Foghlaim Scoláire-Lárnach i NTI na Sraithe Sóisearaí

Is taisce é teanga a fhoghlaim a leanfaidh a úinéir i ngach áit.

Seanfhocal Síneach

Leagan Amach An Lae

09:30 r.n. - 10:00 r.n. Fáilte agus Réamhrá don Lá

10:00 r.n. - 11:00 r.n. Pleanáil don Fhoghlaim

11:00 r.n. - 11:20 r.n. Sos Caife

11:20 r.n. - 1:00 i.n. An Fhoghlaim a Shoiléiriú

1:00 i.n. - 2:00 i.n. Lón

2:00 i.n. - 3:30 i.n. Foghlaim Ghníomhach a Fhiosrú

Fáilte

Fáilte agus Feidhmiúlacht

Cleachtfaimid roinnt feidhmiúlacht Zoom a theastaíonn don lá.

Intinní Foghlama don Lá

Táimid ag foghlaim faoi:

  1. Pleanáil don fhoghlaim trí chur chuige scoláire-lárnach a úsáid.

  2. Measúnú a ailíniú le gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama chun an fhoghlaim a bharrfheabhsú do gach scoláire.

Machnamh agus Freagairt

Ós rud é gur gníomhaíocht shóisialta agus gníomhaíocht phearsanta atá san fhoghlaim agus mar gur cuid lárnach de theanga í cumarsáid, is iomaí deis atá ag an scoláire agus é ag foghlaim teangacha oibriú le daoine eile ar mhaithe lena scileanna teanga a fhorbairt agus spriocanna cuí a bhaint amach.

(Sonraíocht NTI, lch. 4)


  1. Déan machnamh ar an spreagadh thuas.

  2. Tabhair freagra ar an Jamboard.

Ócáidí Machnaimh

Agus tú ag dul tríd an lá, tabharfar cuireadh duit a bheith ag machnamh ar an méid a chonaic tú go dtí seo.

Más mian leat, bain úsáid as na leideanna atá sa treoir mhachnaimh.