DEED 12
TCD MS 1429 (H.6.28) f. 2r-v (no. 2)
MN 26
TRANSCRIPTION
1. A se so suim in gill tug Domnall mac Seaan meic Domnaill agus Tadg na Buaile mac Con Mara meic Domnaill ar letceatramain
2. Cille Fionntanain do Sida mac Pilil [l expuncted] agus da cloinn .i. tri .xx.it bo agus is mar seo tugudor na ba sin amach
3. .i. da .xx.it bo o Dhomnall agus fithe bo o Tadg ar an bfearonn sin a bpairt a cheile ni fuil ar comus denduine
4. an fearonn sin d’uasclad acht do Sioda [written over Pilib] no da cloinn ar a gcuid dilis fein dathgamnachaibh seasca na Beltaine
5. no a bfagail inlaed am Feil Mithil agus isiad fiadain an gill so do tabairt amach .i. Dia ar tus agus Seaan
6. mac meic Mathuna o Ros Muinechair agus Maoileclainn mac Tomais Meic in Oirhinne agus Risdeard mac an Manaigh agus a mac
7. agus asi aois an Tiagearna an tan [so inserted by caret] mile bliadhan agus .u. c. agus fithe bliadhan
[2v (in dorso)]
8. ag so sgribhneoracht / tug Tadg na / Buaile mac Finghin / Buidhe do iarrla / Tuadhmumun as / mo chuinnisi in xi / do August 1612 / Morrish O Mullconry.
NORMALISED TEXT
As é so suim an ghill tug Domhnall mac Seaáin mheic Domhnaill agus Tadhg na Buaile mac Con Mara meic Domhnaill ar leathcheathramhain Chille Fionntanáin do Shíoda mac Pilib agus dá chloinn .i. trí fichead bó.
Agus is mar seo tugadar na ba sin amach, i. dá fhichead bó ó Dhomhnall agus fiche bó ó Thadhg ar an bhfearann sin i bpáirt a chéile. Ní fhuil ar comas d’éanduine an fearann sin d’fhuasgladh acht do Shíoda nó dá chloinn ar a gcuid dílis féin d’athghamhnachaibh seasca na Bealtaine, nó a bhfágáil ionnlaogha um Fhéil’ Michíl.
Agus is iad fiadhain an ghill so do thabhairt amach .i. Dia ar tús, agus Seaán mac meic Mhathghamhna ó Ros Muineachair, agus Maoileachlainn mac Tomáis Mheic an Airchinnigh, agus Risdeard mac an Mhanaigh agus a mhac.
Agus as í aois an Tighearna an tan so, míle bliadhan agus cúig céad agus fiche bliadhan.
[in dorso:] Ag so sgríbhneóracht tug Tadhg na Buaile mac Fínghin Bhuidhe do Iarla Tuadhmhumhan as mo choinnisi an 11 do August 1612 Morrish O Mullconry
TRANSLATION
This is the summary of the pledge that Domhnall son of Seaán son of Domhnall and Tadhg na Buaile son of Cú Mhara son of Domhnall gave to Síoda son of Pilib and his sons for the half-quarter of Ceall Fionntanáin, i.e. sixty cows, and these cows were apportioned in this way: forty cows from Domhnall and twenty from Tadhg jointly for that land. And no-one may redeem that land except Síoda or his sons with their own cows that had been allowed to go dry in May or had been in calf since Michaelmas.
And the witnesses to the granting of this pledge are God in the first place, and Seaán son of the son of Mathghamhain from Ros mBeannchair, and Maoil Sheachlainn son of Tomás Mac An Airchinne, and Risteard son of An Manach.
And the age of our Lord at this time is 1520.
[in dorso:]
This is the written document that Tadhg na Buaile son of Finghean Buidhe gave to the Earl of Thomond in my presence, 11 August 1612 Morish O Mullconry
NOTES
4. ar a gcuid dilis fein Using their own resources or goods to redeem the land, not borrowing for that purpose.
athgamnachaibh See D3.3n.
6. Ros Muinechair Townland of Rossmanagher, par. Feenagh, Bar. Bunratty Lower, Co. Clare.
mac an Manaigh Possibly a surname, or perhaps Risteard’s father was a member of the community of Clare Abbey.