Cartlann

'Sáite i Saibhreas na Seanfhocal'

le Breandán Ó Fiaich


i gcomhair le 'Máirt na Múinteoirí'


Tá fáilte mhór romhat chuig 'Sáite i Saibhreas na Seanfhocal' atá curtha le chéile agus i láthair ag Breandán Ó Fiaich.

Ar fad tá 40 seanfhocal ar fad ann. Tá súil againn go mbainfidh tú sult agus tairbhe as an chartlann. Cliceáil ar an fhíseán míniúcháin thíos.

Intreoir_Seanfhocail.mp4

Seanfhocal 1-40

Seanfhocal 1

Is fearr uaigneas maith ná droch-chuideachta

Seanfhocal 2

Mar a bhíonn an cú mór bíonn an coileán

Seanfhocal 3

An rud a tchí an leanbh ghní an leanbh

Seanfhocal 4

Sciordann éan as gach ealt

Seanfhocal 5

Is fearr cara sa chúirt ná pingin sa sparán

Seanfhocal 6

Tá mé mar is olc le mo chara agus mar is maith le mo namhaid

Seanfhocal 7

Is fearr an t-imreas ná an t-uaigneas

Seanfhocal 8

Is fann gualainn gan bhráthair

Seanfhocal 9

Is deartháir don tsac an mála

Seanfhocal 10

An sop in áit na scuaibe

Seanfhocal 11

Má bhuaileann tú mo mhadadh buaileann tú mé féin

Seanfhocal 12

Is fearr an tsláinte ná na táinte

Seanfhocal 13

Nuair a bhíonn an t-ól istigh, bíonn an chiall amuigh

Seanfhocal 14

Faigheann cos ar shiúl rud nach bhfaigheann cos ina cónaí mura mbíonn ann ach an dealg féin

Seanfhocal 15

Níl aon tinteán mar do thinteán féin

Seanfhocal 16

Bíonn an tríú huair sona

Seanfhocal 17

Is glas na cnoic i bhfad uainn ach más glas ní féarmhar

Seanfhocal 18

Má tá do chosa maith go leor tá tusa maith go leor

Seanfhocal 19

Is maith an t-anlann an t-ocras

Seanfhocal 20

Misneach leath an chatha

Seanfhocal 21

Is méanar don té a éisteas mórán agus a chanas beagán

Seanfhocal 22

Is fearr rith maith ná drochsheasamh

Seanfhocal 23

Is fearr lúbadh ná briseadh

Seanfhocal 24

Faigheann foighid fortacht

Seanfhocal 25

Mura gcuirfimid san earrach ní bhainfimid san fhómhar

Seanfhocal 26

Ní hé lá na gaoithe lá na scolb

Seanfhocal 27

Ná déan nós agus ná bris nós

Seanfhocal 28

Is deise cabhair Dé ná an doras

Seanfhocal 29

Is fearr a bheith amuigh as an tír ná a bheith amuigh as an fhaisean

Seanfhocal 30

Is maith an t-iománaí an fear atá ar an chlaí

Seanfhocal 31

Má ghreamaíonn tú de shalachar greamóidh salachar duit

Seanfhocal 32

Is deacair corrán maith a fháil do dhrochbhuanaí

Seanfhocal 33

Tús maith leath na hoibre

Seanfhocal 34

Is fearr go mall ná go brách

Seanfhocal 35

Is fearr a bheith in am ná a bheith in an-am

Seanfhocal 36

Dá mbeadh a fhios ag duine a leas, ní dhéanfadh sé a aimhleas

Seanfhocal 37

Tiubh na lámh déanann siad an obair éadrom

Seanfhocal 38

Gach éan mar a oiltear é

Seanfhocal 39

Doras

feasa fiafraí

Seanfhocal 40

Lá níos sine lá níos eolaí