I (p. 15) = MN 64
Source: does not survive
Hardiman's TEXT
1. IS iad so fiacha Diarmada oig I Echir air Crabpoig .i. da mharg do Murchadh
2. Mac Mathghamna: acus is mar so thug Diarmaid Óg an da mharg soin uaidh .i. Cra-
3. póg saer ag Diarmaid og, saer ann an uile ní acht a cin do Galloglach bhuaidh
4. amhain: acus sairsi Crapoig ag Diarmaid Mac Conchubhair do chinn a saertha do Diar-
5. maid og; no ag Diarmaid og fein muna shaer Diarmaid Mac Conchubhair i: acus nir
6. leg Mathghamhuin Mac Gilla Riabhaidh an tsairsi so gan tógbhail chuigi fein, acht aen
7. bhliadhain amhain: acus an uair theasda Murchadh Mac Mathghamhna, thainig Diarmaid og
8. a gceann Taidhg meic Mathghamhna, acus do innis nach ar chomhaill Mac Ricard Mac
9. Gilla Riabadh an tsairsi sin do; acus a dubhairt Tadhg gu bhfuaisgeladh se an
10. fearann o Diarmaid og ar an da mharg sin; acht muna tugad Diarmaid og chuig
11. mharg oili ar an bhfearann sin, mar do gheall do: acus do rinneadar cunradh re cheli,
12. acus a se so an cunradh .i. na cuig marg sin o Diarmaid og do Taidhg mar
13. gheall ar Crapoig; acu muna thsaeradh Tadhg an fearann sin do Diarmaid og, an
14. uili ni da ndilfadh Diarmaid tar cheann an fhearainn a bheidh mar gheall aigi ar an
15. bhfearann soin, a gceann na seact marg soin. Conchubhar Mac Cuirtin do sgribh so,
16. gu cead do Diarmaid og, acas do Diarmaid Mac Conchubhair, a hucht Taidg Meic
17. Mathghamhna.
TEXT NORMALISED
Is iad so fiacha Diarmada Óig Í Eithir ar Crapóig .i. dhá mharg do Mhurchadh Mac Mathghamhna. Agus is mar so thug Diarmaid Óg an dá mharg soin uaidh .i. Crapóg saor ag Diarmaid Óg, saor ann an uile ní acht a cion do Ghallóglach bhuaidh amháin.
Agus saoirse Chrapóige ag Diarmaid mac Conchubhair do chionn a saortha do Dhiarmaid Óg, nó ag Diarmaid Óg féin muna shaor Diarmaid mac Conchubhair í.
Agus níor leig Mathghamhuin Mac Giolla Riabhaigh an tsaoirsi so gan tógbhail chuigi féin acht aenbhliadhain amháin.
Agus an uair theasda Murchadh Mac Mathghamhna, tháinig Diarmaid Óg i gceann Taidhg Mheic Mhathghamhna, acus do inis nachar chomhaill mac Riocaird Mheic Gilla Riabhaigh an tsaoirsi sin dó. Agus adubhairt Tadhg go bhfuaisgéaladh sé an fearann ó Dhiarmaid Óg ar an dá mharg sin acht muna thugadh Diarmaid Óg cúig mharg oile ar an bhfearann sin, mar do gheall dó.
Agus do rinneadar cunradh re chéile. Agus is é so an cunradh .i. na cúig mharg sin ó Dhiarmaid Óg do Thadhg mar gheall ar Crapóig; acu muna thsaeradh Tadhg an fearann sin do Diarmaid og, an uili ní dá ndíolfadh Diarmaid tar cheann an fhearainn a bheith mar gheall aige ar an bhfearann soin i gceann na seacht marg soin.
Conchubhar Mac Cuirtín do sgríobh so, go cead do Dhiarmaid Óg, agus do Dhiarmaid mac Conchubhair a hucht Taidhg Mheic Mhathghamhna.