

 

 


 

Seán i dteanta Kevin Keegan agus Paddy Carty

Bhí cúigear páiste acu, Féilim a bhfuil cónaí air I Nás na Rí; Páraic atá i mBéal Átha an Rí; MacDara atá i Rinn Ó gCuanach; Seán go bhfuil cónaí air i mBlárna i gCorcaigh agus Sinéad a bhfuil cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath.

Seán agus Johnny Mháirtín Learaí

 
Lean Seán i gcónaí leis an amhránaíocht agus bhain sé an bonn óir amach ag an Oireachtas i 1953. Dob é Seán an chéad amhránaí ag Gael Linn nuair a thógadar amach céirníní 78rpm i 1957. Dhein sé 6 teafadh eile leo agus tá siad anois ar fáil sa chnuasach Seoltaí Séide.
 
Mícheál Mháire Ghabha agus Seán in éindí a chéile
 

Tháinig An Aill Bháin – The White Rock, cnuasach de h-amhráin as Gaeilge agus as Béarla amach 1971. Nuair a bhí sé in aois 68 chuir Cló Iar-Chonnachta An Spailpín Fánach amach 1987.  Bronnadh “Gradam Shean-Nós Cois Life” air i 1995.  

Fuair Seán bás tar éis breoiteachta ar an 14ú Nollag 1996 agus tá sé curtha in Áth Eascrach.

Tá Bríd go breá, beo, briamhar fós ina cónaí taobh leis an mbaile agus ard áthais uirthi go bhfuil saol, amhránaíocht agus cáirdeas a buan-fear céile dá chomóradh go h-oifigiúil 2011.

Comments