Máirt na Múinteoirí

TÉARMA 2

Scoilbhliain 2021/22


Tá clár cuimsitheach eagraithe againn le tabhairt faoi riachtanais na hearnála sa scoilbhliain seo. Tá béim mhór curtha ar athghreim ar an teanga agus ar an fhoghlaim mar gheall ar thionchar na paindéime Covid. Bíonn an chuid is mó de na ceardlanna ar siúl ar an Mháirt ó 3.30in – 4.15in. Bíonn na seisiúin gairid agus dírithe ar ghnéithe agus ar straitéisí is féidir leat a úsáid i do rang láithreach.

Cliceáil thíos faoi gach ceardlann nó ar íomhá na ceardlainne chun tuilleadh eolais a fháil.

8 Feabhra

Cruinneas & Saibhreas Teanga ( Ceardlann 1 )

22 Feabhra

An Coirnéal Cúraim

1 Márta

Ról Cúntóirí in Athghreim na Teanga

8 Márta

Cruinneas & Saibhreas Teanga ( Ceardlann 2 )

29 Márta 2022

Athchuairt ar an Seomra Nuachta

12 Aibreán

Cruinneas & Saibhreas Teanga ( Ceardlann 3 )

Na Ceardlanna

Dé Máirt 8 Feabhra 2022

Cruinneas & Saibhreas Teanga - Ceardlann 1 3:45 i.n. – 4:30 i.n

  • Teideal: Cruinneas agus Saibhreas Teanga – Ceardlann 1

  • Data: Dé Mairt 8 Feabhra 2022

  • Am: 3.45in - 4.30in

  • Dírithe ar: Gach Eochairchéim - múinteoirí agus cúntóirí (a bhfuil líofacht acu)

  • Tuilleadh eolais faoin cheardlann: Cuirfidh an Dochtúir Pádraig Ó Coileáin an cheardlann seo i láthair. Is í seo an chéad cheardlann ar ‘Cruinneas agus Saibhreas Teanga’ as cúig cinn. Is múinteoir Gaeilge é Pádraig le breis is 20 bliain de thaithí. Is saineolaí é ar chruinneas agus ar shaibhreas na teanga agus le linn na gceardlann beidh sé ag díriú isteach ar mhórghnéithe teanga/gramadaí agus ar mheancóga coitianta is neamhchoitianta. Cuideoidh na ceardlanna seo go mór le múinteoirí na hearnála.


Dé Máirt 22 Feabhra 2022

An Coirnéal Cúraim 3:30 i.n. – 4:15 i.n.

  • Teideal: An Coirnéal Cúraim – Ceardlann 2

  • Data: Dé Mairt 22 Feabhra 2022

  • Am: 3.30in - 4.15in

  • Dírithe ar: Múinteoirí atá ag tús a ngairme

  • Tuilleadh eolais faoin cheardlann: Tabharfaidh an cheardlann seo seans do mhúinteoirí, atá ag tús a ngairme, réimse leathan de ghnéithe a phlé a bhaineann leis an cheird s’againn.

Thig leis an turas ag tús do ghairme bheith dúshlánach ar chuid mhór dóigheanna, go háirithe agus muid faoi smacht na paindéime COVID, agus is minic a bhíonn neart ceisteanna againn nó comhairle de dhíth orainn ar réimse leathan ábhar.

Mar sin de, ba bhreá linn tú bheith linn ag an cheardlann. Beidh seans agat bualadh le múinteoirí eile atá nua ar an ghairm agus seans iontach agat ceisteanna a chur, comhairle a fháil agus eolas a roinnt. Más múinteoir tú atá úr ar an cheird nó ar an earnáil nó atá ag obair san earnáil le cúpla bliain anuas tá fearadh na fáilte romhat.

Dé Máirt 1 Márta 2022

Ról Cúntóirí in Athghreim na Teanga 3:30i.n. – 4:15 i.n.

  • Teideal: Ról Cúntóirí in Athghreim na Teanga Labhartha – seisiún dátheangach

  • Data: Dé Máirt 1 Márta 2022

  • Am: 3.30in - 4.15in

  • Dírithe ar: Gach Eochairchéim

Tuilleadh eolais faoin cheardlann: Sa cheardlann seo beidh muid ag amharc ar an ról an tábhachtach atá ag cúntóirí ranga in athghreim na teanga agus in athghreim na foghlama. Beidh muid ag fiosrú agus ag foghlaim faoin dóigh is fearr le tabhairt faoi gach seans foghlama do na páistí. Bíodh sin sa seomra ranga, an bhealach isteach chuig an scoil ar maidin, an bhealach chun na bialainne/na leabharlainne agus ar ais, ag deireadh an lae srl. Bíodh sin agus iad i mbun pinn nó ag léamh. Cuirfear béim mhór ar úsáid: rímeanna/dánta/amhráin le cuidiú leis an athghreim. Fosta, amharcfaidh muid ar straitéisí is féidir a úsáid sa chlós, atá ina áit an-tábhachtach don athghreim.

This workshop will look at the hugely important role that our classroom assistants play in the recovery of language and learning. We will look at the best ways to take advantage of every single opportunity for the children to learn for eg. in the classroom, on the way into the school building in the morning, on their way to and from the canteen, library, yard, at the end of the day etc. We will also look at ways to best support reading and writing and the way in which rhyme/poetry/song can support the recovery. In addition, we will look at strategies that can be used in the school yard in the morning, at break time and during lunch.

Dé Máirt 8 Márta 2022

Cruinneas & Saibhreas Teanga - Ceardlann 2 3:45 i.n. – 4:30 i.n.

  • Teideal: Cruinneas agus Saibhreas Teanga – Ceardlann 2

  • Data: Dé Máirt 8 Márta 2022

  • Am: 3.45in - 4.30in

  • Dírithe ar: Gach Eochairchéim - múinteoirí agus cúntóirí (a bhfuil líofacht acu)

  • Tuilleadh eolais faoin cheardlann: Cuirfidh an Dochtúir Pádraig Ó Coileáin an cheardlann seo i láthair. Is í seo an dara ceardlann ar ‘Cruinneas agus Saibhreas Teanga’ as cúig cinn. Is múinteoir Gaeilge é Pádraig le breis is 20 bliain de thaithí. Is saineolaí é ar chruinneas agus ar shaibhreas na teanga agus le linn na gceardlann beidh sé ag díriú isteach ar mhórghnéithe teanga/gramadaí agus ar mheancóga coitianta is neamhchoitianta.


.

29 Márta 2022

Athchuairt ar an Seomra Nuachta 3.30 i.n. - 4.15 i.n.

  • Teideal: Athchuairt ar an seomra Nuachta

  • Data: Dé Máirt 29 Márta 2022

  • Am: 3.30in - 4.15in

  • Dírithe ar: EC1 agus 2

  • Tuilleadh eolais faoin cheardlann: Athchuairt ar na príomhghnéithe den Seomra Nuachta agus forbhreathnú gasta ar na hathruithe a rinneadh ar SN ó reáchtáladh an cheardlann oiliúna dheireanach ina thaobh. Cleasa agus leideanna le húsáid éifeachtach a bhaint as laistigh agus lasmuigh den Seomra Ranga. Súil ghasta ar rogha bheag d’ailt agus d’ábhair a luífeadh go deas le réimsí éagsúla den churaclam.


12 Aibreán 2022

Cruinneas & Saibhreas Teanga - Ceardlann 3 3:45 i.n. – 4:30 i.n.

  • Teideal: Cruinneas agus Saibhreas Teanga – Ceardlann 3

  • Data: Dé Máirt 12 Aibreán 2022

  • Am: 3.45in - 4.30in

  • Dírithe ar: Gach Eochairchéim - múinteoirí agus cúntóirí (a bhfuil líofacht acu)

  • Tuilleadh eolais faoin cheardlann: Cuirfidh an Dochtúir Pádraig Ó Coileáin an cheardlann seo i láthair. Is í seo an tríú ceardlann ar ‘Cruinneas agus Saibhreas Teanga’ as cúig cinn. Is múinteoir Gaeilge é Pádraig le breis is 20 bliain de thaithí. Is saineolaí é ar chruinneas agus ar shaibhreas na teanga agus le linn na gceardlann beidh sé ag díriú isteach ar mhórghnéithe teanga/gramadaí agus ar mheancóga coitianta is neamhchoitianta.