Scoláirí a Fhorbairt mar Fhoghlaimeoirí Neamhspleácha

Intinní Foghlama

Táimid ag iniúchadh:

1. conas cabhrú lenár scoláirí cumarsáid a dhéanamh go cruthaitheach

2. conas eispéiris foghlama a scafláil ionas go mbeidh rochtain ag gach scoláire orthu agus go dtabharfar a ndúshlán

3. conas ár scoláirí a fhorbairt tuilleadh mar fhoghlaimeoirí neamhspleácha

Leagan Amach Sheisiún 3

14:00 - 14:10 Scoláirí a Fhorbairt mar Fhoghlaimeoirí Neamhspleácha

14:10 - 14:30 Scoláirí a Mhealladh sa Phróiseas Aiseolais

14:30 - 14:45 Ag Obair le hAiseolas chun Cabhrú le Foghlaim na Scoláirí

14:45 - 15:00 Punann Teanga na Scoláirí

15:00 - 15:20 Seasamh Siar chun Breithniú: Inár Roinn NTI

15:20 - 15:30 Conclúid agus Aiseolas



Scoláirí a Fhorbairt mar Fhoghlaimeoirí Neamhspleácha

14:00 - 14:10



Éist lenár gcomhaltaí agus roinnt dá scoláirí ag labhairt faoin gcaoi a dtacaítear sa seomra ranga le cumas na scoláirí úinéireacht a ghlacadh ar a gcuid foghlama agus neamhspleáchas a fhorbairt ina gcuid foghlama.

An Seomra ar an Imeall: Scoláirí a Mhealladh sa Phróiseas Aiseolais

14:10 - 14:30

Ainmnígí urlabhraí

  • Roghnaígí bhur dteanga NTI ó na barraí glasa a thabharfaidh chuig Padlet sibh maidir le haiseolas

  • Cuirigí le chéile príomhphointí bhur bplé lena roinnt.

Leideanna

  • Conas is féidir leas a bhaint as na critéir ratha chun cabhrú le haiseolas piaraí?

  • Conas is féidir leas a bhaint as na critéir ratha chun cabhrú le féinmheasúnú?

Ag Obair le hAiseolas chun Cabhrú le Foghlaim na Scoláirí

14:30 - 14:45

🕓Ar bhonn aonair

Conas is féidir le lúb an aiseolais cabhrú le foghlaim gach scoláire i mo sheomra ranga?

Plé

Conas a chabhraím le mo scoláirí a gcuid aiseolais a úsáid chun a gcuid foghlama a chur chun cinn?

🕓 Ar bhonn aonair

Acmhainn chun cabhrú le machnamh na scoláirí i seomra na Nuatheangacha Iasachta

Punann Teanga na Scoláirí

14:45 - 15:00

Díríonn punann teanga na scoláirí ar phróiseas foghlama na teanga agus cuireann sí an foghlaimeoir i lár an teagaisc, an mheasúnaithe agus na foghlama. Tugann sí deis don scoláire NTI spriocanna foghlama pearsanta a leagan síos

Trí úsáid a bhaint as punann teanga na scoláirí, tacaíonn sí le measúnú foirmitheach sa seomra NTI agus ligeann sí do scoláirí a gcuid éachtaí foghlama teanga a thaispeáint

Foghlaimíonn na scoláirí go leor ón bpróiseas sealbhaithe teanga nuair a mhúintear dóibh conas punann a úsáid chun doiciméadú agus machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama. Caithfidh siad muinín a fhorbairt san idirghníomhaíocht agus feasacht ar an bpróiseas sealbhaithe teanga.

(Sonraíocht Nuatheangacha Iasachta, leathanach 21)

Jamboard

  • Ar scála 1 go 10, smaoinigh ar an áit a bhfuil tú i bhforbairt Phunann Teanga na scoláirí chun cabhrú le foghlaim na scoláirí i do ranganna sa tSraith Shóisearach

🕓 Ar bhonn aonair

Breithnigh na leideanna machnaimh sna trí roghchlár anuas maidir le Punann Teanga na scoláirí

Tús a Chur Leis

  • Conas a eagraímid go fisiciúil ár bPunann Teanga do Scoláirí?

  • An mbeidh ár bPunann Teanga do Scoláirí digiteach nó ina mheascán de pháipéar agus digiteach?

  • Cé a ghlacfaidh freagracht as Punann Teanga na Scoláirí a bhainistiú?

Faoi lánseol

  • An bhfuil spás sa phunann inar féidir le scoláirí a gcuid foghlama a oibriú agus ciall a bhaint aisti?

  • An bhfuil córas ann do scoláirí a gcuid foghlama a eagrú ar a mbealach uathúil féin?

  • An bhfuil córas ann do scoláirí lena gcuid éachtaí agus a rath ina gcuid foghlama a chur le chéile agus a cheiliúradh?

  • Mar phobal foghlama, conas a chinntímid go ndéantar bainistiú cuí ar Phunann Teanga gach scoláire chun cur le hócáidí an mheasúnaithe chomhtháite shuimithigh?

Ag bogadh ar aghaidh

  • Cad iad na straitéisí agus na huirlisí atá curtha isteach againn chun cabhrú le machnamh na scoláirí?

  • Cad iad na straitéisí agus na huirlisí atá curtha isteach againn chun cabhrú le socrú spriocanna na scoláirí?

  • Conas a mheall muid scoláirí a bheith freagrach as a nótaí féin a bhainistiú agus úinéireacht a ghlacadh air sin?

  • Conas a mheall muid scoláirí aiseolas a rianú agus a bhainistiú chun cabhrú lena gcuid foghlama?

  • Mar phobal foghlama, an bhfuil Punanna Teanga na Scoláirí solúbtha go leor chun ligean d'fhoghlaimeoirí cinntí aonair a dhéanamh a chabhraíonn lena gcuid foghlama?

  • Conas a d'fhéadfainn leas a bhaint as Punann Teanga na Scoláirí chun cabhrú le measúnú agus tuairisciú?

An Seomra ar an Imeall:

  • Roghnaigh an seomra ar an imeall is fearr a fhreagraíonn do do chleachtas maidir le Punann Teanga na scoláirí

Leideanna

  • Pléigh na leideanna sa roghchlár anuas ábhartha

  • Socraigh réimse amháin fócais chun Punann Teanga na Scoláirí a fhorbairt tuilleadh i do chleachtas

Seasamh Siar le Breithniú: Inár Roinn NTI

15:00 - 15:20

An Seomra ar an Imeall:

  • In bhur Roinn NTI, breithnígí:

  • Cad é a chonaic muid a thacaíonn le forbairt na scoláirí mar fhoghlaimeoirí neamhspleácha?

  • conas a d'fhéadfaimis Punann Foghlama na Scoláirí a fhorbairt tuilleadh chun cabhrú le foghlaim na scoláirí?

Comhlánaigh an 3 - 2 - 1seo a leanas:

  • Trí rud a dhéanfaidh mé chun cabhrú tuilleadh le scoláirí cumarsáid a dhéanamh le níos mó neamhspleáchais, muiníne agus cruthaitheachta

  • Dhá rud a dhéanfaidh mé chun rochtain agus dúshlán a chinntiú do gach scoláire ina gcuid foghlama

  • Rud amháin a dhéanfaidh mé chun piarmheasúnú a fhorbairt tuilleadh chun cabhrú le foghlaim na scoláirí.

Clabhsúr agus Aiseolas

15:20 - 15:30

Merci | Danke | Grazie | Gracias

Tacaíocht agus Tuilleadh Eolais : www.jct.ie

info@jct.ie

@jctMFL