Teideal: Ról na gCeannairí Foghlama i Monatóireacht agus Meastóireacht na Foghlama - CUID 1
Dáta: Dé Céadaoin 27 Aibreán 2022
Am: 3.30in - 4.15in
Dírithe ar: Gach Eochairchéim
Tuilleadh eolais faoin cheardlann: Tá an cheardlann seo dírithe ar cheannairí na hearnála. Díreofar ar ghnéithe ceannasaíochta a bheadh amhlaidh ag ceannaire curaclaim ar bith agus déanfar tagairt ar shamplaí ó na croíachair, Litearthacht agus Uimhearthacht ach go háirithe. Sa cheardlann áirithe seo ( Cuid 1), beidh faill ag rannpháirtithe príomhdhualgaisí comhordaitheora a fhiosrú agus beidh fócas ar leith ar Mheastóireacht agus ar Mhonatóireacht. Cuideoidh seo le ceannairí sna Gaelscoileanna meastóireacht a dhéanamh ar obair na bliana agus ar shealbhú teanga agus foghlama.
Beidh ceardlann eile (Cuid 2) ar fáil i Mí Mheithimh a dhéanfaidh forbairt ar ábhar Cuid 1.
Tabhair faoi deara go bhfuil an cheardlann seo ar siúl ar an Chéadaoin.