News‎ > ‎

Cuairt ar Reilig Ghlas Naíon

posted 28 Mar 2019, 02:53 by Fionnuala Timlin   [ updated 28 Mar 2019, 02:58 ]
Thug daltaí ón gCúigiú Bliain cuairt ar Reilig Ghlas Naíon (Glasnevin Cemetery) an tseachtain seo caite.  Thug an treoraí turais (tour guide), Paddy, an turas dúinn as Gaeilge. Dúirt sé linn go bhfuil 1.6 milliún duine curtha (buried) i Reilig Ghlas Naíon. 

I measc na n-uaigheanna atá sa reilig, chonaiceamar uaigh an Phiarsaigh (Patrick Pearse’s grave), uaigh an Choileánaigh (Michael Collin’s grave) chomh maith le huaigh Daniel O’Connell, Eamon DeValera agus Maude Gonne. 

Thugamar cuairt ar olluaigh (mass grave) ina bhfuil Stewart Parnell curtha inti chomh maith le 10,000 duine eile. Ina theannta sin, chonaiceamar an leac chuimhneacháin (memorial) atá sa reilig do cheannairí Éirí Amach na Cásca 1916 fresin. 

Bhain gach duine taitneamh as an turas agus mholfaimis (we would recommend) an turas a dhéanamh do gach aon duine.



 
Comments