Rannpháirtíocht na Scoláirí:
Ionchais a Phlé
Leagan Amach an tSeisiúin
Ionchais foghlama i NTI na Sraithe Sóisearí
Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CTET)
Ócáid Chomhroinnte
Téacsanna a Shaothrú Tuilleadh
Ionchais Foghlama i NTI na Sraithe Sóisearí
Cad é a chabhraíonn lenár smaointeoireacht mar mhúinteoirí NTI agus muid ag plé ionchais obair na scoláirí?
Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha
(CTET)
CTET (A1/A2) a úsáid chun tuiscint bhreise a fháil ar ár n-ionchais do scoláirí ag deireadh na Sraithe Sóisearaí.
Smaoinigh ar ghnéithe cáilíochta na teanga labhartha agus scríofa ag leibhéal A1-A2.
Pléigh an méid a d'fhéadfadh an acmhainn seo cabhrú leat féin agus le do chomhghleacaithe NTI chun ionchais a phlé.
Smaoinigh cén chaoi a bhféadfaimis, mar mhúinteoirí, leas a bhaint as Eangach Féinmheasúnaithe CTET chun cahbrú le scoláirí monatóireacht a dhéanamh ar a ndul chun cinn féin.
Straitéis Scafláil Fuinnmheoir agus 6C
Téacsanna a Shaothrú Tuilleadh
Gníomhaíochtaí agus tascanna a chruthú chun cabhrú leis na scoláirí dul i ngleic le téacsanna barántúla
Céim 1: Gníomhaíochtaí agus Tascanna a Phlé
(10 nóim)
- Déan athmhachnamh ar an téacs seo a roghnaíodh ó sheisiún a haon
- Ag baint úsáid as an téacs seo, liostaigh gníomhaíochtaí agus tascanna féideartha chun foghlaim scoláirí a fhorbairt trí thorthaí foghlama ó shnáithe 2 a úsáid
Snáithe 1: Cumas Cumarsáide
Sa snáithe seo glacann an scoláire páirt i ngníomhaíochtaí agus i dtascanna teanga lena mbaineann na scileanna comhtháite teanga seo: éisteacht, léitheoireacht, labhairt, idirghníomhú cainte agus scríbhneoireacht.
Cliceáil an tsaighead chun na torthaí foghlama a fheiceáil
Éisteacht
1.1 topaic ghinearálta an chomhrá a shainaithint i dtopaicí coitianta nuair a chuirtear in iúl í go soiléir
1.2 focail agus frásaí atá bainteach le réimsí tábhachtacha agus taithí láithrí agus a úsáidtear go minic a aithint, lena n-áirítear an teanga a úsáidtear i ngnáth-idirghníomhaíocht sa seomra ranga
1.3 faisnéis shonrach a shainaithint i dtéacsanna a bhaineann le topaicí coitianta amhail fógraí, comhráite, míreanna simplí nuachta
1.4 spreagthaí fuaime ar nós amhrán, comhráite agus fógrán a fhoinsiú, a roghnú agus a chomhroinnt trí theicneolaíochtaí digiteacha cuí
Léitheoireacht
1.5 an bhrí atá le focail choitianta agus le frásaí coitianta a aithint, lena n-áirítear comharthaí agus fógraí laethúla in áiteanna poiblí
1.6 an bhrí ghinearálta atá le téacs ar thopaicí coitianta a thuiscint
1.7 faisnéis shonrach a shainaithint i raon téacsanna ina ndéileáiltear le topaicí coitianta
1.8 téacsanna dílse a fhoinsiú agus a úsáid chun topaicí ábhartha a fhiosrú trí raon meán
Labhairt
1.9 focail a fhuaimniú le dóthain cruinnis agus le tuin chainte chuí ionas go dtuigfear é
1.10 tuairiscí, cuir i láthair nó fógraí simplí ar thopaicí coitianta a chur in iúl
Idirghníomhú cainte
1.11 idirghníomhú i ngnáth-chomhráite le fuaimniú agus le tuin chainte atá soiléir go leor ionas go dtuigfear é agus le teanga neamhbhriathartha chuí
1.12 leaganacha múinte simplí, amhail beannachtaí, buíochas agus cur in aithne, a úsáid i gcásanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, agus freagairt go cuí dóibh
1.13 ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe, mothúcháin agus faisnéis a mhalartú ar thopaicí coitianta i gcúrsaí laethúla
1.14 uimhreacha a thuiscint agus iad a úsáid de réir mar is cuí i gcúrsaí laethúla, amhail siopadóireacht, uimhreacha a mhalartú, eachtraí a chur in ord
1.15 páirt a ghlacadh i ngnáth-idirghníomhaíocht sa seomra ranga amhail obair i mbeirteanna agus obair ghrúpa, ceisteanna a chur, páirt a ghlacadh i gcluichí agus i ngníomhaíochtaí teanga, cabhair agus athrá a iarraidh nuair is gá
1.16 cumarsáid a dhéanamh le daoine eile ó bhéal ach teicneolaíochtaí digiteacha ar nós na meán sóisialta a úsáid
Scríbhneoireacht
1.17 focail a scríobh agus abairtí gearra a chruthú go cruinn ar thopaicí laethúla ach meáin éagsúla (ríomhphoist, litreacha, blaganna, cártaí poist…) a úsáid
1.18 sraith frásaí agus abairtí atá ceangailte le nascóirí simplí amhail ach, agus, nó, mar a scríobh
1.19 téacsanna a chruthú5 faoi ghnéithe dá shaol agus faoi thopaicí a bhfuil spéis aige iontu, amhail teaghlach agus cairde, an scoil, laethanta saoire, gníomhaíochtaí fóillíochta, faisean, spórt, daoine mór le rá
1.20 tuairiscí gearra a scríobh faoi imeachtaí, faoi ghníomhaíochtaí agus faoi thaithí phearsanta a tharla san am atá thart, atá ag tarlú faoi láthair nó a tharlóidh amach anseo, mar aon le téacsanna samhlaíocha a scríobh
1.21 foirmeacha atá ábhartha dá aoisghrúpa agus dá thaithí a chomhlánú
1.22 téacsanna a tháirgeadh agus a chur in eagar agus idirghníomhú le daoine eile ach teicneolaíochtaí digiteacha cuí a úsáid
Snáithe 2: Feasacht Teanga
Sa snáithe seo déanann an scoláire anailís ar an gcaoi a n-oibríonn an sprioctheanga, déanann sé comparáid idir na teangacha atá aige (Béarla, Gaeilge agus/nó máthairtheanga) agus déanann sé machnamh ar a straitéisí foghlama teanga féin.
Cliceáil an tsaighead chun na torthaí foghlama a fheiceáil
Machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn an sprioctheanga
2.1 patrúin teanga amhail ord na bhfocal, an córas briathra, ainmfhocail, aidiachtaí agus gnásanna litrithe agus poncaíochta a aithint agus cur síos a dhéanamh orthu agus iad a úsáid
2.2 an fhoghlaim teanga ar fad a chur i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha, amhail dánta simplí, póstaeir, cur i láthair, cluichí agus drámaíocht a tháirgeadh
2.3 an chaoi a dtéann gnásanna inscne agus sóisialta i bhfeidhm ar úsáid na sprioctheanga a aithint
An sprioctheanga a chur i gcomparáid le teangacha eile atá ar eolas aige
2.4 cosúlachtaí agus difríochtaí a shainaithint idir fuaimniú, tuin chainte agus rithim na sprioctheanga agus fuaimniú, tuin chainte agus rithim teangacha eile atá aige
2.5 comparáid a dhéanamh idir gramadach agus stór focal na sprioctheanga agus iad sin i dteangacha eile atá aige, agus naisc agus idirdhealuithe á ndéanamh de réir mar is cuí
Machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhfoghlaimíonn sé teangacha
2.6 a straitéisí roghnaithe foghlama teanga a shainaithint, a chomhroinnt agus a mhíniú
2.7 monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar a fhoghlaim féin ach úsáid a bhaint as aiseolas a fhaigheann sé chun machnamh a dhéanamh ar ar gá dó a dhéanamh chun feabhas a chur air agus spriocanna a leagan síos le haghaidh feabhais
Céim 2: Gníomhaíochtaí agus Tascanna a Chruthú (20 nóim)
Ag baint úsáid as an téacs ó chéim 1, roghnaigh torthaí foghlama ó shnáithe 1 agus ó shnáithe 2 chun gníomhaíocht nó tasc a chruthú do ghrúpa 1ú bhliain.
B'fhéidir gur mhaith leat ceann de na huirlisí digiteacha seo a úsáid.