Teideal: Cruinneas agus Saibhreas Teanga – Ceardlann 5
Dáta: Dé Máirt 7 Meitheamh 2022
Am: 3.45in - 4.30in
Dírithe ar: Gach Eochairchéim - múinteoirí agus cúntóirí (a bhfuil líofacht acu)
Tuilleadh eolais faoin cheardlann: Cuirfidh an Dochtúir Pádraig Ó Coileáin an cheardlann seo i láthair. Is í seo an cúigiú ceardlann ar ‘Cruinneas agus Saibhreas Teanga’. Is múinteoir Gaeilge é Pádraig le breis is 20 bliain de thaithí. Is saineolaí é ar chruinneas agus ar shaibhreas na teanga agus le linn na gceardlann beidh sé ag díriú isteach ar mhórghnéithe teanga/gramadaí agus ar mheancóga coitianta is neamhchoitianta.